CAINT AN tSRÁIDBHAILE
An féidir le hAhern fanacht ina phost mar Thaoiseach?

creidiúnacht an Taoisigh ídithe go mór le roinnt míonna anuas ach an mbeidh in ann fanacht ina phost?

Íomhá
an focal "dochreidte" á úsáid ag na meáin chun cur síos ar fhianaise Ahern
Íomhá
John Gormley ón gComhaontas Glas
Íomhá
Táthar ag déanamh ceap magaidh den Taoisceach

Aon duine nár chuala fós faoi thrioblóidí an Taoisigh le tamall anuas, is i bhfad ón raidió, ó nuachtáin agus ón teilifís a chaitheann a shaol. Is beag duine sa tír nach bhfuil eolach faoin am seo ar an bhfianaise a thug Ahern do Bhinse Fiosraithe Mahon. Is é an aidiacht is coitianta a úsáidtear sna meáin i leith na fianaise seo dochreidte”, agus ag éirí níos deacra ag Ahern an fód a sheasamh.Ar bhealach, is cuma faoi thoradh an bhinse fiosraithe an damáiste déanta. Ahern ag cailleadh smachta agus meas á chailleadh ag an bpobal air. Ba bheag nár theip ar an Rialtas maidir le tairiscint i dtaobh Aerfort na Sionainne ag deireadh mhí Mheán Fómhair agus chuir an Freasúra rún eile os comhair na Dála an tseachtain chéannatairiscint mhímhuiníne i leith an Taoisigh. raibh bua róchompordach ag an Rialtas i gcás na tairisceana seo ach oiread mar gheall ar go raibh naonúr Teachtaí Dála de chuid Fhianna Fáil as láthair. Táthar den tuairim nach raibh Ned O’Keefe ansin mar gheall ar é a bheith ag déanamh agóide i gcoinne an Taoisigh. Comhartha soiléir eile é seo go bhfuil aighneas sa pháirtí.

Fáth eile a mbeidh deacair do Bertie Ahern leanúint ar aghaidh go bhfuil alltacht ar chuid chomhghleacaithe comh-aireachta mar gheall ar a iompar. Is fir choinsiasacha iad John Gormely agus Trevor Sargent, a chreid go láidir i gcónaí gur chóir go mbeadh caighdeán ard iompair i gceist sa saol poiblí. Cén chaoi ar bhraith siad, mar sin, agus iad ag caitheamh vóta ar son an Taoisigh nuair a bhí an tairiscint mímhuiníne i gceist sa Dáil? Ar mhothaigh siad ciontach i ndiaidh na vótála?An mbeidh an Comhaontas Glas sásta fanacht sa Rialtas? An bhfuil aiféala anois orthu mar gheall ar andeal with the devil”, mar a thug Ciarán Cuffe air, a rinne siad le Fianna Fáil?Mar bharr ar gach donas, de bhrí go bhfuil Ahern an-ghafa leis an scannal faoi láthair, níl ar a chumas dul i ngleic le gnó tábhachtach an rialtaisníl Teachtaí ceaptha go fóill mar bhaill ar na coistí agus na fochoistí rialtais, cuir i gcás. An comhartha eile é seo go bhfuil Ahern ag cailleadh smachta ar chúrsaí?

Rud eile a chuir le fadhbanna Ahern an freagra a thug ar cheist iriseora agus é ag an gComórtas Náisiúnta Treabhadóireachta in Uíbh Fhailí ag deireadh na míosa. Nuair a fiafraíodh de cén uair a d’éireodh as a phost, chuir in iúl go leanfadh ar aghaidhfor a long time”.

Roimhe seo, glacadh leis go n-éireodh as in 2009, ach anois an chuma ar an scéal go bhfuil ar intinn aige fanacht i gcumhacht go dtí 2012 thagann slán as an scannal seo. I bhfianaise an mhéid atá tar éis tarlú le déanaí, an mairfidh dílseacht a pháirtí chomh fada sin?

mhaireann dílseacht ach ar feadh tréimhse áirithe ama. Agus líomhaintí á ndéanamh faoin iar-Thaoiseach Charles Haughey sa bhliain 1992, fiafraíodh de cén uair, dar leis, a d’éireodh as a phost. D’fhreagair , “Some Chinese leaders went on well into their eighties”. An tseachtain ina dhiaidh sin raibh ina Thaoiseach a thuilleadh. An bhfuil an rud céanna i ndán do Bertie Ahern tar éis an cineál céanna ráitis a dhéanamh?

Dealraíonn anois go mbeidh ar Ahern éirí as a phost agus é a fhágáil faoi scamalldeireadh brónach le gairm amhra. Níl aon dabht ach go bhfuil go leor den phobal anois go mór in amhras faoi. Níl a fhios againn an bhfuil na líomhaintí fíor, ach tuairim mhaith againn nach bhfuil Ahern gan smál, dála neart polaiteoirí eile sa tír.

Anuas ar na fadhbanna uilig atá ag Ahern sa Dáil, truamhéalach anois go bhfuiltear ag déanamh ceap magaidh de. An mhí seo caite, mar shampla, rinne fear grinn aithris air ar chlár raidió Joe Duffy ar RTÉ agus magadh faoin bhfianaise a thug Ahern don bhinse fiosraithe, léiriú eile ar an tslí a bhfuil meas an phobail á chailleadh aige.

fanacht fiú ar thoradh an bhinse fiosraithe an dochar déanta do cháil Ahern. n-éireodh as a oifig anois, seans go n-éireodh leis cuid dhínit a choimeád.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.