AR NA SAOLTA SEO
An Rialtacht a Chur i bhFeidhm
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Ní in Éirinn amháin a bhí deacrachtaí le hinimirce lasmuigh den dlí agus níor d’aon iarracht amháin a thug siad faoin gceist a réiteach mar a mhíníonn Alan Desmond.

Íomhá
Botháin teorann le ligean ar cíos
(Michal Borsuk ar Picasaweb)
Íomhá
Tíortha Schengen srl
(le Schengenzone.svg ar Vicipéid)
Íomhá
Teorainn na Seice
(le Matthew Soule ar Picasaweb)
Íomhá
Teorainn Schengen, tráth, idir Trieste & Portoroz
(le Jonathan Griffin, Picasaweb)

Réiteach amháin ar cheist na hinimirce neamhdhleathaí, a pléadh in alt na míosa seo caite, ná stádas dleathach a bhronnadh ar inimircigh lasmuigh den dlí. Tá scéimeanna éagsúla curtha i gcrích ag formhór mór de bhaill an Aontais Eorpaigh (AE) chun inimircigh lasmuigh den dlí a thabhairt chun rialtachta agus tá an Pholainn tar éis deireadh a chur le scéim dá leithéid le déanaí. Is é seo an tríú tionscnamh den saghas seo a eagraíodh sa tír sin ó 2003.

Ní miste a lua gur do dhaoine ó thíortha lasmuigh den AE amháin atáimid ag tagairt agus ceist na hinimirce neamhdhleathaí san AE á plé. Ós rud é go bhfuil cearta saorghluaiseachta ag saoránaigh ó bhallstáit an AE laistigh den Aontas, ní áirítear iad mar chuid de cheist na hinimirce neamhdhleathaí san AE.

Is í an Pholainn, a bhfuil daonra 38 milliún aici, an stát is mó de na deich stát a ligeadh isteach san AE i 2004 agus is tír thábhachtach í ó thaobh na hinimirce de mar gurb ionann teorainn oirthear na Polainne agus teorainn seachtrach an AE. Dar le foinsí rialtais go bhfuil suas le 100,000 inimirceach ag cur fúthu sa tír gan cead, ach maíonn eagraíochtaí neamhrialtasacha go bhfuil suas le 500,000 díobh sa tír.

Pé acu atá ceart, aontaítear gurb as an Úcráin, an Airméin agus as Vítneam don chuid is mó de na hinimircigh seo. Ní hionadh gurb as an Úcráin don dream is líonmhaire de na hinimircigh lasmuigh den dlí. Is comharsana béal dorais iad an Pholainn is an Úcráin, agus sular bhain an Pholainn ballraíocht den AE amach, bhí saorchead isteach go dtí an Pholainn ag muintir na hÚcráine. Ach anois tá an dá thír seo a bhfuil an méid sin nasc acu lena chéile roinnte ag teorainn an AE agus tá víosaí ag teastáil ó Úcránaigh ar mian leo dul trasna na teorann.

Iarrachtaí ar Inimircigh a thabhairt chun Rialtachta

Glactar leis nár éirigh leis an gcéad dá iarracht a rinne an Pholainn chun inimircigh lasmuigh den dlí a thabhairt chun rialtachta. Eagraíodh an chéad scéim i 2003 díreach roimh dhul isteach san AE don Pholainn, agus cuireadh an dara scéim ar siúl i 2007 díreach roimh dhul isteach don tír i limistéar Schengen. D’éirigh le tuairim is 2000 duine stádas dleathach a bhaint amach i 2003 agus i 2007 ní raibh an t-ádh ach le faoi bhun 1000 duine.

Ba é ba mhó ba chúis le líon beag na n-iarratasóirí ar éirigh leo faoin gcéad dá scéim ná na coinníollacha cáilitheachta agus a dheacra a bhí sé iad a chomhlíonadh. Bhí ar iarratasóirí a thaispeáint go raibh cónaí orthu go leanúnach sa Pholainn le breis is 6 bliana, go raibh post agus teideal dlí chuig áitreabh acu agus acmhainní a chuirfeadh ar a gcumas maireachtáil ar feadh bliana gan dul i muinín córas leasa shóisialaigh na Polainne. Bronnadh cead cónaithe bliana ar dhaoine a shásaigh na coinníollacha seo.

