CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
An Scolbadóir
Pádraic Breathnach Pádraic Breathnach Pádraic Breathnach

Is gearrscéal é seo ón gcnuasach *Ingne Dearga Dheaideo le Pádraic Breathnach, a bhuaigh Duais Chuimhneacháin Sheáin Eigeartaigh i gcomórtais liteartha an Oireachtais anuraidh.*

Tháinig as a chúl i ndiaidh a thóna amach as an tom coill agus leag uaidh ar an talamh na scoilb a bhí ina chiotóg. Bhain an chloch speile as póca a chóta mhóir agus chuir rud beag faobhair ar lann na scine. Dhún an scian ansin agus chuir í féin agus an chloch ar ais sa phóca.

Dheamhan a gcloisfeadh béicíl na ngasúr thiar ag an scoil inniu, a dúirt leis féin, arae scaoilfí amach sa chlós chor ar bith iad i ngeall ar an mbáisteach. Ach chloisfeadh clog an tséipéil ag bualadh Theachtaireacht an Aingil agus bhí a ghoile ag inseacht nárbh fhada eile uaidh an t-am sin.

Phioc suas na scoilb a leag uaidh gur chuir le dornán eile scolb iad. Chroch an slám sin go dtí an chéad sláimín eile, go dtí an chéad sláimín eile, go dtí an chéad sláimín eile arís go raibh ar ais ag an gcrann mór darach san áit ar thosaigh ar maidin.

Bhí uimhir mhaith scolb san iomlán aige, beart - b’in dhá chéad scolb - mura mbeadh tuilleadh ann. Scoilb mhaithe freisin, gan oiread is ceann lag ina measc. Níor ghearr seisean ach an scoth, b’in í an cháil a bhí air agus b’in í an cháil a bhí uaidh.

Rinne garbhchomhaireamh orthu le bheith cinnte an chéad ann; agus cúpla ceann sa bhreis. Beart, b’in deich scilling. Beart breá. Rug ar phéire scolb agus d’fhigh mar ghad ar an mbeart iad.

Bhain anuas an lón aráin agus bainne ón ngabhlán crainn mar ar chuir iad le nach mbeadh an madra ag tabhairt fúthu agus chuir an ruaig ar an madra óna ionad seascair ag bun an chrainn gur shuigh féin ann, ar an gcaonach te tirim.

Lig siar a dhroim le stoc storrúil an chrainn, bhain de a chaipín, choisrigh é féin agus bhreathnaigh roimhe. Éadan síonchaite rocach. go raibh a chaipín fliuch, bhí a cheann tirim. go raibh a wellingtain fliuch bhí a chosa tirim. Agus bhí a bhríste tirim i ngeall ar fhad a chóta. Nuair a bhain de a chaipín raibh ar mhullach a chinn ach scáinteacht ghruaige agus bhí craiceann a chinn chomh bán le bun tornapa. Trí chrainnte na coille chonaic eala bhán ar an loch. “San áit a bhfuil ceann péire!” ar leis féin, agus choinnigh air ag faire.

Sheas an madra os a chomhair agus thuirling an spideog ar an talamh. An madra ag breathnú le dúil ar a mháistir, an spideog mar an gcéanna, í ag preabadh ina thimpeall.

Chaith ruainnín aráin chuig an spideog agus bhagair ar an madra gan an bheatha sin a ghoid uaithi. Ansin chaith sprúille chuig an madra.

Ba mhinic é ag samhlú an spideog ina síógín, an chaoi éadrom éasca a bhí aici. Dea-shíóg. Í anseo de dhoirte dhairte. Í ansiúd de dhoirte dhairte eile. Níor chaith sa choill nach raibh chuige. Agus níor sa choill amháin é ach sa bhaile chomh maith, chuile mhaidin, a dhá luaithe is a d’osclódh an doras.

Ba mhinic í in airde ar leac na fuinneoige sular oscail an doras chor ar bith, í ag breathnú isteach tríd an bhfuinneog air. Í féin is a broinn dearg. Níor tharraing aon chuirtín san oíche le go mbeadh le feiceáil aige an chéad rud ar maidin. Í giodamach ar leac na fuinneoige. Í mífhoighdeach. Í ag bíogaíl is ag caint léi féin. Leis-sean chomh maith. Leis-sean go háirid, ba dhóichí, ag leis éirí. Éirí agus ligean di féin a theacht isteach. Í chomh huaibhreach huasal aisti féin. Éirí agus ruainnín beatha a thabhairt di.

