CAINT AN tSRÁIDBHAILE
An eaglais féin a bheas thíos leis má chuirtear bac ar homaighnéasaigh

Déanfaidh sé an-dochar don Eaglais Chaitliceach má chuirtear cosc ar homaighnéasaigh dul leis an tsagartóireacht.

Íomhá
An Pápa Benedict XIII
Íomhá
Tá méadú beag tagtha ar líon na gcléireach sa chéad bhliain i gcliarscoil Mhá Nuad

Táthar ag tuar go forleathan i measc ardcheannasaíocht na hEaglaise Caitlicí go ndéanfaidh an Pápa Benedict cosaint láidir ar phrionsabail thraidisiúnta na heaglaise agus na Vatacáine. Táthar ag rá go gcuirfidh sé béim in athuair ar aontumhacht i measc na cléire agus go gcuirfidh sé treoir ar fáil a chuirfidh cosc iomlán ar homaighnéasaigh dul leis an tsagartóireacht.

In alt a scríobh Rachel Zoll, agus a foilsíodh go forleathan i nuachtáin Mheiriceá ag deireadh na míosa seo caite, luaigh sí oifigeach de chuid na Vatacáine, nach raibh sásta go n-ainmneofaí é, a dúirt go mbeadh treoir ag teacht go luath ó Chomhairle Oideachas Caitliceach na Vatacáine ag dearbhú nár cheart go ndéanfaí homaighnéasaigh a oirniú as seo amach.

San alt céanna, luaitear go bhfuil an tuairim ann gur homaighnéasaigh idir 25% agus 50% den 42,500 sagart Caitliceach sna Stáit Aontaithe agus go gcothóidh an treoir nua seo deacrachtaí móra don Eaglais Chaitliceach sa tír sin.

Is dócha go mbeidh an scéal amhlaidh don eaglais i dtíortha eile má chuirtear an treoir i bhfeidhm, mar nach féidir léi riail amháin a bheith aici sna Stáit Aontaithe gan í a leagan síos mar threoir i ngach áit eile.

Ní chuirfidh an treoir áirithe seo mórán le híomhá na caoinfhulainthe san eagraíocht dhomhanda agus cuirfear na sagairt ar homaighnéasaigh iad agus atá ag feidhmiú san eaglais cheana féin go mór faoi bhrú agus beidh orthu dul i bhfolach ar dhóigh níos doimhne sa tsochaí.

Is cinnte go laghdóidh spéis go leor daoine san institiúid agus nach mbeidh fonn ar oiread fear dul leis an tsagartóireacht ar fud an domhain. Bhí méadú i mbliana ar líon na ndaoine a chuaigh isteach sa chliarscoil i Má Nuad den chéad uair le fada (tá naoi gcléireach déag sa chéad bhliain ansin agus 75 sa choláiste ar fad, i gcomparáid le 75 an bhliain seo caite), ach seans gur laghdú a bheas i gceist má chuirtear an treoir nua seo i bhfeidhm.

Tá an coimeádachas atá á léiriú ag údaráis na heaglaise ina ábhar iontais i ndáiríre. Shílfeá, leis an titim atá tagtha i líon na sagart i bparóistí ar fud an domhain agus an laghdú atá sa líon daoine atá ag freastal ar aifrinn agus ag glacadh le comaoineach, go mbeadh straitéisí eile á moladh seachas cosc ar an aontumhacht agus ar homaighnéasaigh.

Dá mbeadh córas reifrinn san eaglais, tá seans maith ann go molfaí go mbeadh cead ag cineálacha éagsúla daoine, idir fhir agus mhná, singil agus pósta, aontumha agus a mhalairt, dul leis an tsagartóireacht, gan bacconstaic.

Beidh sé suimiúil súil a choinneáil ar thréimhse phápachta Benedict. Cé gur síleadh gur pápa a bheadh ann a bheadh ag iarraidh an *status quo *a chothú amháin, is léir go bhfuil sé i gceist aige níos mó ná sin a dhéanamh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.