AR NA SAOLTA SEO
An pionós báis sna Stáit Aontaithe: díoltas agus cos ar bolg
Stephen E. Brown Stephen E. Brown Stephen E. Brown

Daoradh breis is ceithre scór chun báis sna Stáit Aontaithe anuraidh. Tá Stephen E. Brown go láidir den tuairim go bhfuil an córas claonta i gcoinne daoine dubha agus grúpaí mionlaigh.

Íomhá
Seomra an bháis, Príosún Stáit San Quentin
Íomhá
Aaron James McKinney agus Russel Henderson
Íomhá
Andrea Yates as Texas a bháigh a cúigear páistí i mí an Mheithimh.
Íomhá
Mario Marquez

Ar an chéad amharc, déarfadh duine gur pionós ceart agus oiriúnach é an pionós báis i gcás coireanna an-fhoréigneacha agus gráiniúla - an dúnmharú, cuir i gcás. Tá daoine áirithe den tuairim chomh maith gur bac éifeachtach ar an choireacht é. Níor cuireadh aon chruthúnas ar fáil riamh, áfach, go bhfuil an ceart acu siúd a úsáideann an dá argóint thuas mar chosaint ar an phionós báis. Ar an drochuair, bíonn an chlaontacht chéanna le feiceáil i gcás an phionóis seo is a bhíonn i gceist i ngach gné eile den saol - agus nuair a dhéantar botún, ní féidir an scéal a chur ina cheart.

An deacracht is mó a bhaineann leis an phionós báis ná go mbíonn claontacht i gceist ó thaobh cúisitheora, cosantóra agus íospartaigh de. Is iad na cúisitheoirí a dhéanann an cinneadh cé ba cheart a chúiseamh, cad iad na coireanna ar cheart iad a chúiseamh astu agus cé chomh dian is ba cheart don phionós a bheith. Gan amhras, bíonn fonn níos mó go minic ar chúisitheoirí an pionós báis a iarraidh i gcás amháin seachas i gcás eile, go háirithe nuair a bhíonn an cosantóir dubh agus an t-íospartach geal. I Stát Maryland, mar shampla, is daoine dubha iad 69% de na daoine atá ar rae an bháis, agus ba dhaoine geala iad 81% den dream a bhí thíos lena gcoireanna.

Tá na staitisticí mar an gcéanna ar fud na Stát Aontaithe. Léiríonn siad go n-iarrann na cúisitheoirí an pionós báis níos minice nuair a bhíonn an cosantóir dubh agus an t-íospartach geal. Is beag aird a bhíonn ar chásanna ina mbíonn an t-íospartach dubh nó ina mbaineann sé/sí le grúpa eitneach eile.

Ní bhaintear úsáid as an phionós báis chun cosaint a chur ar fáil do dhaoine dubha nó do ghrúpaí mionlaigh eile sa tsochaí agus níor baineadh riamh as ar an chúis seo (níor cuireadh aon fhianaise ar fáil go dtí seo go gcosnaíonn sé an tsochaí ar chor ar bith). Tá claontacht láidir sheanbhunaithe i gceist i sochaí Mheiriceá maidir le cur i bhfeidhm an phionóis bháis. Léiríonn an chlaontacht ó thaobh cine de i gcur i bhfeidhm an phionóis seo go n-úsáidtear anois é, agus gur úsáideadh i gcónaí é, mar uirlis don chur faoi chois, don chos ar bolg polaitiúil agus ciníoch, don leithcheal agus don díoltas.

Teachtaireacht shoiléir

=======

Féachaimis ar chás ina raibh tionchar ag an “chineál” duine a bhí san íospartach ar an phionós a gearradh. Ar an 6 Deireadh Fómhair, 1998, fuadaíodh Matthew Shepard, fear aerach bliain is fiche a bhí ina chónaí in Albany County, Wyoming, tugadh amach faoin tuath é, tugadh léasadh brúidiúil dó, agus fágadh ansin é le bás a fháil. Fuath nimhe a spreag na dúnmharfóirí chun gnímh. Cúisíodh na dúnmharfóirí sin, Aaron James McKinney agus Russel Henderson, as an choir ach níor gearradh ach téarma príosúnachta saoil orthu. An teachtaireacht shoiléir atá i gceist anseo ná nach bhfuil an pionós báis tuillte ag aon duine a mharaíonn fear aerach.