D’fhágadh an fhuinneog beagainín ar leathadh le go bhféadfadh a theacht isteach mba mhian léi, preabadh isteach sa seomra go dtí é. Ach dheamhan a ndearna sin. Riamh. D’fhágadh ruainnín aráin taobh istigh den fhuinneog leata lena bréagadh ach níor tháinig.

Ach tháinig isteach sa chisteanach. D’ith ruainní den urlár. Phreab in airde ar an mbord. Sheas babhtaí ar an gcuinneog, agus ar an drisiúr, ag oibriú a cloiginn agus a heireabaill agus ag cur beagán cainte aisti féin, ach dheamhan a dtáinig isteach riamh trí fhuinneog a sheomra leapan, rud a chuir caiis air.

Agus nuair a chuaigh amach sa ghairdín gur bhain dos cabáiste máimín fataí bhí ansin freisin, ag cuardach na nuachreafóige i gcoinne péiste cruimhe. Í arís an t-am sin ag ligean corrbhíogaíl bhagrach aisti féin. Agus ba í a bhí in ann an bhíogaíl a chur, agus ba é a ceol a bhí binn.

Fear na Spideoigea ghlaoití amanta air féin. Dúirt daoine nárbh í an spideoigín chéanna a bhí ann i gcónaí, ach spideoga difriúla, go mb’éan í an spideog a raibh a dúiche féin aici, ach níor aontaigh chor ar bith leis sin. Nach bhfaca í? Nach bhfaca í á leanúint chun na coille, í ar aon chonair leis, í ag moilliú nuair a mhoill seisean. Nuair a d’iniúch súil ribe, nuair a chuir ceann nua, d’fheith sise. Oiread spéise aicise, de réir dealraimh, ina ghnóthaí is a bhí aige féin. Í ag preabadh léi ina thimpeall ar feadh an lae ar nós gasúirín. Ba í a ghasúirín í. Ba dhána an mhaise go n-abrofaí go raibh dul amú air. Ba í, muis, a bhí tomhaiste go maith aige: a méid, a dath, a seasamh, gileacht a súl, raibh fríd a bhain léi nach raibh ceaptha go beacht aige.

Í chomh haerach céanna ar an mbealach abhaile. bhfágfadh ar feadh achairín é raibh ann ach sin, le bheith sa bhaile roimhe, le bheith ansin arís faoina chomhair. A nárbh í an spideoigín chéanna í, ba mhór an tseafóid sin.

Agus dúirt daoine go mba dhea-chomhartha í a bheith leis mar a bhí. B’in a dúirt Seán Liam agus Máire Cháit, go gcaithfeadh an tsuáilceacht a bheith ann rá’ s gur fhan leis mar a dfhan, rá’ s gur neadaigh chomh gar sin theach, nár le chuile dhuine a d’fhan spideoigín.

Ar ndó, bhí freisin ag bun na Croise fadó nuair a bhí Mac ar crochadh uirthi. Ba fhuil Ár dTiarna a dhoirt anuas uirthi a thug an bhroinn dearg di. Ba í freisin a d’fhadaigh an tine don bhocht, le cleití a brollaigh, nuair ba bheag den a bhí fanta ina gríosacha, gur barrdhódh í agus go mb’in údar eile lena broinn a bheith dearg. Tabhartas di ó Dhia ba dh’ea a broinn dearg. Agus anois bhí éinín seo ag coinneáil comhluadair leis féin.

Sid í anois an dara heala!”

Éan beannaithe eile ba dh’ ea an eala. Í seo chomh státúil grástúil sa snámh leis an gcéad eala ar ball. Ag seoltóireacht a bhí . An sruth á tógáil ar aghaidh, seachas í a bheith á hiomramh féin lena cosa.

Bhí iora in aice leis. Iora rua. A fhionnadh chomh tirim le clúmh. Ba é an madra faoi deara an t-iora a fheiceáil. I ngeall ar fhormán bídeach a chuala , dhearc an madra go fiosrach. Dhearc féin ansin san aird chéanna. Ag dul in airde ar chrann ó urlár na coille a bhí an t-iora.

