AGALLAMH BEO
An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh
Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí

Seachtain i ndiaidh Ard-Fheis Shinn Féin, cheistigh Seosamh Mac Muirí an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh faoi na constaicí atá roimh a pháirtí, faoin déine, cás Uí Lubhlaí agus faoi mhórán gnéithe eile nach iad.

Íomhá
An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh
Íomhá
Trevor & Sandra Mc Lellan TD ag an Irish Refugee Council
Íomhá
Sinn Féin ag caint le Lucht Bainte na Móna
Íomhá
Trevor le Peadar Tóibín agus Mairéad Farrell i nGaillimh
Íomhá
Ag agóidíocht faoi mhaoiniú na mbancanna
Íomhá
Ag labhairt i nGaillimh
(Uniting Ireland)
Íomhá
Obair
Íomhá
A.D. 2016 le Pádraig Standún
(Leabhar Breac)
Íomhá
D'ainneoin na báistí, léirsiú
Íomhá
Beirt na Gaeltachta le Gearóid Mac Adhaimh
(grianghraf Mark Moloney)

Bhí lár na seachtaine curtha isteach ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh san ardchathair ach is iad gnóthaí Chonamara atá á ngrinneadh aige inniu, Dé hAoine, ar an gCeathrú Rua.

SMacMuirí: Tá fáilte romhat go Beo.ie a Trevor. Thosaigh tú arú anuraidh. Cén dearcadh atá agat anois ar shaol an tSeanadóra agus ar Sheanad Éireann?

Trevor Ó Clochartaigh: Go raibh maith agat. Is dóigh liom nach raibh mórán eolais a’m ar Sheanad Éireann ná ar a bheith i do sheanadóir roimhe seo ach go raibh fhios a’m roinnt daoine a chuaigh romham, Nioclás Ó Conchobhair agus Pól Ó Foighil mar a déarfá, agus níor thuig i ndáiríre cén bunús a bhí acub ó thaobh a bheith ag ceapadh reachtaíochta agus mar sin de, ach tá tuiscint i bhfad níos fearr a’m anois ar an ról poiblí.

Caithfidh mé a rá gur obair í a thaitníonns go mór liom. Is pribhléid iontach mór é agus bím buíoch gach a dtéim ann go bhfuil an deis a’m a bheith ann ar son an phobail as a dtagaim agus an phobail níos leithne. B’fhéidir nach dtuigfeadh daoine – tá teachtaí dála ag teacht as toghcheantair faoi leith, Gaillimh Thoir, Gaillimh Thiar, nó Maigh Eo, nó rud éicint mar sin, - ach nuair atá tú i do sheanadóir, tá tú in ainm is a bheith ag freastal ar phobal uile na tíre. Is iontach go deo an onóir é, is iontach go deo an deis é, tá tú istigh in áit ársa, iontach stairiúil a bhfuil go leor taibhsí ag imeacht thart ann.

Ag an am céanna, an rud is maith liom, nuair a fheiceann tú gnáthdhaoine as Conamara, nó as áit éicint eile, ag dul isteach i dTeach Laighean agus deirim i gcónaí go bhfuil fáilte rompu - tugaim tacaíocht do na turasanna scoile, do dhreamanna pobail, a ghabháil suas agus siúl thimpeall ann - mar deirim gur leob an áit sin.

Níor chóir go mbeadh aon uasalaicme agus ísealaicme ann. Ní ghlacaim le sin. Chuile shaoránach ar fud an oileáin seo, tá baint acub le Teach Laighean, tá siad ag íoc as agus ba chóir go dtuigfidís cén obair atá ar siúl ann.

Bíonn muid ag plé le reachtaíocht ó lá go lá, ach is tábhachtaí go dtugann sé ardán duit mar ionadaí poiblí labhairt agus ceisteanna a ardú ar son do phobail, ceisteanna a bhrú le hairí éagsúla agus é a úsáid mar dheis poiblíochta ar na rudaí atá ag déanamh tinnis do dhaoine. Mura mbeadh sé sin ann níorbh fhiú a bheith ann.

Buntáistí an tSeanaid

SMM: Ní bheifeá ar son an Seanad a scor mar sin?

TÓC: Ní bheadh i ndáiríre. Tá mé go láidir ar son leasú ar an Seanad agus ar an gcaoi a bhfuil an Seanad ag feidhmiú. Sílim go bhféadfadh sé feidhmiú i bhfad i bhfad níos éifeachtaí.

