AR NA SAOLTA SEO/AN EORAIP
An dúnmharú ina ábhar mór cainte
Roberta Stefan Roberta Stefan Roberta Stefan

Bhí roinnt dúnmharuithe i mbéal an phobail san Iodáil le dhá bhliain anuas de bharr gur daoine óga a bhí freagrach astu nó ina n-íospartaigh. Nuair a tharlaíonn rud éigin uafásach, bíonn sé deacair go minic ag an phobal sa tír glacadh leis go bhféadfadh duine dá gcuid féin a bheith ciontach. Tuairisc ó Roberta Stefan.

Íomhá
Sochraid Susanna agus Gianluca De Nardo
Íomhá
Maria Franzoni, máthair Samuele
Íomhá
Maria Franzoni, máthair Samuele
Íomhá
Póilíní taobh amuigh den teach inar dúnmharaíodh Samuele

Ar an 30 Eanáir 2002, in Cogne, sráidbhaile beag sna hAlpa, sádh páiste trí bliana d’aois darbh ainm Samuele ina leaba go brúidiúil le scian, fhad is a bhí a mháthair ag siúl deartháir níos sine dá chuid go bus na scoile. Níor cúisíodh duine ar bith as an choir seo go dtí seo, cé go bhfuil amhras go fóill faoi mháthair an tachráin, Maria Franzoni.

Ar an 21 Feabhra 2001, i Novi Ligure in aice le hAlessandria, dhúnmhraigh Erika De Nardo (16) agus a buachaill Omar (17) máthair Erika, Susanna, trí í a pholladh breis is daichead uair, agus mharaigh siad deartháir níos óige, Gianluca, a bhí dhá bhliain déag. Bhí seisean ag tógáil folctha tar éis cluiche cispheile a imirt; choinnigh duine acu a cheann faoin uisce agus sháigh an duine eile scian ann 57 uair.

Gach uair a tharlaíonn dúnmharú uafásach mar seo bíonn an pobal suaite go maith agus bítear ag caint faoin mostro, nó drochdhuine, a rinne an t-ainghníomh. Bíonn trácht leanúnach sna nuachtáin thablóideacha ar an fhiosrúchán agus ar an fhianaise agus bíonn daoine ar bís le níos mó eolais a fháil. Bíonn síorphlé ar siúl ar na cláracha cainte teilifíse; taispeántar na háiteanna agus na daoine a bhí i gceist, cuirtear agallaimh ar dhaoine agus cuirtear go laethúil le pian an dreama a bhfuil baint acu leis na himeachtaí. Ar chláracha plé an idirlín nochtann daoine a gcuid tuairimí agus déanann plé ar na fíricí. Déanann cuid acu iarracht na gníomhartha is cruálaí a mhíniú trí chúis éigin shíceolaíoch a aimsiú. Deir daoine eile gur cheart pionós géar a ghearradh orthu siúd a dhéanann an t-ainghníomh agus go bhfuil an t-ádh orthu a bheith ina gcónaí san Iodáil, áit nach bhfuil aon phionós báis.

Is saghas sobail é an tragóid in Cogne. Tá daoine ag caint faoi an t-am ar fad, tá turasóirí ag tabhairt cuairte ar uaigh an pháiste agus tá “saineolaithe” ag seoladh teachtaireachtaí ríomhphoist agus litreacha chuig na póilíní áitiúla ag tabhairt moltaí faoin dóigh le dul i mbun an fhiosrúcháin nó ag fuascailt, dar leo féin, na príomhcheiste: cé hé an dúnmharfóir.

Tá turasóirí eile ann, áfach, a chuir ar ceal a saoire in Cogne (ionad scíála a dtarraingníonn na sluaite air), agus eagla orthu go bhfuil an dúnmharfóir fós ansin ag maireachtáil i measc ghnáthdhaoine na háite. Mhaígh Ardmhéara Cogne nach raibh *mostro *ar bith ann, nach bhféadfadh an dúnmharfóir bheith as an bhaile féin, ach tá an-imní ar bhunadh na háite go fóill. Níl an cás réitithe agus tá amhras faoi roinnt daoine, comharsana ina measc agus cara den teaghlach, síceolaí darb ainm Anna Satragni, an chéad duine a tháinig i gcabhair ar an mháthair nuair a thosaigh sí ag screadaíl. Ach is í Maria Franzoni an príomhamhrastach, cé go bhfuil sé ráite aici ón tús nach bhfuil sí ciontach.

Ag lorg dúnmharfóra

Tharla an griothal céanna tar éis dhúnmharú Novi Ligure. Thosaigh an pobal áitiúil ag lorg an dúnmharfóra i measc na n-inimirceach agus na ndaoine coimhthíocha; ní fhéadfadh sé, dar leo, gur duine ón sráidbhaile féin a rinne coir chomh brúidiúil sin i gcoinne ceann de na teaghlaigh is measúla sa cheantar. Níor thóg sé ach cúpla lá, áfach, orthu siúd a bhí i mbun an fhiosrúcháin fáil amach gurbh iad an cailín agus a buachaill príomhaisteoirí na tragóide seo.

