CÚINNE NA nEALAÍON
An féidir le gaol a bheith ann idir ailtireacht agus teanga?
Úna Nic Gabhann Úna Nic Gabhann Úna Nic Gabhann

Chuaigh Úna Nic Gabhann chun cainte le beirt ailtirí i mBéal Feirste a bhfuil neart gradam bainte acu le roinnt blianta anuas agus a bhfuil a gcion féin á dhéanamh acu ar son na Gaeilge.

Íomhá
An Nasc, Bóthar na bhFál
Íomhá
An Nasc, Bóthar na bhFál
Íomhá
Seomra sa bhunscoil nua ar Bhóthar Seoighe

Tá an tuairim ann na laethanta seo go mbaineann an ailtireacht le cúrsaí cultúrtha. Ní hamháin go gcruthaíonn an t-ailtire spás fisiciúil le cónaí ann ach cruthaíonn sé/sí íomhá choincréiteach nithiúil den saol a bhfuil muid inár gcónaí ann. Cruthaíonn an t-ailtire siombailí feiceálacha ár gcultúir dúinn. Tuigtear chomh maith go bhfuil dlúthbhaint idir teanga agus cultúr; tugann an teanga guth mothúchánach do shochaí chun a féiniúlacht a chur in iúl.

An féidir le gaol suntasach a bheith ann idir ailtireacht agus teanga, mar sin?

Chuaigh mé go Béal Feirste ar thóir fheagra na ceiste seo agus chaith mé cúpla uair an chloig ar oilithreacht ailtireachta ar fud na cathrach leis an ailtire Michael Doherty. Tá an comhlacht Mackel & Doherty Architects go mór i mbeál an phobail i láthair na huaire de bharr gradaim a bhuachan sa Royal Society of Ulster Architects Design Awards 2002. Is iontach an rud é d’iarthar Bhéal Feirste go bhfuil clú agus cáil bainte amach ag Mackel & Doherty Architects mar, ar dhóigh indíreach, tá an comhlacht ag cuidiú le cur chun cinn na Gaeilge sa chathair. Déanann siad an chuid is mó dá ngnó trí mheán na Gaeilge agus dearann siad formhór a bhfoirgneamh do lucht na Gaeilge i mBéal Feirste.

Nuair a chuir mé an cheist an féidir leis an ailtireacht cuidiú le caomhnú na Gaeilge fuair mé freagra dearfach. “Bhain an Ghaeilge leis an saol seanfhaiseanta,” a dúirt Doherty liom, “le daoine nach raibh mórán i ndán dóibh ina saol i ndáiríre, ach anois tá athbheochan na Gaeilge ag tarlú lámh ar lámh leis an fheabhas atá ag teacht ar chúrsaí eacnamaíochta go ginearálta. Tá níos mó muiníne ag pobal na Gaeilge as an teanga agus tuiscint níos fearr acu ar a bhféiniúlacht.” Tá sé lánchinnte fosta go bhfuil feidhm agus ról thar a bheith tábhachtach ag an ailtire sa ghluaiseacht seo. “Ó thaobh na hailtireachta de, bíonn muid de shíor ag iarraidh cur ina luí ar na cliaint a bhfuil Gaeilge acu gur ráitis mhuiníneacha iad na foirgnimh a dhearann muid, a bhfuil sé mar aidhm acu ardú meanman a thabhairt don phobal agus don teanga. Bíonn na foirgnimh féinmhuiníneach, macánta agus gan náire, bíonn siad ar an tsráid os comhair an phobail, bíonn nasc idir an foirgneamh agus an pobal i gcónaí.”

Seo atá le rá ag Sean O’Laoire san iris Perspective (Imleabhar 11/Uimh.3, Bealtaine - Meitheamh 2002) faoin fhoirgneamh An Nasc atá lonnaithe ar Bhóthar na bhFál:

The Republic has dispensed generations of rhetoric and pietism about the revival of Irish. I found it particularly ironic that Mackel and Doherty’s subtle and "sexy" intervention "An Nasc" on the Falls Road has no equivalent in ambition or execution in the South. Their resolution of a generic street infill challenge will I hope inspire others. Mhínigh Michael go díreach cad é a bhí i gceist leis an nasc seo nuair a thug muid cuairt ar chúpla foirgneamh a dhear a chomhlacht. Léirigh sé fosta an caidreamh a chruthaíonn an t-ailtire leis an phobal. Foirgneamh é An Nasc, 199 Bóthar na bhFál, a luíonn isteach lena thimpeallacht; oireann aghaidh an fhoirgnimh don lochtán Victeoiriach atá in aice leis, ach cuireann a dhearadh nua-aoiseach le forbairt nádúrtha na sráide. Is é an fhealsúnacht atá taobh thiar de na fuinneoga móra atá sa tosach ná go bhfuil a bhfuil ar siúl taobh istigh den fhoirgneamh le feiceáil ag an phobal ar an taobh amuigh. Cruthaítear dioscúrsa nádúrtha idir an cliant, Forbairt Feirste, agus muintir Bhóthar na bhFál.

