AR NA SAOLTA SEO
An PSNI ar nós cuma liom maidir le himreas fuilteach na ndílseoirí
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Tá Robert McMillen den bharúil nach bhfuil na póilíní sna Sé Chontae róbhuartha faoin aighneas fuilteach atá ar siúl idir an UVF agus an LVF, in ainneoin go bhfuil daoine neamhchoireacha á marú.

Íomhá
Jameson Lockhart: dúnmharaíodh é ar an 1 Iúil
Íomhá
Craig McCausland: maraíodh é i dteach a chailín
Íomhá
Thomas Devlin: maraíodh é agus é ag pilleadh ón siopa
Íomhá
Níl Paul Leighton sásta a admháil go raibh na hionsaithe ar thithe Caitleacha in Aontroim seicteach
Íomhá
An Ginearál John de Chastelain: ag pilleadh go Béal Feirste

Níl seans ar bith go dtabharfaidh an UVF suas a ghunnaí, dar le Ken Wilkinson, urlabhraí an PUP - páirtí polaitíochta atá ceangailte leis an UVF – “[as long as] republican dissidents continue to pose a threat to peace”, de réir ráitis a thug sé don Belfast Telegraph.

Bheadh sé greannmhar mura mbeadh sé contúirteach.

Le tamall beag anuas, tá ceathrar maraithe ag an UVF i bhfeachtas fuilteach a bhfuil sé mar sprioc aige deireadh a chur leis an LVF, an mac mire a scar ón chlann i 1996.

Thosaigh sé le tréan *machismo *ach roimh i bhfad d’éirigh sé dáiríre.

Rinneadh ionsaithe ar ghluaisteáin na gcéilí comhraic, ceann ar cheann, scaoil siad urchair lena chéile, péinteáladh “LVF” ar phubanna a raibh baint acu leis an UVF.

Ach ar an chéad lá de mhí Iúil, maraíodh Jameson Lockhart, an chéad duine a dúnmharaíodh ó bhí imreas marfach idir an dá ghrúpa bliain ó shin.

Is léir go measann baill an UVF gur seo an t-am ceart le deireadh a chur leis an LVF. Measann siad go bhfuil an phobail agus an PSNI acu.

I ndiaidh dhúnmharú Jameson Lockhart, maraíodh Craig McCausland i dteach a chailín ar an 12 Iúil mar gur creideadh (go contráilte) go raibh sé ar thórramh Lockhart. Ar an oíche chéanna, scaoil gunnadóir de chuid an LVF David Hanley sa chloigeann cúig huaire. Ní bhfuair an fear óg – nach raibh baint ar bith aige le grúpaí paraimíleatacha – bás, ach beidh sé dall an chuid eile dá shaol. Mharaigh an UVF Stephen Paul (30 Iúil) agus Michael Green (15 Lúnasa) fosta, ainneoin go bhfuil sé ráite ag an LVF nár bhall dá gcuid a bhí in Green.

barúil ag go leor daoine go bhfuil Seirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann (PSNI) ag tabhairt rith an bhealaigh don UVF. Mhínigh an Ceannfort George Hamilton, an bleachtaire atá mar cheann feadhna an fhiosrúcháin ar an choimhlint, mar seo é:

“It’s significant that we are in the middle of a situation where we have these two criminal gangs, these paramilitary groups feuding with each other.”

Níl an PSNI i lár báire, a Sheoirse. Tá sé os cionn na coimhlinte agus tá sé de dhualgas oraibh cibé duine nó dream a dhéanann éagóir a thabhairt os comhair na cúirte.

Smacht

Lig an PSNI do scaifte de chuid an UVF smacht a fháil ar eastát tithíochta in oirthear Bhéal Feirste darb ainm Garnerville ag deireadh mhí Iúil. Chuaigh na scórtha paraimíleatach de chuid an UVF isteach sa cheantar – atá in aice le coláiste traenála an PSNI! – leis an ruaig a chur ar theaghlaigh a bhain leis an LVF.

tréimhse mhaith í seo don PSNI. Chomh maith leis an easpa dul chun cinn atá a dhéanamh acu stop a chur leis an choimhlint dhílseach - leoga measann idir náisiúnaithe agus aontachtaithe go bhfuil siad ag fadú na coimhlinte - tá eagla i measc na gCaitliceach go bhfuil foréigean na ndílseoirí ag imeacht ó smacht agus nach bhfuil an PSNI toilteanach iad a chosaint.

Bhí macalla na staire le cluinstin nuair a maraíodh Caitliceach óg 15 bliana d’aois, Thomas Devlin, agus é ag siúl chun an bhaile ón tsiopa. “Random” a thug an PSNI ar an ionsaí agus níor aimsigh siadceannfháth” ar bith go fóill, ainneoin go bhfuil a fhios ag “cait an bhaile” gur baill den Mount Vernon UVF a sháigh Thomas chuig huaire sa droim.

Deir an tráchtaire Newton Emerson go bhfuil tuarascáil á foilsiú ag Ombudsman na bPóilíní i mbliana a mhaíonn go bhfuil ball den Mount Vernon UVF ciontach as corradh le 13 dúnmharú ach go bhfuil sé á chosaint ag Brainse Speisialta an PSNI mar gur brathadóir é.

Tá Caitlicigh ag amharc ar mharú Thomas Devlin agus an leisce atá ar an PSNI bogadh in éadan an UVF sa chomhthéacs seo.

Níos measa fós, go dtí seo measann rialtas na Breataine go bhfuil sos comhraic an UVF i bhfeidhm!

Tá Caitlicigh buartha fosta fá dhrogall an PSNI admháil gur ionsaithe seicteacha a bhí sna buamaí peitril a caitheadh ar thithe Caitliceacha in Áth Eochaille, Co Aontroma. Imreas idir comharsanaigh – “people not getting on with each other” - a bhí taobh thiar den trioblóid, a mhínigh leas-PhríomhChonstábla an PSNI, Paul Leighton. Dhiúltaigh sé seicteachas a thabhairt air. (Is fearr liom féi na focail frith-Chaitliceachas agus/nó frith-Phrotastúnachas a thabhairt air mar go n-aithníonn sé cé atá ciontach!)

Níl Caitlicigh ar bith fágtha in Áth Eochaille, ach tá an UVF ag coinneáil a ngunnaí mar go bhfuil siad buartha fá easaontóirí poblachtánacha. Tháinig páipéar úr nuachta amach dar teideal an Shankill Mirror *a mhaíonn go bhfuil “Ulster at Crisis Point*”.

Tháinig 200,000 cóip den pháipéar i dtir i Latharna, mar athchruthú ar an eachtra smuigleála gunnaí a tharla sa bhaile cois cuain i 1914 ar an long an Clyde Valley. Baill shinsearacha de chuid an UDA agus an UVF a bhí taobh thiar den eachtra.

An tseachtain seo fosta, fillfidh an Ginearál John de Chastelain agus a chomhghleacaithe go Béal Feirste. Táthar ag dúil le gníomhartha móra díchoimisiúnaithe ón IRA roimh i bhfad. Caithfidh na dílseoirí – agus an PSNI - oibriú amach go gasta cad chuige ar ann dóibh.

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.