AR NA SAOLTA SEO
An Raibh an Cháinaisnéis Cothrom?
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

D’ainneoin ghéire na gciorraithe sa chóras sláinte tá Ciarán Mac Aonghusa den tuairim go bhfuil léas beag dóchais ag sileadh chugainn ó fhoinsí éagsúla.

Íomhá
I ndiaidh teipe, nóta buíochais ar an doras
Íomhá
Brian Ó Luineacháin, nach maireann
(le nerosunero ar Flickr)
Íomhá
Aislingí gan fíorú
Íomhá
Taoiseach an ama
(le Jeff Meade, Irish Philadelphia Photo Essays, Flickr)
Íomhá
Ionad an chinnidh

Don chéad uair le cúig bliana níor chaill oibrithe na tíre aon ioncaim de bharr na cáinaisnéise. Is iad an dream óg atá faoi 25 bliain d’aois agus atá ag fáil sochar sóisialta is mó a bheidh thíos ó thaobh íocaim de. Anuas air sin rinneadh athruithe suntasacha ar ghnéithe áirithe den tsochar leasa shóisialaigh a bhíonn ar fáil do phinsinéirí, ach is iad na ciorraithe is mó a chuirfeadh anró ar dhaoine.

Le obair an rialtais seo a mheas is fiú go mór an comhthéacs a bhreathnú. Ní raibh aon rogha éasca fágtha acu tar éis na gciorraithe a rinneadh le cúig bliana anuas. Is cuimhin linn go maith an t-anró a bhain leis na chéad cháinaisnéisí de chuid Fhianna Fáil agus na nGlasach. Bhí an geilleagar chomh fada as a riocht ag tús na géarchéime agus go raibh ar an rialtas dheireanach ceartúcháin ollmhóra choscracha a chur i bhfeidhm in achar an-ghearr. Chuir Brian Lenihan trí cháinaisnéis os comhar na Dála taobh istigh de cheithre mhí dhéag (Deireadh Fómhair 2008, Aibreán 2009, Nollaig 2009). Bhí ciorraithe agus arduithe cánach ar luach €11 míle milliún iad i gceist ina iomlán sa tréimhse bheag sin. Ní raibh aon cheann de na cáinaisnéisí chomh dona ó shin, mar sin féin a deir tú, bhí siad dian go maith.

Ar an drochuairan t-easnamh atá ar bhuiséad na tíre seo fós ar cheann de na heasnaimh is airde san Eoraip. Má ghlacann tú leis go gcaithfimid an t-easnamh seo a cheartú, tuigfidh tú nach bhfuil aon rogha againn ach an cháin a ardú agus an caiteachas a ghearradh siar arís. Ach tar éis an méid a tharla le blianta beaga anuas tá gach pingin scrúdaithe agus athscrúdaithe cheana féin.

Sceanairt a Bhí le Déanamh

Shocraigh an rialtas ar €2.5 míle milliún, rud a fhágfas easnamh de 5% de OTI ag deireadh na bliana seo chugainn (bhí sé 8% an bhliain seo caite agus 30% sa bhliain 2010). Shocraigh siad fosta ar fhaoiseamh a thabhairt don cháiníocóir ar cuireadh an t-ualach trom air le roinnt blianta anuas. Táim cinnte go raibh cúiseanna polaitiúla taobh thiar den chinneadh sin ach tá ciall eacnamaíoch ann chomh maith. Ó tháinig an t-ardú an-mhór ar rátaí cánach na tíre, shleamhnaigh Éire amach as an ghrúpa de thíortha a bhfuil réimeas éadroim cánach iontu agus isteach sa ghrúpa a bhfuil réimeas measartha trom iontu. Agus maíonn na heacnamaithe (agus ar ndóigh an lucht gnó) go gcuirfeadh a thuilleadh cánach bac ar infheistíocht agus ar an fhás gheilleagrach.

Ní raibh sé i gceist tuarastail na státseirbhíseach a ghearradh arís ach an oiread. Tá an cath sin tugtha agus tá súil ag an rialtas go gcoinneoidh Comhaontú Bhóthar Haddington srian ar chostas páidhe agus go gcuideoidh sé le feidhmiúlacht na státseirbhíse a fheabhsú. Mar sin, má bhí faoin rialtas €2.5 míle milliún a shábháil, ní raibh sé de rogha acu ach féachaint leis na céadta mionbhearta a athrú anseo is ansiúd.