Sílim go bhfuil an córas ina dtoghtar daoine an-amscaí ar fad. Ba chóir breathnú aríst ar sin. Ach níor mhaith liom nach mbeadh ann ach an Dáil ag plé le reachtaíocht. Níor mhaith liom an chumacht sin ar fad a fhágáil ag an Dáil. Sílim go mbíonn an caighdeán díospóireachta sa Seanad i bhfad níos fearr ná an Dáil. Tá daoine ann le tuairimí éagsúla nach dtagann ón saol polaitiúil de ghnáth, daoine a thugann an-léargas ó thaobh na gcúiseanna a thagann isteach, ag brath ar an saineolas atá acub.

De bharr go bhfuil sé i bhfad níos lú ná an Dáil, bíonn deis a’t i bhfad níos fearr ar na hAirí. Bíonn deis a’t idirbheartaíocht a dhéanamh, caibidil agus díospóireacht níos fearr a dhéanamh ar na hachtannaí a thaganns tríd. Sílim go bhfuil an spleách a thugann an Seanadh ar an reachtaíocht iontach tábhachtach. Má táimid ag cur dlí tíre i bhfeidhm, tá sé tábhachtach nach ritear, a gcaithfear thríd an Dáil, an-sciobtha agus gan mórán cíoradh a dhéanamh faoi, rud atá ag tarlú i láthair na huaire de bharr go bhfuil an móramh chomh mór ag an rialtas.

Tá méid áirid reachtaíochta á thionscnamh thríd an Seanad. Réimse amháin a bhfuil an-suim a’m féin ann, an cóiriú díreach nó an direct provision. Baineann sé seo le daoine atá ag lorg tearmainn sa tír seo agus tá roinnt seanadóirí againn atá ag brú na ceiste seo chun cinn ins an Seanad. Ní dóigh go mbrúfaí ceist dá cineál chun cinn sa Dáil mar ní ceist mhór pholaitíochta é. Níl mórán vótaí le gnóthachtáil ag duine ar bith as. Sílim go bhfuil ról ag an Seanad breathnú ar cheisteanna, níos leochaillí, b’fhéidir, nó nach bhfuil chomh polaitiúil ó thaobh aird an phobil.

Cúlra agus Lucht Teoirice

SMM: An raibh cúlra poblachtach agat nó ar eachtra ar leith ba chionsiocair leis athrú a rinne tú ó Pháirtí an Lucht Oibre go Sinn Féin?

TÓC: Ní raibh cúlra polaitiúil ar bith a’m gan trácht ar chúlra poblachtach. Ba iascairí agus ba ghliomadóirí mo shin-sheanathair agus mo sheanathair. D’imigh m’athair is mo mháthair go Sasana ar imirce mar gheall nach raibh aon obair sa mbaile agus go raibh siad ag iarraidh saol a dhéanamh dóibh féin. Rugadh muid i Sasana agus mar gheall go raibh an tseanmhuintir amach in aois, tháinig muid abhaile le haire a thabhairt dóib sin.

Deireanach go maith, le bheith fíreannach faoi, a thosaigh mé féin ag cur suime sa bpolaitíocht. Nuair a thosaigh mé ag déanamh obair pobail, nuair a bhí gasúir a’m féin, thosaigh mé ag breathnú thimpeall orm féin a rá, “ab ’eod é an cineál tíre a bhfuil mé ag iarraidh mo chuid gasúr a thógáilt aníos ann?”

Mar gheall ar an aithne a bhí a’m ar Michael D. Higgins, chuaigh mé i dtreo Pháirtí an Lucht Oibre. Is fear é a raibh an-mheas a’m air. Chuaigh mé ag léamh faoin bpáirtí. Bhí na dréachtaí scríofa go maith, ach fuair mé amach ina dhiaidh sin nach raibh na polasaithe á gcur i gcrích agus bhí díomá orm leis an bpáirtí. B’fhacthas dom go raibh go leor troid inmheánach ins an bpáirtí go háitiúil, nach raibh siad ag cur mórán suime ins an nGaeilge ná ins an nGaeltacht go háirid agus gur chaint is mó a bhí ins na polasaithe a bhí ann. Bhí go leor daoine as an saol acadúil a bhí go maith as agus tugaimse ‘theoretical socialists’ nó sóisialaithe teoiriciúla orthu. Daoine a cheap go raibh an teoiric go maith ach i ndáiríre, dá dtiocfadh sé chuige go raibh orthub a gcuid maoine a roinnt amach le daoine a bhí níos measa as, nach mbeadh an oiread sin deifir orthub é sin a dhéanamh.