Nuair a bhí píosa suas, shuigh an t-iora ar ghéag ag breathnú anuas orthu. A eireaball scuabach corntha ar chairín a dhroma. A fhabhraí níor chorraigh, sméideadh súl dhearna . gur labhair Peadar leis, gur chuir sceit lena láimh air.

Chuaigh an t-iora píosa beag eile ansin gur stop arís, an gheáitsíocht an neamhgheáitsíocht chéanna ar bun aige. Ansin chuaigh ar chúl géige, agus sheas comhthreomhar leis an ngéag, ag breathnú i leith faoi rún, mar a mheas , mheas, ar nós gasúirín a mbeadh folach bhíog ar siúl aige.

Chuir Peadar uaidh an buidéal folamh le bun an chrainn ach d’fhan ina shuí scaithín ag déanamh a mharana. go raibh braonta báistí ag sileadh i gcónaí ó dhuilliúr na gcrann, bhí a fhios ag Peadar go raibh an cur stoptha. Bhí séideán gaoithe le mothú i mbarr na coille, bhí barr na daraí thuas ag déanamh fuaime.

Ach bhí an t-iora rua san áit chéanna i gcónaí, ag faire anuas gan luail.

Chuala Peadar geabhróga agus faoileáin ag éamh san aer os cionn chladach an locha.

B’éard a dhéanfadh , a dúirt leis féin, go bhfágfadh an beart scolb ag ciumhais na coille agus go ngabhfadh síos chuig an loch, mar a raibh dorú is duán curtha aige. Níor dhona an ghaoth an bháisteach chor ar bith i gcoinne iascaigh, óir chuir coipeadh ar an uisce.

Le liús a bhí a shúil. An loch foirgthe le liúis. Ropairí. Iad i luíochán sna giolcacha ag faire creiche. Iad ar fud an locha. Róistí agus péirsí, agus éisc gharbha eile sa loch freisin, ach b’fhada ó facthas aon bhreac rua ann. Na bric rua ba dheise ach bhíodar beirthe ag na liúis bhradacha a luaithe is a thángadar anuas ó abhainn an tsléibhe. Na liúis sa chlaise i mbéal na habhann ag feitheamh lena n-alpadh.

Iasc gránna ba dh’ea an liús, nár de dhúchas na háite chor ar bith é ach gailliasc isteach. Dea-cháil an fhiagaí liúis air féin, ámh. A cháil seisean faoi liúis ionann’s ina cháil chomh mór le cáil an Chéidigh faoi shionnaigh. Fear maith sionnach a mharú ba dh’ea an Céideach, siúráilte, é amuigh le giolc an éin lena ghunna. Liúis mhóra ceaptha aige féin, muis, cúig phunta dhéag meáchain, is cinn níos , iad fíochmhar, an duáilce le sonrú ina gcuid súl. Bhí cath is cogadh fógraithe aigesean ar liúis Loch na Síobóige, agus, le cúnamh , dhéanfadh scrios fós orthu.

Ach go mba é ba mheasa faoi na liúis nár theastaigh siad ó dhaoine, ó Mháire Cháit, ó Sheán Liam, uaidh féin ó dhuine ar bith. Bhí a gcuid cnámh contúirteach. Ach go dtugtaí do na cait iad. Na cait féin bhíodar tíobhasach fúthu. go raibh ráite le tamall go raibh bialanna galánta i gcathracha i gcéin a raibh an liús mar bheatha bheadaí ar a gcláir acu.

D’athchuir Peadar an duán agus d’imigh leis ag siúl faoin gcladach. Cleití éin á dtabhairt faoi deara aige. Cacanna ainmhithe. Bhí cnocán clochach le hais an locha a raibh ál coiníní dubha ann. Cinn ghlasa freisin. Ach oiread leis na liúis níor shantaigh aon duine na coiníní dubha, ach amháin le breathnú orthu, go raibh patairí móra acu ann. I ngeall ar a ndath, síleadh nár choiníní cearta chor ar bith iad.

