AR NA SAOLTA SEO
An peitreal: deireadh an bhóthair ag teacht?
Pádraig Mac Éamoinn Pádraig Mac Éamoinn

Tá seans gur féidir teacht ar chineálacha eile breosla le húsáid in áit an pheitril ach is gá mar sin féin, dar le Pádraig Mac Éamoinn, gearradh siar go mór ar an méid breosla a úsáidimid.

Íomhá
Íomhá
An Prius, gluaisteán hibrideach Toyota
Íomhá

Tá praghas na hola ag méadú, agus tá méadú ag teacht freisin ar líon na dtuairiscí sna nuachtáin ag rá gur cheart dúinn bheith cleachtaithe leis sin. Tá fáithe ag caint cheana féin faoi Bhuaic na hOla, an uair ag a thosóidh soláthar ola an domhain ag dul i léig, agus ag tabhairt foláirimh gur gá dúinn slite eile a aimsiú chun ár spleáchas ar an ola a laghdú.

Agus níl ár n-andúil san ola níos soiléire áit ar bith ná sa chaidreamh suirí atá againn leis an ghluaisteán. Ar feadh tamaill fhada sa tír seo, b’ionann “bonneagar iompair” agus “níos mó bóithre agus bóithre níos mó.” Sna blianta atá romhainn, ní hamháin in Éirinn ach i ngach áit, beidh orainn smaoineamh faoi conas a úsaidfear na bóithre sin, agus faoi cén saghas feithiclí a thiomáinfear orthu. Na laethanta seo, tá timpeall 750 milliún gluaisteáin agus leoraí sa domhan, agus táthar ag tuar go mbeidh 1.1 billiún ann sa bhliain 2020 (roinnt mhaith acu sa tSín!). Dá ndéanfaí iad seo a pháirceáil le chéile, shínfidís timpeall an domhain – 125 uair! Chun méadú mór ar an truailliú a sheachaint, ní foláir go n-éireofaí as peitreal a dhó sna féithiclí seo.

Is é Toyota a dhéanann an gluaisteán Prius, carr hibrideach a bhfuil dhá inneall ann, ceann amháin a úsáideann peitreal agus ceann eile atá leictreach. Tiocfaidh méadú mór ar líon na ngluaisteán hibrideach gan dabht: is féidir leo bheith i bhfad níos éifeachtaí ná gnáthghluaisteáin, go háirithe sna cathracha. Ach níl iontu ach réiteach gearrthéarmach. Agus ceistíodh, fiú amháin, cáil “ghlas” Toyota le déanaí: tharraing an New York Times *aird ar an SUV *(Sports Utility Vehicle, cosúil le Range Rover nó níos mó fós) nua, an Lexus, de chuid an chomhlachta. Cé gur feithicil hibrideach é (agus go bhfaigheann sé buntáistí cánach sna Stáit Aontaithe mar gheall air sin), tá sé chomh tartmhar le gnáth-SUV (agus bíonn olltart peitril ar na SUVanna!).

Hidrigin

Mar “réiteach” níos fadtéarmaí, áfach, tá beagnach gach comhlacht mór gluaisteáin ag cur airgid i dtaighde faoi hidrigin (in áit peitril). Tá rialtas na Seapáine ag iarraidh ar a chuid comhlachtaí 50,000 feithicil hidrigine a tháirgeadh roimh 2010. De réir Toyota arís, beidh gnáthghluaisteáin ag úsáid hidrigine faoi cheann 15 bliana agus beidh cuma dineasár ar ghluaisteáin a mbeidh inneall peitril iontu. Tá trialacha ar siúl le busanna hidrigine in aice le Londain faoi láthair. Sna Stáit Aontaithe, tá scéim i gCalifornia chun gréasán 100 stáisiún breosla hidrigine a thógáil faoi cheann cúig bliana agus deontas $10,000 á thabhairt i gcás gach gluaisteáin hidrigine.

Ach b’fhéidir go bhfuil na pleananna seo ró-ardaidhmeannach. De réir cuid de na saineolaithe, beidh níos mó ama de dhíth (mar shampla go dtí 2015 nó 2020) díreach chun an teicneolaíocht a fhorbairt as a dtiocfaidh carranna hidrigine a bheas éifeachtach go leor, slán go leor, agus saor go leor freisin.