Is léir ón tríú scéim go bhfuil ceacht foghlamtha ag an bPolainn. Ba é an coinníoll ba mhó a bhí le sásamh an babhta seo ná ceithre bliana leanúnacha a bheith tugtha sa Pholainn ag iarratasóirí. Chomh maith leis sin, cuireadh feachtas fógraíochta ar siúl chun an méid duine ba mhó ab fhéidir a chur ar an eolas faoin tionscnamh. Mar thoradh air seo, chuir beagnach deich míle duine iarratas ar stádas dleathach faoi bhráid na n-údarás idir 1 Eanáir agus 2 Iúil 2012, méadú mór ar líon na n-iarratasóirí a ghlac páirt sa chéad dá scéim. Ach más fíor go bhfuil suas le leathmhilliún inimirceach lasmuigh den dlí sa Pholainn, bheifí ag súil le líon iarratasóirí níos mó fós. Gheobhaidh na daoine a n-éireoidh leo cead a ligfidh dóibh cónaí agus oibriú sa Pholainn ar feadh dhá bhliain. Ag deireadh na tréimhse sin beifear in ann an cead a athnuachan mura mbeidh aon rud as an tslí déanta ag an inimirceach.

Cé go ndearnadh roinnt cainte le linn an fheachtais faoi chearta an duine agus an eagla roimh dhíbirt a thréithríonn saol an inimircigh lasmuigh den dlí, bhí ról ag cúrsaí geilleagair i gcinneadh na Polainne an tríú tionscnamh a chur ar siúl, leis. In ainneoin an chúlaithe dhomhanda, tá geilleagar na Polainne níos fearr as ná mar atá formhór na mballstát AE eile agus ó chuaigh an Pholainn isteach sa AE i 2004 tá na céadta míle Polannach tar éis slán a fhágáil ag a dtír dhúchais. Fágann seo go bhfuil éileamh ar oibrithe sa Pholainn. Nár chiallmhar mar sin pobal daoine sa Pholainn a mbeadh roinnt díobh acmhainneach ar obair a thabhairt chun rialtachta?

Tabhairt chun Rialtachta in Éirinn

Déarfá nach bhféadfaí áitiú eacnamaíochta a dhéanamh in Éirinn ar son scéim a thabharfadh inimircigh lasmuigh den dlí chun rialtachta ach tá feachtas ar siúl ag Ionad Chearta na nInimirceach in Éirinn (MRCI) a mhaíonn go bhféadfadh an stát suas le 100 milliún euro a thuilleamh ó cháin a d’íocfadh inimircigh a thabharfaí chun rialtachta agus a bhfostóirí araon. Bhronn MRCI ar an Aire Dlí is Cirt, i mí Iúil, achainí a shínigh 4000 duine ag lorg stádas ar son na 30,000 inimirceach ar fir, mná is leanaí iad atá ag cur fúthu in Éirinn gan cead.

tacaíocht don fheachtas léirithe ag roinnt comhairlí cathrach agus leagann MRCI béim air nach bhfuil aon rud á lorg ag na hinimircigh seo nach bhfuil á lorg ag inimircigh Éireannacha atá sna Stáit gan cead, aicme a bhfuil brústocaireacht déanta ar a son ag polaiteoirí Éireannacha i measc údarás SAM. Bheifí ag súil mar sin go dtabharfaidh an tAire aird ar na 4000 síniú atá curtha faoina bhráid agus ar na hargóintí láidre ar son na scéime seo.

Léiríonn iarrachtaí leithéidí MRCI in Éirinn agus a macasamhla sa Pholainn an tábhacht a bhaineann le gníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha agus na n-inimirceach féin. Déanann na himeachtaí agus na hagóidí a eagraíonn siad aird an phobail is na bpolaiteoirí a tharraingt ar chás na n-inimirceach lasmuigh den dlí agus ag an am céanna tugtar guth do na daoine soghonta seo.

Ní gá, ar ndóigh, dul i muinín scéimeanna aonuaire chun inimircigh lasmuigh den dlí a thabhairt chun rialtachta. D’fhéadfaí dlí a achtú a ligfeadh do gach inimirceach a bhfuil oiread áirithe ama tugtha aige sa tír stádas dleathach a lorg. Sheachnódh sé sin an t-am is an costas a bhaineann le scéimeanna aonuaire a chur ar siúl. Deacracht amháin a bhainfeadh le tarraingt suas a leithéid de dhlí, ar ndóigh, ná an méid ama is cóir iarraidh ar inimirceach cur faoi go neamhdhleathach i dtír sula mbronnfar stádas dleathach air. Ach ós rud é nach vótálaithe iad inimiricigh lasmuigh den dlí – ná tromlach na n-inimirceach a bhfuil stádas dleathach acu, ach oiread – ní ceist í seo a ndéanann ár n-ionadaithe poiblí mórán machnaimh uirthi.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.