Féachaimis ar chás eile ina raibh tionchar ag an chineál íospartaigh a bhí i gceist ar an phianbhreith a gearradh i gcás dúnmharaithe. Ar an 26 Deireadh Fómhair 1994, chuir Susan Smith as Union, South Carolina in iúl do na póilíní gur ghoid fear dubh a raibh gunna aige a carr agus gur imigh sé lena beirt mhac óga (duine acu ceithre mhí dhéag, an duine eile trí bliana d’aois). Chaith na póilíní áitiúla an deich lá ina dhiaidh sin ag lorg fear dubh i gcarr goidte agus beirt pháistí geala in éineacht leis (rud a gcuirfí an-suntas ann, cheapfá, i mbaile deisceartach chomh ciníoch le hUnion, SC). I ndiaidh dóibh í a cheistiú arís is arís eile, d’admhaigh Smith sa deireadh do na póilíní nár goideadh a carr - gur cheangail sí a cuid mac isteach ina suíochán sábháilte agus gur lig sí don charr rolladh isteach i loch. De réir dealraimh, bhí na cúraimí clainne a bhí uirthi ag cur isteach, dar léi féin, ar an chaidreamh a bhí aige le fear ag an am. Tugadh Susan Smith os comhair cúirte sa deireadh agus cúisíodh í as dúnmharú den chéad grád. Gearradh téarma príosúnachta saoil uirthi, áfach, seachas í a dhaoradh chun báis. An teachtaireacht a bhí i gceist sa chás seo ná nach bhfuil pionós báis tuillte ag máthair óg gheal a dhúnmharaíonn a cuid páistí.

Beidh sé suimiúil feiceáil cad é a tharlóidh i gcás Andrea Yates. Ar an 20 Meitheamh 2001 bháigh Yates, as Houston, Texas, a cúigear páistí, a bhí idir sé mhí agus seacht mbliana d’aois, sa dabhach fholctha. Dúradh gur de bharr dúlagair post-partum a rinne sí é seo. Tá go leor ráite le tamall anuas faoin riocht ina raibh sí ó thaobh meabhrach de. Gan amhras, is bean í seo atá suaite go maith ina mothúcháin. Tá an cúisitheoir atá i mbun an cháis ag iarraidh go ndaorfaí chun báis í. Is féidir liom a rá go cinnte, beagnach, nach gcuirfear chun báis go deo í. Ná déan dearmad: más máthair óg gheal tú i ndeisceart na Stát Aontaithe a mharaíonn do chuid páistí, níl an pionós báis tuillte agat.

D’fhéadfadh duine an argóint a chur chun cinn, áfach, gur duine í Yates atá suaite ina meabhair agus nár cheart daoine atá sa drochriocht seo a chur chun báis. Inis sin do theaghlach Mario Marquez, fear faoi bhac meabhrach, agus gan aige ach IQ 65, a cuireadh chun báis i 1995 de bharr gur éignigh agus gur mharaigh sé déagóir. Tharraing an tUasal Yates a anáil dheireanach an lá céanna a mharaigh Andrea Yates a cúigear páistí. Tá mé cinnte dearfach go mbeidh caighdeán difriúil ceartais i gceist i gcás máthar óige gile a bhí suaite agus a mharaigh cúigear, ná mar a bhí i gceist i gcás fir mheabhairéislinnigh de shliocht Spáinneach a mharaigh duine amháin.

Tástáil DNA

=======

Ceann de na fadhbanna a bhaineann leis an phionós báis ná a dheacra is atá sé a chruthú gan amhras ar bith go bhfuil an cosantóir ciontach ("guilt beyond a reasonable doubt”, mar a deirtear). Bhí na cúisitheoirí thar a bheith sásta nuair a tháinig tástáil DNA chun cinn mar gheall ar an dóigh a bhféadfadh sé iad siúd a raibh amhras fúthu a cheangal le coireanna go cruinn, go háirithe coireanna foréigneacha mar ionsaí, éigniú agus dúnmharú. Go minic, cuidíonn tástáil DNA é sin a dhéanamh.

Rud amháin nach raibh na cúisitheoirí ag súil leis, áfach, ná go bhféadfaí an tástáil seo a úsáid chomh maith ar dhóigh eile: chun neamhchiontacht daoine a chruthú. Táthar tar éis tástáil DNA a úsáid i go leor cásanna chun neamhchiontacht príosúnach ar rae an bháis a chruthú, daoine go minic a bhíothas ag brath a chur chun báis i gceann cúpla lá. Tá eagla ar chúisitheoirí roimh thástáil DNA anois mar go bhfuil sé ag léiriú cad é chomh minic is a cuireadh cosantóirí chun báis a chiontaigh siad go hearráideach (cf. an leabhar Actual Innocence le Barry Scheck, Peter Neufeld, agus Jim Dwyer, 2001.)

Tá go leor daoine neamhchiontacha curtha chun báis, agus tarlóidh sé sa todhchaí fosta, de bharr mhí-iompar cosantóirí agus póilíní, de bharr nach raibh teacht ag cosantóirí ar chosaint cheart dlí, mar gheall ar chlaontacht fhorleathan ciníoch, bréagaithint, fianaise ó fhinnéithe nach bhféadfaí brath orthu, agus faoistiní a fuarthas leis an lámh láidir. Ba cheart, mar sin, deireadh a chur leis an phionós báis mar gheall ar nach féidir leis an stát a bheith cinnte go minic de chiontacht cosantóra agus mar gheall ar nach féidir rudaí a chur ina gceart nuair a dhéantar botún.

Tá Stephen Brown ina chónaí i Laurel, MD, taobh amuigh de Washington, DC. Is eolaí é atá ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge le hocht mbliana anuas agus bíonn sé in Éirinn go minic. Faoi láthair, tá sé ina chathaoirleach cláracha ar Chonradh na Gaeilge, Washington.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.