Brú chun Oiliúna

Thug na srianta seo orthu féachaint ar chás na ndaoine óga a scrúdú maidir le híocaíochtaí leasa shóisialaigh. Tá siad ann a deir gur chóir na híocaíochta seo a laghdú dóibh siúd nach nglacann áit ar chúrsa oiliúnanach bhfuil ag cur dua orthu féin ag cuartú oibre. Is fíor go bhfuil mí-oiriúnú i gceist idir an dream dífhostaithe agus an margadh oibre, cuirim i gcás na scórtha míle a chaill a gcuid post san earnáil tógála agus na mílte post atá ar fáil in earnáil na teicneolaíochta. Níl a fhios agam an mbeifear in ann an deighilt seo a cheartú riamh, ach tá ciall le brú a chur ar dhaoine óga oiliúint a chur orthu féin. Maidir le bheith ag cuartú post, áfach, is cinnte go bhfuil an ganntanas chomh dona agus go bhfuil sé fíordheacair freagra a fháil ar CV, gan trácht ar phost a fháil.

Rinneadh go leor gearán faoin ghearradh ar an liúntas gutháin do phinsinéirí, ach tríd is tríd ó thús na géarchéime, is beag an t-ísliú ioncaim a fuair siad le hais an teaghlach óg a bhfuil cúram leanaí orthu agus, anuas ar chiorraithe an rialtais, a chaill postar gearradh siar ar a dtuarastal. De réir an ITES tháinig ísliú de 1.25% ar ioncaim an phinsinéara ó thús na gciorraithe ar fad. Is é 6.5% an uimhir i gcás daoine eile atá ag brath ar leas sóisialach, agus thart ar 9%, ar an mheán, don cháin-íocóir. Ach é sin ráite, tá cuid mhór pinsinéirí leochaileach agus cuireann na scéalta seo buaireamh intinne orthu atá, uaireanta, níos troime ná ba chóir.

Ní dóigh liom, áfach, go raibh athruithe ar ioncaim ag croílár na cáinaisnéise. Is iad na ciorraithe beaga fadtéarmacha, cuid acu folaithe nach mór, a chuirfidh isteach ar dhaoine áirithe sna míonna atá amach romhainn: athruithe ar scéim na gcártaí liachta, an forlíonadh ús morgáiste, táillí na n-oideas leighis, na harduithe ar tháillí ollscoile, agus mar sin de.

Luach na gCéadta Milliún

Is mór an t-iontas é gur éirigh leis an FSS an córas sláinte a choinneáil ar siúl tar éis na gciorraithe ar fad. Tá laghdú de €3 míle milliún ar bhuiséad an FSS ó thús chliseadh an gheilleagair. Cuireadh cúram leighis ar níos mó daoine anuraidhle linn an bhorrtha ina ainneoin sin. Léiríonn sé seo an neamhfheidhmiúlacht a tháinig ar an chóras le linn an tíogair, ach léiríonn sé freisin an dóigh ar éirigh le hoibrithe na seirbhíse, idir bhainisteoirí agus ghnáthoibrithe, a gcuid cleachtas a athrú. Iarradh ní ba mhó orthu agus thug siad é. Ach tá sé soiléir anois nach féidir a thuilleadh a dhéanamh gan tuilleadh acmhainní. Tá an daonra ag fás agus ag dul in aois agus tá an chuma ar an FSS anois go bhfuil sé ar shéala cliseadh.

Mar sin, ní chuirfidh sé iontas orm má tharlaíonn gurb iad na ciorraithe sa chóras sláinte a fógraíodh sa cháinaisnéis, agus ar luach na gcéadta milliún iad, is mó a dhéanfaidh dochar do dhaoine sna míonna agus sna blianta amach romhainn.

Ní aontóinn le gach athrú a rinneadh sa cháinaisnéis ach sílim go ndearna an rialtas iarracht an leigheas anróiteach a scaipeadh go cothrom, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh na hathruithe pianmhara a cuireadh i bhfeidhm orainn le cúig bliana anuas. De réir a chéile tá fianaise ó fhoinsí éagsúla ag teacht le chéile maidir leis an gheilleagar féin, agus buíochas mór le Dia, tá loinnir bheag an dóchais ar an scéal don chéad uair le fada an lá.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.