CAINT AN tSRÁIDBHAILE
An Ghaeilg mar Chroí-Ábhar agus an Taoiseach Úr

Mheas an Taoiseach úrthofa achar gairid ó shin ar bonn ‘hunch’ an Ghaeilg a chartadh amach as aicme na gcroí-ábhair ardteiste. De réir Raidió na Gaeltachta faoin 16 Feabhra 2011, bhí leagan amach an Taoisigh, agus Fine Gael dá réir, athraithe go port eile: “nuair a bheidh an taighde déanta”.

Tharla go bhfuil roinnt taighde déanta ar ghné den ábhar cheana féin agus gur cuireadh torthaí, as tíortha atá inchomórtais le hÉirinn, i láthair i mBaile Átha Cliath 22-24 Aibreán 2004, gur fhoilsigh Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, an t-eolas sin sa bhliain 2006 faoin teideal ‘Voces Diversae: Lesser-Used Language Education in Europe’, níor mhiste aird léitheoirí BEO a tharraingt ar bhlaisín den eolas sin.

Luaigh an Taoiseach an lá céanna sin thuasluaite, 16 Feabhra 2011, nach raibh daltaí meán scoile in anncúig abairt Gaeilge a chur i ndiaidh a chéile” tar éis 13 bliain staidéir ar an Ghaeilg amhail is gur chruthú an méid sin nach raibh rath ar an gcóras. Is é an t-iontas go mbeadh Taoiseach nó aon Tadhg an mhargaidh in Éirinn – agus bíonn – ag súil le rath ar a leithéid de chóras, ní hionann is roinnt tíortha thar lear mar a bhfuil ciall acu. Ní oibríonn an córas sin aon áit eile a bhfuil teanga faoi lagmheas le foghlaim mar ábhar i gcóras scolaíocht trí theanga ardghradaim. Teangacha eile i dtíortha eile nach n-oibríonn an córas sin is ea an Euscairis i dTír na mBascach, an Sámi san Ioruaidh, sa tSualainn agus san Fhionlainn, an Chailmicis i gCailmicia (i ndeisceart na Rúise), an tSorbais i ndeisceart na Gearmáine, an Chacais i gCacaisia (i ndeisceart na Sibéire), an Tatarais i dTatarstáin (na Rúise). Sna ceantair sin mar a bhfuil teanga ardghradaim chun tosaigh mar chéad teanga (L1, an Spáinnis, an Ioruais, an tSualainnis, an Fhionlainnis, an Rúisis, an Ghearmáinis) níl ach aon chóras scolaíochta amháin a thabharfaidh dátheangachas go rathúil do mhic léinn agus is é sin, córas ina múintear tríd an sprioctheanga (L2), ar nós chóras na gaelscolaíochta in Éirinn mar ar L2 í an Ghaeilg ag mórán chaon dalta.

Dubh agus Bán

Mínítear an scéal sa leabhar ‘Voces Diversae: Lesser-Used Language Education in Europe’ ar na leathanaigh seo a leanas go háirithe:

  • Lch. 3 ’only in model D [.i. tríd an sprioctheanga], the all-Basque one, is bilingualism (Basque and Spanish) guaranteed’;

  • Lch. 37 ’but bilingualism is not achieved with model A [.i. teanga nach í an sprioctheanga í]’;

  • Lch. 49 ’best progress in Sámi was found among those pupils who had received education through Sámi’;

  • Lch. 50 ‘The Norwegian experience corresponded with that of Finland and Sweden in that it was not found possible to achieve a functionally bilingual level of proficiency in Sámi when it was taught only as a school subject to children who were not full mother-tongue speakers when they started school.’;

  • Lch. 98 ‘in contrast to A-type schools [an sprioctheanga], the B-type schools [.i. trí theanga nach í an sprioctheanga í] were not capable of ‘producing’ pupils able (and willing) to communicate in Sorbian’;

  • Lch. 130 ’Those children learn their native language [Khakas] as an optional subject. Only 19% are fluent in all the forms of language competence.’

Ba é Dónall Ó Riagáin eagarthóir an leabhair ‘Voces Diversae: Lesser-Used Language Education in Europe’ agus is iad Cló Ollscoil na Banríona, na foilsitheoirí.

Tá an scéal ag gabháil thart to dtáinig roinnt Bascach chuig an Roinn Oideachais i mBÁC chun buaileadh leis an Aire Oideachais. Is éard a thug ann iad, bhí siad ag iarraidh roinn oideachais dá gcuid féin agus córas scolaíochta a chur ar bun agus theastaigh uathu an scéala a iniúchadh leis an Aire Oideachais abhus. Bhí an tAire faoi mhórtas. D’fháiltigh sí rompu agus mhínigh go raibh mórtas uirthi gur roghnaigh siad Éire mar mhúnla, go dtí gur shoiléirigh siad an scéal. Is é a thug go hÉirinn iad, go bhfeicfeadh siad na rudaí a bhí le seachaint as córas oideachais na hÉireann. Níor mhaith leo an t-am agus an iarracht a chur amú mar a bhí déanta againne, muintir na hÉireann, le dhá ghlúin anuas. A shliocht orthu, tá rath ar a gcóras siadsan thall ó shin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.