CÚINNE NA nEALAÍON
An leacht nua ar Shráid Uí Chonaill ag cothú díospóireachta
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Beidh an Spíce atá á thógáil ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath curtha in airde faoi mhí Mheán Fómhair. Tá neart conspóide ag baint leis an tionscadal seo, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.

Íomhá
Íomhá

D’fhógair Comhairle Chathair Bhaile Átha Cliath ar na mallaibh go raibh obair tosaithe acu ar an Spíce a bheas suite i gcroílár chathair Bhaile Átha Cliath, Sráid Uí Chonaill.

Beidh an leacht 120 méadar ar airde, beidh an bonn 3 mhéadar ar leithead agus beidh trastomhas 15 mm ag an stuaic. Beidh dromchla an struchtúir snasta sa dóigh is go mbeidh frithchaitheamh na spéire agus an tsolais le feiceáil ann. Beidh an stuaic faoi phoillíní ornáideacha agus beidh solas ag teacht tríothu a bheas mar sholas rabhaidh i ndorchadas na hoíche os cionn chathair Baile Átha Cliath. Beidh corp an Spíc réamhtheilgthe i gcodanna agus curtha le chéile ar an suíomh féin.

Ba é an comhlacht ailtireachta Ian Ritchie Architects as Londain a dhear an Spíce cruach dhomheirgthe agus beidh sé mar chuid de thionscadal a bhfuil sé mar aidhm aige athnuachan a dhéanamh ar an phríomhshráid agus í a thabhairt ar ais chun beatha arís. Cosnóidh an leacht €4 mhilliún.

Beidh an Spíce lonnaithe ar an suíomh ar sheas Piléar Nelson air agus, de réir cosúlachta, beidh sé chomh conspóideach céanna. Ag caint faoin tionscadal athnuachana do lár na cathrach le déanaí dúirt an Taoiseach Bertie Ahern go n-oibríonn tionscadal den chineál seo mar mheafar ar na físeanna agus an mhuinín a atá ag náisiún ann féin. Bhí drogall air, áfach, a thuairim féin a nochtadh ar an spíce.

"Ní thig liom a rá go bhfuil dúil agam ann go dtí go bhfeicfidh mé é tógtha ar an tsráid. Níl mé ag rá nach bhfuil dúil agam ann ach, le bheith macánta, tá deacrachtaí agam samhlú cén chuma a bheas air. Creidim má chuireann tú foireann saineolaithe le chéile go mbeidh comórtas idirnáisiúnta agat. Bíonn an bua ag an cheann is fearr agus téann tú ar aghaidh leis ansin."

Ag tagairt don uaisleacht agus an tábhacht a bhí ag baint le Sráid Uí Chonaill leis na glúnta, rinne sé comparáid idir é agus an Champs-Elysee i bPáras agus Broadway i Nua-Eabhrac. Chuir sé i gcuimhne do dhaoine chomh lárnach is a bhí an tsráid ó thaobh stair na tíre de. Dúirt sé ós rud é gur Sráid Uí Chonaill an phríomhshráid in Éirinn go raibh sé riachtanach go ndéanfadh sé ráiteas faoin chinéal tíre atá againn anois agus go dtaispeánfadh sé an fás agus an fhorbairt atá ag tarlú thart orainn.

Gearáin

Ní ghlacann gach duine leis an fhís seo, áfach, agus tá go leor gearán le cloisteáil agus le léamh ó tháinig tionscadal an leachta seo chun cinn. Ar an suíomh gréasáin Archforums (www.archforums.com), mar shampla, bhíothas ag gearán nach raibh an Spíce oiriúnach don tsráid maidir le stíl ailtireachta; in áit coincheap simplí cliste bhí an dearadh róshimplí agus dúirt roinnt daoine eile gur chuir an Spíce steallaire mór i gcuimhne dóibh. Bhí daoine eile den tuairim gur chóir leacht a chruthú a dhéanfadh comóradh ar eachtraí stairiúla na sráide.

Tá go leor eile den bharúil, áfach, gur léiriú é an leacht ar chéim mhuiníneach chun tosaigh ó thaobh cúrsaí ailtireachta de, agus nach bhfuil eagla orainn a bheith difriúil. Go mbeidh an Spíce spreagúil, álainn agus grástúil - rud a mheallfadh daoine in Éirinn agus go hidirnáisiúnta agus a bheidh mar phointe fócasach tarraingteach. Dúirt Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, an Comhairleoir Michael Mulcahy, gur chreid sé go mbeadh clú idirnáisiúnta ar an Spíce mar atá ar leachtanna cáiliúla eile sa domhan.

Nuair a bheas an Spíce críochnaithe tá sé i gceist ag an Chomhairle go mbeidh plaza tógtha taobh amuigh d’Ardoifig an Phoist, agus go mbeidh an tsráid féin mar boulevard le crainn síos na taobhanna, cosáin leathana, bothanna caife, páipéar nuachta, eolais, guthán agus bláthanna, chomh maith le troscán úr sráide.

Dhear an comhlacht ailtireachta Bloc, atá bunaithe i Londain, na bothanna úra agus tá an chéad cheann (caife) le bheith tógtha taobh amuigh d’Ardoifig an Phoist faoi mhí Eanáir seo chugainn.

Fágfaidh muid an focal scoir ag an Taoiseach, Bertie Ahern. Agus é ag caint faoin nós a bhí ag Bus Átha Cliath "The Pillar" a chur mar cheann scríbe ar na busanna a bhí ag dul isteach go lár na cathrach, mhol sé gur chóir do Luas an sampla sin a thógáil agus ainm úr a chumadh don chóras iompair a bheas ag dul isteach go dtí an tsráid.

Beidh orthu a bheith céim chun tosaigh ar wits Bhaile Átha Cliath atá ar a ndícheall cheana féin ag cumadh leasainmneacha don Spíce, leithéidí "The Stiletto in the Ghetto" agus "The Needle at the Cathedral"!

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.