Is í an chill bhreosla, inneall a dhéanann leictreachas ó hidrigin agus ocsaigin agus arb é an t-uisce an t-aon dramhaíl a bhaineann leis, bonn na teicneolaíochta. Inneall gan truailliú nach gcuireann leis an téamh domhanda – slí chun neamhspleáchas ón ola a bhaint amach? Nach iontach an rud é? Is cinnte gurb ea, ach is gá an cheist a chur: cad as a dtagann an hidrigin seo?

Bhuel, más réiteach idéalach atá muid a lorg, is as “fuinneamh malartach” (fuinneamh “glan” as an ghaoth nó as hidrileictreachas) a dhéanfar an hidrigin (scoiltear uisce (H2O) go leictreach chun hidrigin agus ocsaigin a tháirgeadh). Ach má tá méid mór gluaisteán hidrigine i gceist, beidh ollmhéid hidrigine (agus ollmhéid fuinnimh) de dhíth. Agus níl sé sóiléir gur féidir leis na muilte gaoithe agus leis na hinnill tonnchumhachta an méid seo a tháirgeadh. Is dócha go mbeifear ag caint faoi stáisiúin chumhachta núicléacha nua – agus líon mór acu – go luath chun an fuinneamh a sholáthar. Beidh lucht an tionscail núicléach sásta!

Drochsmaoineamh?

An drochsmaoineamh é an gluaisteán hidrigine, mar gheall ar an ngá le cumhacht núicleach a bhaineann leis? B’fhéidir narb ea, agus fad is a bheidh an ola ag laghdú éireoidh an hidrigin níos tabhachtaí mar bhealach eile. Ach ní hé seo réiteach na buncheiste. Is é an fadhb is mó ná go bhfuil an-éileamh ar fhuinneamh ar fud an domhain faoi láthair – leictreachas fá choinne tithe agus monarchana agus breosla do na gluaisteáin agus na SUVanna – i bhfad ró-ard chun gur féidir leanúint leis. Sa ghearrthéarma, is féidir le gluaisteáin hibrideacha peitril/leictreach bheith beagán níos éifeachtaí. Go meántéarmach agus go fadtéarmach, is féidir leis an gcill bhreosla roinnt den éileamh a athrú ón ola go foinsí eile fuinnimh agus, mar sin, moill a chur ar an ngéarchéim a thiocfaidh ón easpa ola.

Ach tá ceist i bhfad níos bunúsaí ann: Conas is féidir ár sibhialtacht a athrú i rith na haoise seo chun gur féidir linn maireachtáil ar i bhfad níos lú fuinnimh? Is féidir bheith dóchasach, mar shampla, go ndéanfar freasaitheoirí comhtháthála núicléacha (an próiseas céanna a tharlaíonn sa ghrian) a fhorbairt chun fuinneamh glan a dhéanamh, sa chaoi is nach mbeidh níos mó áiteanna mar Sellafield agus a leithéid riachtanach ar fud na domhain. Ach, go réadúil, sna deich nó fiche bliain atá romhainn, is dócha go dtógfar níos mó stáisiún “salach” cumhachta núicleach chun fuinneamh a tháirgeadh leis an méadú a bheas ar an éileamh ar hidrigin a shásamh. Ní cúis iontais é go mbíonn an tionscal núicléach ag cur na béime ar shlite áirithe chun éileamh fuinnimh an ama i láthair a shásamh (nó b’fhéidir laghdú beag a dhéanamh air) gan bacaint le rudaí níos radacaí.

Mar sin, cé gur céim sa treo ceart atá in úsáid na hidrigine (teicneolaíocht a bhfuil níos lú den truailliú ag baint léi, nach n-úsáideann breosla gann), ní foláir dúinn éirí as ár n-andúil fuinnimh go luath nó go mall.

Is comhairleoir é Padraig Mac Éamoinn atá ag obair i dtionscal eitlíochta na Breataine.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.