AR NA SAOLTA SEO/SEAL LE LIZ
An saol mar a bhí na cianta cairbreacha ó shin
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Thug Liz Curtis cuairt ar Archaeolink, ionad in Albain ina dtugtar an-léargas ar an saol a bhí ag daoine na mílte bliain ó shin.

Íomhá
Mark Keighley agus macasmahail múnla de chuid gabha sa Chré-Umhaois.
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Karen Hudson i macasamhail de theach ón Aois Iarainn.
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Jody Cooper ag séideadh coirn.
Grianghraf: Liz Curtis

Agus mé thall in Albain le gairid, thug mé cuairt ar pháirc bheag shuimiúil réamhstaire darb ainm Archaeolink, atá in aice le hObar Deathain. Is féidir dul isteach i macasamhail tithe ón Chré-Umhaois agus ón Aois Iarainn, agus fáil amach cad é mar a mhair daoine na laethanta sin, agus níos luaithe fiú. Agus is féidir dul ann Oíche Shamhna agus sult a bhaint as ceiliúradh na féile ársa Ceiltí, Samhain, a chríochnaíonn le dó fear ollmhór caolaigh.

Tá Archaeolink suite ar imeall sráidbhaile darb ainm Oyne i gceantar a bhfuil an-tábhacht ag baint leis. Tá sé suite faoi shliabh mór le rá darb ainm Bennachie. D’fhéadfadh sé gurb é sin an sliabh ar thug an staraí Rómhánach Tacitus “Mons Graupius” air. Chuir Tacitus síos ar chath mór ag Mons Graupius sa bhliain 83 IC, idir na Rómhánaigh faoi cheannas Agricola, agus tuath Ceilteach darb ainm Caledonii, faoi cheannas Calgacus. Mharaigh na Rómhánaigh na mílte de na Caledonii, agus bhí an bua acu, ach go luath ina dhiaidh sin d’imigh siad leo ó dheas agus thóg siad Balla Hadrian trasna na tíre.

Go díreach os cionn na páirce tá cnoc darb ainm Berryhill, ar a bhfuil iarsmaí de chiorcal bothán ón Chré-Umhaois agus imfhálú ón Aois Iarainn. Is féidir le cuairteoirí dul ann le “fíorsheandálaíocht” a fheiceáil. Agus trí mhíle síos an bóthar tá gallán ard clúiteach ar a dtugtar “the Maiden Stone”. Tá crois snoite ar thaobh amháin agus íomhánna Pioctacha ar an taobh eile.

Osclaíodh Archaeolink i 1997 agus is tionscnamh de chuid Chomhairle Contae Obar Dheathain é. Fuarthas cuidiú airgid ón Aontas Eorpach leis an áit a thógáil.

“Is mian linn oideachas agus siamsaíocht a chur ar fáil do pháistí agus do dhaoine fásta,” a deir Mark Keighley, atá ina Leascheannasaí Mínithe.

Tá an fáiltiú suite i bhfoirgneamh nua-aimseartha atá leathchlúdaithe le tulacha féaracha. Tá caife agus siopa ansin, agus scannán a léiríonn scéal drámatúil faoi bheirt pháistí a thaistilíonn tríd an am ón Aois Mhéisiliteach go dtí ré theacht na Críostaíochta.

Taobh amuigh, tá an pháirc féin le feiceáil, agus macasamhail áiteanna cónaithe ársa inti. Faigheann cuairteoirí turas le treoraí atá gléasta mar dhuine ón seanam. Chuaigh mé féin thart le Mark Keighley, agus thosaigh muid i bpuball Méisiliteach, atá déanta as adhmad clúdaithe le seithí fia. Taobh thiar den phuball, tá dramhcharn, agus sliogáin, cnámha éisc agus cnámha ainmhithe le fáil air.

“Thart fá 10,500 bliain ó shin,” arsa Mark, “chónaíodh daoine i mbotháin mar seo. Bhogaidís ó áit go háit. Théidís ag seilg agus ag iascaireacht fá choinne bia, agus bhailídís torthaí agus cnónna.”

Amharcann muid ar chiorcal cloiche ansin, agus ina dhiaidh sin ar bhothán gabha ón Chré-Umhaois. Tá ceann tuí air, agus poll sa lár don fhoirnéis.

“Is féidir linn tuanna cré-umha a theilg anseo,” a deir Mark. “Ní dhéanann muid iad ach d’ócáidí speisialta amháin, mar is obair an-dian í. Caithfidh an fhoireann na boilg a oibriú i dteocht an-ard.”

Teach eile

Ansin chuaigh muid go dtí teach ón Aois Iarainn, atá an-mhór agus fairsing. Tá sé déanta as caolach agus cré, agus tá an leagan amach bunaithe ar theach tochailte in aice le sráidbhaile i gContae Obar Deathain darb ainm Monymusk.

Tá tine i lár an tí, agus éiríonn an toit tríd an cheann tuí, atá gan pholl gan simléar. In ainneoin na toite, tá teaghlach fáinleog ag seadachan sna rachtaí. Tá gíogadh le cluinstin, agus tá roinnt gob beag oscailte le feiceáil. Níl ciúnas ar bith ann go dtí go n-eitlíonn tuismitheoir isteach le bia dóibh.

“Is orthu sin atá aghaidh na ndaoine,” a deir Karen Hudson, atá ag tabhairt aire don tine. Is “Treoraí Taistil Ama” í Karen, a mhíníonn na sean-nósanna do chuairteoirí. Inniu, tá sí ag sníomh le heiteán beag ina lámh agus ag bruith bonnóga aráin choirce.

Deir Karen: “Déanaim seanmhodhanna cócaireachta a léiriú. Bruithimid éin, iasc, úlla agus sméara i gcré. Tá an modh an-simplí. Faigheann tú cré as an talamh, ansin cuireann tú thart í ar cibé rud atá á réiteach agat, ansin cuireann tú sa tine í. Tá thart fá 20 nó 25 bomaite de dhíth i gcás úll, agus rud beag níos faide i gcás éisc. Is féidir gráinneoga a bhruith mar sin freisin, ach níl sé sin déanta againn go dtí seo. Bheadh sé furasta na spící a scamhadh de nuair a bhainfí an chré de.”

samhlaíocht mhaith ag foireann Archaeolink. Bliain ó shin, chomhoibrigh siad le seandálaithe le turgnamh ait osréalach a dhéanamh. D’fhéach siad le fáil amach cad é a tharlaíodh do rudaí a dhófaí nuair a chréamtaí daoine sa tseanam. An inspioráid a bhí acu ná an fhionnachtain ag Findhorn ar Linne Mhoireibh sa bhliain 1988 de chréamadh mná agus páiste a tharla 3,800 bliain ó shin. Bhí coirníní luachmhara déanta as ábhar darb ainm faensa ag an bhean.

Don thurgnamh in Archaeolink, rinne saineolaithe as Ollscoil Oxford muince as faensa. Cuireadh thart ar mhuc mharbh í agus clúdaíodh í le taiséadach. Ansin dódh é seo taobh istigh den chiorcal cloiche. Bhí na torthaí iontach cosúil leis na cinn a bhí i gceist i gcás chréamadh Findhorn.

Ní é seo an t-aon searmanas a tharla sa chiorcal cloiche. Dhá bhliain ó shin, phós lánúin ansin!

Tuilleadh eolais: Archaeolink Prehistory Park, Oyne, Insch, Aberdeenshire. Guthán: 0044 (0)1464 851500; www.archaeolink.co.uk. Oscailte an bhliain ar fad.

Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.