Cé go bhfuil roinnt mhaith daoine i bPáirtí an Lucht Oibre a thaganns ó chúlra lucht oibre agus ó chúlra an cheardchumannachais, bhraith mé nach raibh siad i ndáiríre faoin méid a bhí siad a rá agus an méid a bhí siad a dhéanamh.

Ag breathnú siar, tá mé cinnte go ndearna mé an cinneadh ceart, mar tá sé le feiceáil ó thaobh rialtais anois go raibh an ceart a’m sa gcinneadh a thóg mé. Bhí cuid mhaith bladair, go háirid ó thaobh ceannairí an pháirtí, faoi céard a dhéanfaidís nuair a thiocfaidís isteach sa rialtas, ach nuair a thángadar isteach i rialtas, a mhalairt ar fad atá tarlaithe agus níor sheas siad leis na bunphrionsabail a mheas mise a bhí tábhachtach.

D’fhág mé an pholaitíocht ansin agus ní raibh sé i gceist a’m teacht ar ais sa bpolaitíocht ach go dtáinig ionadaithe ó Shinn Féin chun cainte liom mar go raibh siad ag iarraidh iarraitheora sa taobh seo tíre i gConamara. Caithfidh mé a rá go raibh drogall orm dul ag plé le polaitíocht arís, go háirid ó thaobh a bheith ag tógáil clainne agus mar sin de. Rinneamar an t-uafás cainte ar chuile ní sular thóg mé an chéim m’ainm a chur chun cinn agus ballraíocht a ghlacadh. Tá mé iontach sásta go ndearna mé sin, go seasann Sinn Féin don rud a gcreideann siad ann agus sílim gur léir sin ón stair atá ag an bpáirtí.

Seanchairde

SMM: Meas tú ón aithne atá agat ar bhallraíocht Pháirtí an Lucht Oibre, an bhfuil ina measc duine thall is abhus a bhrisfeas amach in aghaidh an dúnghaois déine seo i mbliana?

TÓC: Sílim go bhfeicfimid cuid mhaith. Bím ag caint le cosmhuintir an Lucht Oibre i nGaillimh go rialta agus tá an-mheas a’m ar chuid mhaith acub. Níor thit mé amach le haon duine riamh cé gur fhág mé an páirtí. Sílim go bhfuil déistin ar chuid mhaith faoin chaoi a bhfuil an cheannaireacht ag tógáil an pháirtí. Labhraím leis na hionadaithe tofa freisin agus tá alltacht ar chuid acu faoin méid atá ag tarlú. Má ghéaraíonn an ghéirchéim idir na ceardchumainn agus páirtí, sílim go bhfeicfimid cúlbhinseoirí ag seasamh suas agus a rá nach bhfuil siad ag dul an treo sin. Dá thúisce a tharlaíonn sé is fearr é.

SMM: D’eascair an-líon páirtithe agus gluaiseachtaí as Sinn Féin le 90 bliain anuas, ó Chumann na nGaedhael, Fianna Fáil agus Clann na Poblachta, Saor Uladh, Saor Éire, Páirtí na nOibrithe, an IRSP, Flaitheas na 32 Co., Éirigí, Sinn Féin Poblachtach agus Sinn Féin. Cé na difríochtaí atá idir sibh agus an móramh, go deimhin, acu sin a chuaigh isteach sa Dáil ó dheas nó i Stormont ó thuaidh?

TÓC: Tá cuid mhaith de na bunphrionsabail mar a chéile. Is é bunrud an phoblachtánachais go mbeadh cothroime, ceart agus cóir, is cuma cén cúlra, inscne, is cuma cén dath atá ar a gcraiceann, is cuma cá gcónaíonn siad, ach gur chóir go mbeadh an fáil nó an rochtain chéanna acub agus na deiseanna céanna acub ar theach, díon a chur os cionn a gcloigne, fostaíocht a fháil, deis ar shláinte, ar oideachas agus mar sin de. Táimid imithe go hiomlán i dtreo na polaitíochta reachtúla ó thaobh Éire shaor 32 contae a chur chun cinn agus tá droim láimhe tugtha go hiomlan don láimh láidir sa bpróiséas sin ar fad. Tugtar aitheantas don dream a throid ar son saoirse na hÉireann, ach táimid imithe i dtreo Éire aontaithe a bhaint amach trí mhodhanna polaitíochta amháin agus táimid dírithe ar sin go hiomlán.