Ag caint leis an phobal

Ba í an fhealsúnacht chéanna a bhí taobh thiar de Theach Basil i mBaile Andanarsain. Oifigí nuachtáin atá san fhoirgneamh seo agus tá sé roinnte ina dhá leath. Tá an chlólann ar cúl ar fad agus na hoifigí ina mbítear ag déileáil leis an phobal chun tosaigh. Úsáideadh brící leis na hoifigí a thógáil mar gur as brící atá tithe an cheantair déanta; tá an foirgneamh ag caint leis an phobal trí mheán an bhríce, coincheap atá tábhachtach nuair is oifigí nuachtáin atá i gceist.

Is é Bunscoil Phobail Feirste an chéad bhunscoil lán-Ghaelach a tógadh sa chathair agus tugann an foirgneamh misneach do na tithe thart fá dtaobh de, chomh maith le hardú croí a thabhairt do Ghaeilgeoirí na cathrach. Moladh Ionad Tionsclaíochta na Carraige Báine ag na RSUA Design Awards chomh maith, as ucht spás éifeachtach a chruthú a chothaíonn fiontraíocht sa chathair.

Ón mhéid atá feicthe agamsa de shaothar Makel and Doherty is léir gur ailtirí iad a bhíonn ag obair ar son an phobail. Mar a dúirt Michael Doherty féin, “Is ailtirí pobail muid ach faigheann muid íocaíocht as”. Nuair a cuireadh tús leis an chéad phróiseas síochána tugadh níos mó airde ar agus tuilleadh airgid fosta do thionscadail úra sa dá phobal ó thuaidh. D’eascair obair d’ailtirí as seo.

Ó shin i leith tá forbairt as cuimse ag teacht ar infrastruchtúr agus ar chruth fisiciúil Bhéal Feirste. Tá an chathair ag dréim le City of Culture 2008 a bhaint amach, ach an bhfuil ailtireacht an Tuaiscirt réidh dá leithéid? D’admhaigh Ciarán Mackel, atá ina bhall den choiste Imagine Belfast 2008 Creative Team agus atá nuathofa mar uachtarán ar an Royal Society of Ulster Architects, nach bhfuil ailtireacht an Tuaiscirt ag dul i ngleic leis na hathruithe atá ag tarlú sa chathair. “Is é easpa muiníne agus díobháil féiniúlachta is ciontaí leis an ailtireacht chranda,” a dúirt sé. “Murb ionann agus sa Deisceart níor gríosaíodh daoine sa Tuaisceart chun foirgnimh mhaithe a dhearadh. Tá ailtirí óga ag fáil inspioráide ó ailtireacht Shasana, a bhí avant-garde deich mbliana ó shin.”

Tá dóchas ann, áfach, a deir sé. “Mar chuid den scéim atá leagtha amach do Bhéal Feirste agus atá le bheith curtha i gcrích faoin bhliain 2008, tá an Catherdral Quarter le forbairt, agus is é an sprioc atá leis ná go mbeidh an ceantar seo ar nós Bharra an Teampaill i mBaile Átha Cliath. Beidh an deis ag ailtirí i gcéin agus i gcóngar cur isteach ar an chomórtas seo. Cuideoidh comórtais idirnáisiúnta mar seo le caighdeán na hailtireachta sa chathair a ardú.”

Is léir mar sin go bhfuil an ailtireacht, an cultúr agus an teanga ag tacú le chéile i mBéal Feirste agus go bhfuil cúrsaí faoi lán seoil anois agus an chathair ag súil le bheith mar chathair chultúrtha na hEorpa sa bhliain 2008. Go maire an caidreamh idir ailtireacht agus teanga sa Tuaisceart agus go n-éirí le Mackel agus Doherty idir ailtireacht mhaith nua-aimseartha agus an Ghaeilge a chur chun cinn i mBéal Feirste.

Is as Leitir Ceanainn í Úna Nic Gabhann. Tá céim MA sa Nua-Ghaeilge díreach críochnaithe aici sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath. Múineann sí an Ghaeilge do dhaoine fásta.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.