AR NA SAOLTA SEO
An Fhuaim is Fíre
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Mheabhraigh turas go Seattle do Cholm Ó Snodaigh a shaibhre is a bhíonn fuaim fhíor callairí cearta, hifi agus ceol fuamlainne le hais blaisíní den cheol mar a roinneann an MP3 linn.

Íomhá
Neil Young sa Spáinn 07
le F. Antolín Hernández ar Flickr.com ag Stoned59
Íomhá
Steve Jobs nach maireann, gona iPad
le Delapalma ar Picasaweb
Íomhá
Callairí Cerwin Vega
a chruthaigh Daniel Christensen ar Vicipéid

“Tar isteach sa triantán liom,” ar sé.

Bhíos i dtigh i Seattle le déanai. Bhí an dá challaire mór sa seomra suí tugtha faoi deara agam. Bhí an-chuma orthu. Thosaigh comhrá idir mé agus fear an tí.

“Tar isteach,” ar sé arís liom. “Buail fút. Éistfimid le Harvest Neil Young.”

Shuíomar beirt síos ag buaic an triantáin; an dá challaire dírithe orainn agus gach gíog is míog ceoil le cloisteáil go beacht againn. Bhíos tar éis dearmad a dhéanamh ar a fheabhas is a bhíonn ceol ar challairí den scoth mar a bhíonn i stiúideo.


Fuair Steve Jobs bás an mhí seo chaite. Saoi nó draoi - sin í an cheist!

Níl aon amhras ach gur duine eisceachtúil a bhí ann is gur thuig sé cumhacht agus féidireachtaí na teichneolaíochta digítí. Thuig sé go bhféadfaí an-chuid den ‘stuif’ lena bpléann muidne, gnáthdhaoine, ar bhonn laethúil, a dhéanamh níos éasca. Ón ‘Apple Mackintosh’ chuig an iPad thuig sé go dtaitníonn éascaíocht le daoine. Thuig sé freisin, go bhféadfaí ceangal pearsanta a bheith ag daoine le ríomhaire nó le guthán póca ach an gréas agus an dearadh a bheith i gceart agus go labharfadh daoine faoi ‘mo ipad’ agus ‘mo ifón’ agus ní ‘an ríomhaire’ sa chúinne. Agus thuig sé margaíocht agus conas an margadh a láimhseáil. Níor oibrigh gach giúirléid a sheol Apple, ach, bhí Jobs in ann a ‘theachtaireacht’ a thabhairt do dhaoine go héasca - .i. iad a mhealladh chuig a ‘shiopa’ le pé giúirléid nua a cheannach. B’shin an draíocht a bhain leis. Dhíol sé an chéad ifón le daoine, cuirim i gcás, nuair nach raibh ach raon sách measartha ag an bhfón agus nuair nár sheas an cadhnra ach leath lae.

Leas an Ghnó, Aimhleas na Fuaime

Agus caithfear a rá gurbh fhear gnó den scoth é. Tá Apple ar ceann des na comhlachtaí is rathúla, so-aitheanta agus is saibhre ar domhan. Thuig Jobs go raibh an domhan ag athrú agus d’éirigh leis gnó den scoth a bhunú agus a chur in oiriúnt dos na hathruithe seo. Mar chuid den ghnó, bhunaigh sé iTunes - atá anois ar an siopa ceoil is mó ar domhan. Trí leagan MP3 de phíosaí ceoil a phacáistiú i siopa, ar líne agus trí ghiúirléidí a fhorbairt a sheinnfeadh MP3anna (ríomhairí, iPod, iPad), tá deich billiún píosa ceoil díolta ar iTunes go dtí an lá inniu! Sea, DEICH BILLIÚN!

Séard atá san MP3 ná píosa ceoil, i bhfoirm dhigíteach, atá aon uair déag níos lú ná an buncheol. Úsáidtear comhbhrú leis an laghdú a aimsiú agus séard a tharlaíonn go bunúsach ná, go mbaintear codanna as an gceol, a cheaptar a bheith as raon ár n-éisteachta, as an bpíosa ceoil. Mar sin, níl á fháíl againn san MP3 ach, a bheag nó a mhór, an deichiú cuid den phíosa ceoil! Meastúchán ceoil, nó blaisíní, in áit béile!

Ach i saol na linne, le cluaisíní iPodanna agus callairí beaga teoranta an ríomhaire, ní thugann éinne aon easpa faoi deara sa chaighdeán fuaime. Ní hamháin sin, ach deirtear anois go dtaitníonn an sioscadh, nó an ‘sizzle’, a chloistear in MP3 leis an aos óg anois. Bhí drochfhuaim againn cheana féin leis an gcaiséad, ach le theacht an dd dúradh linn go raibh an nirvana fuaime sroichte againn. Ní raibh! Roimh theacht an MP3, bhíodh daoine i gcónaí ag labhairt faoin uber-fhuaim a chloistí ó threalamh Hi-Fi costasacha den scoth. Seachas corrdhuine ar nós fhear an tí i Seattle, is beag duine a deir paidreacha ag altóir an Hi-Fi anois.

Toisc go raibh an MP3 in úsáid cheana féin ar bhealaigh bhradacha (.i. ceol á roinnt saor in aisce idir ríomhairí ag úsáid suíomhanna idirlín ar nós Napster), éasca le seoladh timpeall an idirlín, agus níos tábhachtaí fós, toisc go bhfaca Jobs go raibh airgead le déanamh as, tharla an mhuirthéacht cheoil agus glacadh go fonnmhar leis an MP3 sa mhargadh dleathach mar aon leis an margadh mídhleathach.

Chugainn an Fhuaim Neamhaí

Bhaineas ana-thaitneamh as mo leathuair an chloig ar bhuaic an triantáín ag éisteacht le Neil Young agus Harvest. Níos déanaí dúirt bean an tí gur chaith mo dhuine 8,000$ ar na callairí céanna agus 2,000$ ar an aimplitheoir Mackintosh (íorónach go maith, an t-ainm a bhí air.)

Deirtear nach mbíonn saoi gan locht agus is cinnte leis nach mbíonn draoi gan cleas agus b’fhéidir gur chuid den bheirt a bhí i Jobs.

Aguisín:

D’imíos ar thuras timpeall ar shuíomh idirlín Neil Young go gairid i ndiaidh mo sheal éisteachta i Seattle agus tháinig mé ar a réamhaisnéis don bhliain seo chugainn i dtaca le caighdeán fuaim:

A Message from Neil Young

2012 will be the year that record companies release High Resolution Audio. This is huge for our industry. Since the advent of the CD, listeners have been deprived of the full experience of listening. With the introduction of MP3s via online music services, listeners were further deprived. The spirituality and soul of music is truly found when the sound engulfs you and that is just what 2012 will bring. It is a physical thing, a relief that you feel when you finally hear music the way artists and producers did when they created it in the studio. The sound engulfs you and your senses open up allowing you to truly feel the deep emotion in the music of some of our finest artists. From Frank Sinatra to the Black Keys, the feeling is there. This is what recording companies were born to give you and in 2012 they will deliver. Neil Young May 2011

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.