Cuid de na dreamanna a luaigh tú, tá cuid mhaith de na bunphrionsabail ag na daoine sin, ach feictear dúinn go gcaithfear na forais atá ar an oileán seo a úsáid leis an bhfeachtas sin a chur chun cinn. Tá cuid de na dreamanna a luaigh tú, nach dtugann aitheantas do Dháil Éireann, nó do fhorais eile. Níl siad sásta nach bhfuil sé ar bhonn uile-Éireann, ach dar linne, má táimid le freastal ar na pobail as a dtagaimid agus seasamh ar son a gcearta siúd, caithfimid ár gcás a chur chun cinn i bhfoirm ionadaithe poiblí atá stuama, oilte, deisbhéalach, atá in ann taighde a dhéanamh agus cás a throid ar na ceisteanna ar fad atá tábhachtach don phobal.

Leabhar an Athar Standún, ‘A. D. 2016’

SMM: An bhfuil sibh ag ceapadh, agus b’fhéidir, ag brath ar bhorradh a theacht faoi líon na náisiúntóirí sna Sé Chontae le Poblacht Uile-Éireann a thabhairt i gcrích go luath? – in am do leabhar an Athar Standún, A. D. 2016?

TÓC: Aisteach go leor, sílim gurb é a mhalairt atáimid ag iarraidh a dhéanamh. An deighilt a tharla ó thuaidh, d’fheil sé do na húdaráis ag an am go mbeadh gnáthmhuintir na Sé Chontae deighilte agus nach seasfadh an lucht oibre ar fad le chéile ón taobh aontachtach agus ón taobh poblachtach nó náisiúnach. Táimid ag brú reifreann teorann chun cinn, ach an rud atáimid ag iarraidh a dhéanamh roimhe sin ná an díospóireacht a chothú, gur féidir na hargóintí ó thaobh geilleagair, cúrsaí sóisialta agus mar sin de a chur chun cinn le rá agus le taispeáint go mbeadh chuile dhuine sna Sé Chontae ar fad níos fearr as ó thaobh Éire a bheith aontaithe. Ní bheifeá ag caint ar dhá dhlinse, ar dhá aonad airgeadais, ní bheifeá ag caint, mar shampla, ar dhá roinn sláinte. Ní bheadh trí eagras ag plé le turasóireacht ar an oileán. Bheadh eagraíocht amháin in ann fostaíocht ar an oileán a láimhseáil níos fearr. Ghearrfá siar ar an méid maorlathais a bheadh ann agus d’fhéadfá an t-airgead sin a infheistiú. Thabharfá na córais chánach níos gaire dá chéile. An dream atá ag trádáil thar teorainn faoi láthair, dhéanfá níos saoire dóibh.

SMM: Nár cheart daoibh cruthú thar cinn sa gcéad ollthoghchán eile, tharla Labour a bheith dá milleadh féin le dúnghaois déine Bhanc na hEorpa agus an Choiste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta? Mura gcruthaíonn sibh thar cinn, comharthóidh sé go bhfuil rud éicint as alt ar fad, nach fíor dom é?

TÓC: Sílimse gurbh fhearr fás réidh, seasmhach a fheiceáil sa bpáirtí ná fás thar oíche, mar a chonaic mé i bPáirtí an Lucht Oibre san olltoghchán deireanach. Tá obair mhór le déanamh aghainn. Sílim go bhfuil fás nádúrach go maith faoin bpáirtí faoi láthair agus b’fhearr liom é sin a fheiceáil ná dul go 24% thar oíche agus ansin an tóin a thitim as níos deireanaí. Léiríonn sé de réir a chéile go bhfuil daoine staidéarach.

Cruthú an Ama

SMM: Déarfadh daoine go bhfuil cur i gcoinne láidir ó dheas in aghaidh Phoblacht Uile-Éireann. Cén bealach a rachas Sinn Féin i ngleic le dearcadh na bunaíochta ó dheas? Cé na haicmí is na dreamanna is féidir libh tacaíocht a fháil ina measc? Bheadh an aicme oibre agus na daoine dífhostaithe ag réiteach libh, ach lucht an tsaibhris, feirmeoirí móra na Mí agus na Mumhan, abair, daoine a bhíodh le Cumann na nGaedhael i bhfad siar, céard fúthu siúd a mhealladh?