Ba é an plean a bheith acu ná fáil réidh le máthair Erika, agus ansin déanamh amhlaidh leis an athair, sa dóigh is go mbeadh níos mó saoirse ag an déagóir. Ach chonaic an deartháir óg an dúnmharú agus ní raibh an dara rogha acu ach eisean a mharú chomh maith. Ansin rith siad amach ar an bhóthar ag screadaíl agus ag ligean orthu féin go rabhthas tar éis briseadh isteach sa teach agus an bheirt a dhúnmharú.

Thug Erika cur síos mion do na póilíní ar bheirt a dúirt sí a chonaic sí ag rith amach as an teach agus dúirt gur chuir sí glaoch ar Omar d’éirigh tar éis di teacht ar an dá chorp. I ndiaidh tamaill, gabhadh Albánach fir a bhí díreach cosúil le duine de na fir a ndearna Erika cur síos air. Ach bhí ailibí ag an fhear seo - bhí sé ag babhláil le fiche duine eile ag an am a tharla an dúnmharú. Thosaigh na póilíní ag teacht ar an tuairim go raibh Erika ag insint bréag, go háirithe nuair a thug sí cur síos difriúil ar imeachtaí an dara huair a cheistigh siad í.

Tháinig sé chun solais de réir a chéile go raibh tionchar láidir ag Erika ar Omar, go raibh smacht iomlán aici air agus go ndearna sé mar a iarradh air. Go síceolaíoch, bhí sí i bhfad ní ba láidre ná é agus ní raibh toil dá chuid féin aige. Bhain an dóigh a ndearna sí mionchur síos ar an dúnmharú cúpla mí tar éis na heachtra geit as na póilíní: an tslí ar phleanáil siad é agus ar labhair siad faoi go minic roimh ré, agus a ndeachaigh siad i mbun an choir féin. Níor chaoin sí oiread agus deoir amháin ag pointe ar bith le linn an cheistiúcháin.

Is cúis iontais é chomh maith gur thacaigh a hathair le hErika ón tús agus go ndeachaigh sé ar ais chun cónaithe sa teach inar dúnmharaíodh a bhean agus a mhac. Tá sé chun fáilte a chur roimpi ar ais abhaile nuair a bheas a tréimhse phríosúnachta curtha isteach aici. Beidh fanacht fhada aige, áfach - gearradh sé bliana déag príosúnachta uirthi i mí na Nollag agus ceithre bliana déag ar Omar.

Meon daoine

Caithfidh mé a rá gur chuir meon daoine sá dá chás seo iontas orm. Bhí an dúnmharfóir le fáil áit éigin eile, dar leo; ní fhéadfadh gnáthdhuine a bheith páirteach i dtragóid mar seo. Chaithfí an dúnmharfóir a lorg taobh amuigh den ghnáthshochaí, ní i measc gnáthdhaoine. Ní raibh daoine ábalta glacadh leis an fhíric scanrúil sin gur féidir leis an olcas a bheith mar chuid de nádúr gach duine, gur rugadh muid ar fad leis an chumas chun rogha a dhéanamh. Déanann daoine a ndícheall míniú éigin réasúnach a fháil agus bíonn sé mar aidhm acu leis an síorphlé a n-eagla anama a roinnt le daoine eile agus bac a thógáil i gcoinne rud éigin nach bhfuil daonna, dar leo. Tá sé deacair acu glacadh leis go bhféadfadh duine ar bith againn, faoi chúinsí áirithe thar na bearta, an rogha mhícheart a dhéanamh. Cuirtear i gcéill nach bhfuil an fhéideartacht seo ann ar chor ar bith, áfach.

Luaitear an ghealtacht go minic chomh maith i gcásanna mar seo. Is cinnte go mbíonn deacrachtaí síceolaíocha ag go leor dúnmharfóirí, ach ní hamhlaidh a bhíonn i gcónaí.

Níl aithne phearsanta agam féin ar Erika agus Omar, agus níl tuairim agam cad a spreag iad, ach tá aithne mhaith agam ar dhúnmharfóir eile: bean a bhí ina cónaí in aice liom sa bhruachbhaile de chuid thuaisceart Milano ina mairim, a pholl agus a mharaigh a fear céile dhá bhliain ó shin.

Bhí an galar dubhach ar Carla ag an am de bharr cúrsaí a bheith go dona sa bhaile. Bhí sí tar éis a rá le daoine le míonna roimhe sin go mbeadh “drochdheireadh” ar an scéal, ach ar an drochuair níor éisteadh léi. Lá amháin, i ndiaidh argóna, pholl sí a fear céile, a bhí seachtó bliain d’aois, le scian chistine agus é ag déanamh aclaíochta ar urlár an tseomra suí. Chaith sí bliain sa phríosún agus aistríodh le gairid í go hospidéal meabhairghalar. Tá sí go maith arís agus deir a deartháir go bhfuil sí séimh agus lách, díreach mar a bhí roimh an tragóid. Tá sí ag déanamh a díchill, a deir sé, cabhrú le príosúnaigh eile. Tuigeann sí go maith céard atá déanta aici, agus tá sí breá sásta freagracht a ghlacadh as a cuid gníomhartha. Measann sí go raibh uirthi déanamh mar a rinne sí.

An duine í atá as a meabhair, mar sin, nó duine a rinne rogha?

Is múinteoir Béarla i Milano na hIodáile í Roberta Stefan. Chríochnaigh sí tráchtas ar mhúineadh na Gaeilge in Éirinn i mí na Nollag 2000.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.