THALL IS ABHUS
An Hammam i nDamaisc
Amanda Reid Amanda Reid

Le linn a seal san Oirthear, thug Amanda Reid cuairt ar an hammam, an teach folctha i gcathair Damaisc. Beo ar éigeann a tháinig as.

Íomhá
Seanchathair na Damaisce
(le Sufun Love ar Picasaweb)
Íomhá
Hammam galánta in Istanbul
(le Gryffindor ar Vicipéid)
Íomhá
Dealbh Saladin i nDamaisc
(le Godfried Warreyn ar Vicipéid)
Íomhá
Pól ar an mbóthar go Damaisc, Michelangelo
(Bob Swain ar Picasaweb)

An hammam, an teach folctha: is ann a théann na daoine sna tíortha Arabacha le héalú ó shaol cúng an . Is áit é le scith a ligean agus leis na scéalta is úire a chloisteáil. Rinne féin mo bhealach go dtí an hammam i nDamaisc i dteas an tráthnóna. Bíonn am faoi leith ann i gcomhair na mban. Bhí deacair an doras a aimsiú. Lonnaithe idir dhá shiopa a bhí , an staighre íseal, agus é clúdaithe ó shúile na sráide le cuirtín. bhí fógra ann mar leide faoin áit a bhí istigh, níor aithin mise é i measc na gcomharthaí éagsúla i dteanga na hArabaise. Taobh thiar den chuirtín, d’oscail doras ar chéimeanna síos díreach ón tsráid a fhad le seomra íseal, leathan. Bhí péint ghorm ar na ballaí, rud a chur leis an dorchadas nádúrtha. Bhí bínsí adhmaid greamaithe sna ballaí le suí orthu mar a dhéanfá sa gclúid. Ar an taobh eile den seomra, bhí bean ina suí ag cuntar adhmaid. Bheannaigh dom: “Salaam aleichum.” “Wa-aleichum a-salaama deirim féin. Sheas ag fanacht le treoir.

Tugadh seilf dom le mo chuid málaí agus bróg a leagan isteach ann, agus chomharthaigh dom lena lámh an bealach isteach chuig an hammam féin. Tuilleadh céimeanna ansin. Bhí go domhan faoin tsráid faoin am seo. Shiúil síos dorchla caol ag cuardach an tseomra. Bhí stuanna ag oscailt ar sheomraí beaga ag gach uile ghabhlóg den dorchla, mar a bheadh coirceog na mbeach. D’ardaigh an teas agus ag déanamh ar chroílár an hammam. D’fhág mo léine agus mo threabhsar crochta ar thairne meirgeach taobh amuigh den chéad doras, isteach liom ansin agus gan snáth orm ach an fobhríste.

Croílár na Coirceoige

raibh an-chinnte faoi nós imeachta na háite. Bhí puthanna gaile ag doirteadh isteach sa seomra ó sheomra mór an hammam. Bhreathnaigh isteach. Bhí solas bog sa seomra ag taitneamh anuas ó sclátaí gloine daite a bhí greamaithe in áirse mhór na síleála os mo chionn. Bhí airde mhaith sa seomra, ach bhí chomh daingean sa talamh go mba léir gur bhain leis an gcianstair sular fhás an chathair féin os a cionn. Bhí uaisleacht sa seomra nach raibh le feiceáil sa seomra feithimh thuas ag an doras. Leacáin mharmair seachas stroighin, uisce ag sileadh go bog isteach sna dabhachaí míne marmair timpeall le balla.

Tríd an ngail, chonaic nach raibh mórán ban sa seomra romham. Bhí iontas orm bean aosta a fheiceáil ina measc, í ina suí ina craiceann ar mharmar an urláir, na cosa spréite amach roimpí. raibh ribe gruaige uirthi seachas ar a ceann. Breathnaigh orm agus an ghail ag bailiú ar a cuid spéaclóirí móra troma. Bhí a chuid súile méadaithe go mór ag an gloine thiubh. Bhí taibhsí ag bogadh tríd an ngail ar chúl an tseomra. Bhí cailíní ins na déaga ansin agus iad clúdaithe go bonn na gcos le gúnaí bána. B’fhéidir gur chlúdaigh na gúnaí éadroma a gcuid náire, ach leis an taise níor cheil siad morán rud ar bith eile.

Sheas bean bheag os mo chomhair agus í ag fógairt orm in ard a gutha. Bhí féin gléasta ina cuid fo-éadaí, bhí a cuid gruaige fliuch agus í tarraingthe siar go sraoilleach. Lean uirthí ag spalpadh cainte liom, í ag bualadh an aeir lena láimh agus í ag dul i mbun sáraíochta liom. Bhí gan tuiscint agus fhéadfainn cuidiú léi. Nuair a thaispeáin an t-urlár dom go húdarásach, thuig gurbh ise an suathairean masseuse - agus go raibh de dhualgas orm luí síos de réir mar a bhí féin a mholadh.

An Sciúradh

Luigh siar faoi mar a d’iarr orm. Chonaic smaois réama greamaithe den bhalla amach uaim. Bhog níos gaire do lár an tseomra le fanacht amach ó bhun an bhalla sin. Bhí an áit seo níos ísle, agus an fuílleach uisce chomh maith le dríodar na ndaoine ag éalú leis amach as an seomra. Thug suntas do phlástar a bhí ar snámh go mall i dtreo na claise. Dhún na súile agus luigh ar mo bholg ar an marmar fuar.

Dar fia! Bhuail an bheainín beag le miotóg gharbh. Bhí seo sleamhain le galúnach agus thug faoi chuimilt mhaith a thabhairt dom leis an seanchraiceann triomaithe a bhaint díom. Sciúradh an tseanphota! D’oscail mo shúile agus chonaic dríodar mo chuid craicinn ag bailiu ar an miotóg. Lean uirthí go dtí nach raibh tuilleadh le haimsiú, agus thosaigh ansin ag a cuid méara i mo bhlaosc, ag agus ag tarraingt mo chuid gruaige go dtí go raibh mo chloigeann ag scairteadh. Na matáin agus an cholainn ar fad ansin, í á dtarraingt agus á lúbadh go dtí gur shíl go gcaithfí a iompar amach as an áit. Smaoinigh ar mo bheartas árachais; an raibh gortú de bharr róníocháin san áireamh ann?!

I ndeireadh an sciúrtha, d’ordaigh dom an t-uisce fuar ón dabhach a chaitheamh tharam féin le mias beag plaistic. raibh in ann. Bhí chomh lagaithe. Ghlac tamall orm éirí agus chuidigh an t-uisce glé le mo chuid craiceann feannta a fhuarú. Luigh siar leis an lagar a ligean tharam.

Bhí an tseanbhean romham sa seomra feitheamh nuair a chuaigh amach ar ball, le mo chuid balcaisí a bhailiú agus eile. Ar feadh nóiméad amháin, níor aithin í. Bhí réitithe don tsráid, a colainn nocht clúdaithe anois ó bhun go barr in éadach liath fillte. raibh le feiceáil ach a héadan. Níor aithnigh ach na spéacláirí troma a bhí á gcaitheamh aici, agus na súile móra ag stánadh orm tríd an gloine thiubh.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Nua-Shéalainn ó dhúchas í Amanda Reid a bhfuil blianta caite aici in Éirinn agus i dtíortha eile.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.