AR NA SAOLTA SEO
“An Grá”, a dúirt Bloom
John Paul McCarthy John Paul McCarthy

Shonraigh John-Paul Mc Carthy tagairtí ar leith sna haithisc a thug an tUachtarán Michael D. Ó hUiginn le linn a chuairte ar Mheiriceá le déanaí.

Íomhá
Blaiseadh d'oidhreacht na staire, an Jeanie Johnson
(le Tony Birtill)
Íomhá
An tUachtarán
(le Alison ar Vicipéid)
Íomhá
Thagair don Seoigheach
Íomhá
Kavanagh, chuir suas do 'eitic na cuimhne'
(le Barry Carey ar Picasaweb)
Íomhá
Sa rás don Áras
(mar a bhí)

Agus mé ag treabhadh tríd na haithisc fhada dar fhoilsigh Áras an Uachtaráin le déanaí, tháinig cúpla taibhse aniar aduaidh orm gan choinne. Labhair Uachtarán na hÉireann, Micheal D. Higgins, mar gheall ar oidhreacht an Drochshaoil i Meiriceá le déanaí, agus rinne sé tagairtí freisin d’fheiniúlacht stairiúil na hÉireann agus don tsaorántacht. Rith prós galánta an staraí Oliver Mac Donagh liom agus mé á dhíleá, ach go háirithe an líne dheireanach dá bheathaisnéis ar an gConallach. Cé gur chuir an Fuascailteoir deireadh leis an gcosc dleathach a dhíbir Caitlicigh na hÉireann as parlaimint Westminster, agus cé gur deineadh laoch domhanda as fé 1829, scríobh MacDonagh “there would never be escape from his own inherent ardour, or the hereditary bondage of his ancestry, time or place.”

Cé go ndearna an tUachtarán iarracht an comhrá stairiúil a leathnú, theip air aon rud radacach a rá i Nua-Eabhrac ná i mBostún. D’úsáid sé leabhair neamhghnácha, cinnte, ina léacht in NYU mar gheall ar stair imirceach na hÉireann, leabhair cosúil le foinsí socheolaíochta sainiúla de chuid Orlando Fals Borda, Conrad Arensberg, Sol Kimball agus E.G. Ravenstein. Ach níor bhain sé aon cheol nua as na foinsí seo toisc gur chloígh sé go dílis le cur chuige intleachtúil caomhnach. Labhair an tUachtarán mar gheall ar na seanriachtanais phoiblí: an dualgas a bhraitheann sé ócáidí ar leith a chomóradh, méid na rudaí a chuirtear fé chomóradh poiblí a leathnú, seans a thabhairt do gach aon traidisiún a chuid mórtais a fhógairt os ard, an tsamhlaíocht stairiúil a spreagadh, ceiliúradh agus comhbhrón a dhéanamh de shíor.

An Radacachas

Is mór ag an Uachtarán an aidiacht “radacach”, focal dar úsáid sé go forleathan ina chnuasach Renewing the Republic (2012). Ach ní furaist an rud é iarsma na radacachta a bhlaiseadh insna haithisc fhíorfhada seo ó Mheiriceá. Dá gcuirfí na foinsí agus an staidreamh agus na giotaí próis ar leith dar roghnaigh an tUachtarán sna haithisc sin ar leathtaobh, d’fheicfí creathlach traidisiúnta ós do chomhair amach. De réir an chreathlaigh chéanna, tagann an fhéiniúlacht ón stair, tagann luachanna an tsaoránachais as conspóidí stairiúla, agus dá bhféadfaí an réimse stairiúil a leathnú, thabharfaí borradh ar leith don intleacht náisiúnta.

Mar a dúirt an tOllamh Seán Ó Tuama cúpla bliain ó shin agus cosaint á thabhairt aige d’oidhreacht liteartha Daniel Corkery, “is áiteamh é a chloistear coitianta go maith ag antraipeolaithe lenár linn féin; go mbíonn bunchóras luachanna le haithint i ngach cultúr fé leith, córas a mbíonn cruth faoi leith agus buaine áirithe ag baint leis, agus mar ghnathnós, go mbíonn rian láidir den chóras sin le haithint ar shaothar agus ar iompar gach duine a bhaineann leis an gcultúr sin.”

B’shin cur chuige an Uachtaráin freisin, cé gur bhain sé feidhm as foinsí stairiúla difriúla. Ní chóir gearán a dhéanamh mar gheall ar an nasc sin a rinne an tUachtarán idir an féiniúlacht agus an dúchas, nasc gur bhaistigh sé “the ethics of memory” air, ach ní féidir radacachas a chur ina leith ós rud é gur nasc caomhnach é seo.

D’fhonn na Daonnachta

Ní dóigh liom gur rith sé leis an Uachtarán ná lena lucht éisteachta gur dhiúltaigh Éireannaigh shuntasacha áirithe don nasc sin agus do chultúr intleachtúil an chomóraidh agus an chuimhnimh mar aon leis. Do thagair an tUachtarán do James Joyce in aitheasc amháin, ach níor thagair sé don iomarbhá idir Leopold Bloom agus an Cyclops anróiteach in Ulysses, nuair a thugann Bloom droim láimhe don stair d’fhonn a chuid daonnachta a tharrtháil. “But it’s no use,” says he. “Force, hatred, history, all that. That’s not life for men and women, insult and hatred. And everybody knows that it’s the very opposite of that that is really life.”

“What?” says Alf.

“Love,” says Bloom. “I mean the opposite of hatred. I must go now, says he to John Wyse.”

Fiche bliain tar éis Ulysses, rinne Patrick Kavanagh an nasc sin idir an stair agus an tsláinte náisiúnta a bhriseadh arís lena dhán, “In Memory of Brother Michael”. Dhiúltaigh seisean go glan don ‘ethics of memory’ toisc gur cheap sé ná féadfaí riamh cultúr bríomhar a bhunú ar luachanna stairiúla, gan trácht fiú ar an sainmhíniú a rinneadh ar an stair sin. “Skull of bard, thigh of chief, depth of dried up river, shall we be thus forever? Shall we be thus forever?”

Chuirfeadh filíocht den chineál sin isteach ar lucht éisteachta Meiriceánacha mar bhainfeadh sé geit astu. Ba dheacair dóibh ná do lucht éisteachta aige baile fiú, ciall a bhaint as aitheasc poiblí a chaith anuas ar an stair go huile is go hiomlán, agus a thug cuireadh do dhaoine bunphrionsabail intleachtúla neamhstairiúla a dhearadh dóibh féin agus dá gcuid sinsear. B’shin dúshlán Joyce agus Kavanagh don ‘ethics of memory’. Cé go labhraíonn an tUachtarán mar gheall ar “athnuachan” agus radacachas, níl an Cyclops sáraithe aige fós.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR
  • Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.
RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.