Nuair a d’fhill Peadar ar an gcoill thogair go mbainfeadh sláimín cnónna, a raibh barr maith acu ar chúpla crann le ciumhais na coille, a thabharfadh do ghasúir Sheáin Liam. Cinn fholláine a bhí tite ar an talamh, shac roinnt acu ina phóca chomh maith. raibh cnó dar phioc nár iniúch ar mhugairle Mhuire a bhí ann. Bhí an mugairle Mhuire sona, faoi mar a bhí an tseamair Mhuire, an tseamróg sin a raibh na ceithre bhileog uirthi. b’in a bhí ráite.

Bhí mugairle Mhuire síoraí i bpóca a chóta aige. Faoi mar a bhí an máimín cnónna ina séasúr, le dáileadh ar a chomhairle féin ar ghasúir Sheáin Liam. ar ghasúir eile. Ach ba leasc leis an mugairle Mhuire a thabhairt uaidh. Ba é an ceann seachrán acu sin a fuair duine agus raibh sona a scaoileadh uait, agus níor i measc na gcnónna eile ina phóca a choinnigh an cailín sin ach i gcúinne beag slán léi féin.

Chuir an buidéal folamh isteach sa mhála lóin agus cheangail an mála d’uachtar an bhirt scolb agus d’ardaigh an beart scolb ar a ghualainn gur shiúil leis go cúramach. Nuair a d’fheictí lena bheart é ba mhinic strainséirí á chur i gcosúlacht le fear glanta simléirí le fear na gealaí lena bheartán brosna le harrachtach mór cruimhe.

Maolbhearnaí agus claíocha, chomh maith le cnocáin, le dreapadh aige. Ag gabháil thar mhaolbhearnaí níor ghnás leis a ualach a ligean dhroim, ach ag gabháil thar claí ard ligfeadh síos chun tosaigh air féin go hingearach ar an taobh thall é. Agus b’amhlaidh nuair a d’iniúchfadh trapa súil ribe, go leagfadh a bheart uaidh i gcoinne claí cloiche.

Agus ba ghnás leis bualadh isteach chuig Máire Cháit, ag cur a bhirt ina sheasamh taobh amuigh le hursain an dorais, le go ndéanfadh Cáit is é féin beagán comhrá, go n-ólfadh blogam tae uaithi agus go gcrochfadh buicéad uisce ón tobar di in ómós an tae agus in ómós an chead a thug scoilb a bhaint ina coill.

Ba mhinic a ghlaoigh isteach ar maidin freisin uirthi agus, b’fhéidir, babhtaí i gcaitheamh an lae, go ndéanfadh rud beag oibre di agus mbeadh coinín aige go dtabharfadh di é. Go ndéanfadh é a fheannadh di agus a phutóga a ghlanadh as. Arae ba ar a gabháltas sise a rugthas ar na coiníní freisin.

Mar an gcéanna le Seán Liam, bhéarfadh coinín chlannsan arae thug Seán Liam an cead céanna is a thug Máire Cháit. Murach iad, agus comharsana eile freisin, dheamhan a mbeadh deis ar bith aigesean. Arae is móite bhothán agus d’iothlainnín garraí, raibh aon cheo eile sealúchais ag Peadar Mháirtín.

Peadar Mháirtín”, “Mac Mháirtín Phíotair”, “An Spailpín”, “Fear na Scolb”, “Fear na Spideoige”, “An Spideoigín- b’iomaí sin ainm is gairm a tugadh air.

Hoirt amach! Hoirt amach as sin!”

Chuala Peadar hoirteanna Mháire Cháit ag seoladh a brice abhaile di. Bhí a cloigeann le feiceáil aige os cionn an chlaí. Sheas . Choinnigh ag breathnú uirthi, ag meabhrú féin.

Amuigh ag baint raithní le speal i nGarraí na Céileoige Bige a bhí Seán Liam.

D’insíodh Peadar do chlann Sheáin Liam raibh barr maith airní i gcoinne fíona le fáil agus barr maith úlla beaga fiáine i gcoinne jelly. Agus d’insíodh dóibh bhfaighidís cuileann dearg na Nollag agus thugadh a díol cuilinn Nollag do Mháire Cháit.

É ag coisíocht leis arís go mall, trí gharranta agus trí dhriseacha, suas ardáin agus amach thar strapaí. go raibh sa bhaile.