TÓC: Tá muintir na hÉireann coimeádach go leor, is dóigh. Tá muide ag cur múnla geilleagair an-difriúil chun cinn agus tógfaidh sé tamall ar dhaoine athrú mar gheall ar an gcoimeádachas atá iontub. Má mhínímid agus má chuirimid ár ndearcadh chun cinn go láidir, an sampla a thugaim, tháinig Piaras Ó Dochartaigh amach, an chéad duine, le rá go poiblí gur chóir dúinn lucht na mbannaí a dhó. Dúirt Fianna Fáil, Fine Gael agus na páirtithe ar fad ag an am nach bhféadfaí a leithéid a dhéanamh, gur thubaiste geilleagair a bheadh ansin. Tá ceithre bliain bailithe ón am sin agus feicimid go bhfuil iarbhaill den CIA, nó an IMF, ag rá go raibh an ceart ag Piaras Doherty ag an am, gur chóir a leithéid sin a bheith déanta. Anois an t-aon bhealach gur féidir le Piaras Doherty aitheantas a fháil as sin, ná imeacht ama, go bhfeicfeadh daoine thar imeacht ama go raibh an ceart aige agus go bhfuil ómós agus meas ar a leagan amach dá réir.

Ní féidir meas a thuilleamh thar oíche. Ní féidir meas a cheannach. Obair chrua a dhéanamh ar an talamh, thar thréimhse ama, sin é an rud a thuilleanns meas.

Fiosrú faoi Dhomhnall Ó Lubhlaí

SMM: Cén tuairim a fuair tú i measc mhuintir Shinn Féin ar cheist Dhomhnaill Uí Lubhlaí a bheith ag taobhú is ag faire ar Ghluaiseacht na Poblachta agus maítear gurbh shin é an fáth a ndeachaigh an fhianaise a bhain leis ar throigh gan tuairisc?

TÓC: Tá mé ag fiosrú an scéil sin. Caithfidh mé a rá go bhfuil oiread tuairimí comhcheilge cloiste a’m le seachtain, cuid acu thar a bheith conspóideach. Ní bheadh a fhios a’t cé chreidfeá. Tá mé ag iarraidh dul go croí an scéil agus an fhírinne a bhain leis ar fad a fháil. Tá mé ag fiosrú taobh istigh de mo pháirtí féin, an dream a bhí ann ag an am; céard go díreach a bhfuil a fhios acu faoi; cé mhéad de gur finscéal atá ann agus cé mhéad de gurb í an fhírinne í? Tá daoine ann gur chuimhneach leob céard a bhí ag tarlú ag an am.

Sílim go mbeadh sé tromchúiseach go leor má tá cruthúnas ann go raibh duine ag brathadóireacht ar son an stáit agus ansin gur ceileadh fianaise i gcás eile, bheadh sé thar a bheith tromchúiseach. Ba chóir go mbeadh a fhios againn cé na daoine a ghlac na cinntí len é sin a dhéanamh. An raibh siad taobh istigh den Gharda Síochána amháin, an raibh siad sa Roinn Dlí agus Cirt, an raibh siad ag leibhéal Airí Stáit nó Airí Rialtais? Sílim go bhfuil sé an-tromchúiseacha má tá bunús leis na líomhaintí sin.

Tá sé truamhéileach ar fad do na híospairtí, na daoine a d’fhulaing. Tá an t-uafás ceisteanna le freagairt faoi cén ról a bhí ag an Stát féin? Tá freagra Seanaid faighte a’m ón Aire Shatter a deir go bhfuil athbhreithniú a dhéanamh ar na comhaid a bhaineann leis na Gardaí, le Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte, leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Dúirt daoine go ndeachaigh siad chuig an Roinn Dlí agus Cirt le heolas. Dúirt iar-Airí Gaeltachta go raibh plé áirid ag Roinn na Gaeltachta agus ag Feidhmeannaigh Roinn na Gaeltachta le líomhaintí.

Sílim go mbaineann ceisteanna le ról Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí agus le ról an Ard-Aighne. Tá a fhios againn gur deineadh líomhaintí chomh fada siar le 1955. Cén fáth sa mbreith a thug Aindrias Ó Caoimh ar dhúirt sé go raibh an iomarca ama imithe agus go raibh cuid den fhianaise imithe amú, fianaise a bhí faoi scáth na nGardaí? Tá ceist faoi Statute of Limitations le cásanna den chineál seo. Tá sé feicthe, de réir mar a thuigim, i gcásanna eile den chineál céanna, nach raibh an srian sin ann.

Níor leor go mbeadh athbhreithniú Gardaí ar chomhaid Ghardaí, an rud céanna faoin FSS (HSE), an Roinn Oideachais. Sílim gur ghá súil iomlán neamhspleách a chaitheamh ar seo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.