CÚINNE NA nEALAÍON
An Féin sliocht as an Ashtavakra Gita
Gabriel Rosenstock Gabriel Rosenstock Gabriel Rosenstock

Chuir Gabriel Rosenstock leagan Gaeilge de shliocht as téacs Sanscraite (nó ‘sainscríobh’) an Ashtavakra Gita ar fáil dúinn. Is maith an t-ábhar machnaimh ag duine é i ré seo an leithleachais. Tá sé le foilsiú i leabhar an bhliain seo chugainn.

Íomhá
Scothanna
Íomhá
Cré
Íomhá
Crónachan
Íomhá
Cluimhreach gabhair
Íomhá
Uisce

A Mháistir abair liom conas teacht ar stoiteacht, ar ghaois agus ar shaoirse!

A dhalta, más mian leat a bheith saor, seachain nimh na gcéadfaí.

Lorg neachtar na fírinne, an ghrá agus an mhaithiúnais, neachtar na simplíochta agus an tsonais.

Cré, tine, uisce, an ghaoth agus an spéir ní tusa aon cheann díobh sin.

Más mian leat a bheith saor, tuig gur tú an Féin, an finné orthu go léir, croí an airdill.

Leag do cholainn i leataobh suigh i d’airdeall féin.

Beidh tú sona láithreach bonn, ciúin go deo, saor go deo.

Ní bhaineann tú le sainaicme ar bith níl dualgas ar bith ort.

Saor, gan foirm, lastall de thadhall na gcéadfaí, i d’fhinné ar an uile ní.

Mar sin bí sona!

Ceart is mícheart, áthas is buairt, leis an aigne amháin a bhaineann siad ní leat iad.

Ní tusa dáiríre a ghníomhaíonn ná a bhaineann sult as nithe.

Tá tusa gach áit, saor go deo.

Saor dáiríre agus go deo, an finné aonair ar an uile ní.

Ach má fhéachann tú ort mar neach ar leith tá tú gafa ansin.

“Deinimse é seo. Deinimse é siúd.”

plaic bainte asat ag nathair mhór dhubh an leithleachais!

“Ní dheinimse faic.” Sin is neachtar an chreidimh ann, mar sin ól is bí sona!

Tuig gur aon airdeall íon amháin is ea thú.

Le tine an áitiúis seo dóigh foraois an aineolais go talamh.

Saor tú féin ón mbuairt is bí sona!

Bí sona! Mar ríméad is ea thú, ríméad gan chuimse.

Is tú an t-airdeall féin.

Faoi mar go gceaptar corna de rópa a bheith ina nathair, ceaptar gur tusa an domhan.

Más dóigh leat go bhfuil tú saor, tá tú saor.

Más doigh leat gur gafa atá tú, tá tú gafa.

Mar is fíor a ndeir siad: Is tú an tuairim atá agat díot féin.

Féachann an Féin ar nós an domhain.

Ach níl ansin ach seachmall.

Tá an Féin gach áit mar Aon. Ciúin. Saor. Foirfe.

Finné an uile ní, airdeall, gan ghníomh, gan chlaonadh, gan dúil.

Machnaigh ar an bhFéin, an Féin gan a mhacasamhail, airdeall uasal.

Éirigh as seachmall an leithleachais.

Éirigh as an mothú sin gur rud amháin nó rud eile is ea thú, istigh nó amuigh.

A dhalta, toisc gur dóigh leat gur tú an cholainn, tá tú gafa le fada an lá.

Tuig gur airdeall glan is ea thú.

Bíodh an t-eolas sin agat mar chlaíomh chun gearradh trí do chuid slabhraí.

Is bí sona!

Mar tá tú saor cheana féin, gan ghníomh, gan teimheal, geal, solasmhar.

Tá tú gafa ag do chuid smaointe amháin.

Airdeall glan is ea do nádúr.

Sníonn tú san uile ní is an uile ní ag sní tríotsa.

Ach seachain cúngacht na haigne!

Tá tusa gan athrú, airdeall dothomhaiste, saor gan teorainn, suaimhneach, neamhchorrabhuaiseach.

Ná santaigh ach d’airdeall féin.

Is bréagach é aon rud a ghabhann foirm uime féin ní buan ach an ní gan foirm.

Nuair a thuigfidh tú fírinne an teagaisc seo ní shaolófar arís thú.

Mar tá Dia síoraí laistigh den cholainn agus lasmuigh di ar nós scátháin is an íomhá sa scáthán.

Ar nós an aeir atá gach áit is é ag sní thart ar phota agus á líonadh, tá Dia gach áit, líonann an uile ní is É ag sní tríothu go deo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.