A spideoigín ansin arís roimhe.

Leag uaidh an beart, á chur ina sheasamh le claí an bhóthair le hais na mbeart eile. B’fhearr mar a shilfidís uisce na báistí ar an gcaoi sin, seachas ina luí ar an talamh. Ach bheidís i bhfad ann ar chaoi ar bith. Bheadh daoine aniar is anoir go dtí é. Aneas is aduaidh. A leathdhóthain féin bheadh aige. “Cá’id go mbeidh ag baint arís?” “A ngearradh a dhéantar le scoilb!” Bhí práinneach as an téarma ceart gairme a bheith aige. Bheadh ag gearradh chuile fómhair, agus geimhridh, soineann is doineann, is móite den Domhnach, mar a rinne leis an liachtaí seo bliain, mura n-iarrfaí obair níos cruóige air.

Bhuail isteach sa teach, leag an mála gona bhuidéal ar bhord na cisteanaí, gur bhuail boslach uisce ar a éadan, gur thriomaigh é féin le seantuáille; gur ith a dhinnéar. Chuir roimhe ansin, de shiúl scafánta cos, a chaipín casta siar, go dtí an sráidbhaile go n-ólfadh dhá phionta leanna.

Caol díreach abhaile ansin arís go ngabhfadh a chodladh, go mbeadh réidh don arna mhárach.

Rugadh Pádraic Breathnach i Maigh Cuilinn, Contae na Gaillimhe. Is léachtóir sinsearach le Gaeilge é i gColáiste Mhuire Gan Smál i Luimneach. go leor duaiseanna Oireachtais buaite aige go dtí seo.

GluaisGlossary

as an tom coillfrom the hazel bush

scoilbsplinters

ina chiotógin his left hand

cloch speilescythe-stone

faobharsharp edge

lann na scinethe blade of the knife

dheamhan a gcloisfeadh béicíl na ngasúrhe wouldn’t hear the shouting of the children

araebecause

clósyard

i ngeall ar an mbáisteachbecause of the rain

a ghoilehis stomach

dornán eileanother small quantity

slámamount

ag an gcrann mór darachat the big oak tree

beartbundle

lagweak

an scoththe best

cáilreputation

a bhí uaidhthat he wanted

garbhchomhaireamha rough count

deich scillingten shillings

gadwithe, rope

chuir an ruaig ar an madrahe chased the dog

seascaircosy, snug

caonachmoss

stoc storrúil an chrainnthe strong trunk of the tree

choisrigh é féinhe blessed himself

éadan síonchaite rocachweather-worn wrinkled face

ar mhullach a chinnon the top of his head

scáinteacht ghruaigesparseness of hair

bun tornapathe bottom of a turnip

eala bhána white swan

ag fairewatching

thuirling an spideog ar an talamhthe robin landed on the ground

le dúilwith desire

ag preabadhjumping

ruainnín aráina small piece of bread

beathafood

sprúillemorsel

ag samhlúimagining

síógínlittle fairy

dea-shíóga good fairy

de dhoirte dhairtedartingly, suddenly

a dhá luaithe isas soon as

in airde ar leac na fuinneoigeup on the window-sill

a broinn deargher red breast

giodamachfrisky, jaunty

mífhoighdeachimpatient

ag bíogaílchirping

go háiridespecially

uaibhreachproud, spirited

ar leathadhopen

lena bréagadhtoo woo her

babhtaísometimes

cuinneogchurn

drisiúrdresser

dos cabáistetuft of cabbage

máimín fataía handful of potatoes

ag cuardach na nuachreafóigesearching the new soil

cruimhmaggot

bagrachthreatening

binnsweet

a ghlaoití amanta air féinhe used to be called sometimes

spideoga difriúladifferent robins

á leanúintfolllowing him

conairpathway

ag moilliúslowing

nuair a d’iniúch séwhen he examined

súil ribesnare (of thin cord or wire)

d’fheith siseshe waited

de réir dealraimhapparently

ina ghnóthaíin his affairs

ar nós gasúirínlike a young child

go n-abrofaíthat it be said

gileacht a súlthe brightness of her eyes

frídthe smallest thing

go beachtprecisely

chomh haerach céannaevery bit as lively

achairína very short time

seafóidnonsense

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.