CAINT AN tSRÁIDBHAILE
An drochshéasúr turasóireachta - tá an locht orainn féin!

an líon turasóirí atá in Éirinn an samhradh seo tite go mór i gcomparáid le blianta eile. Ní féidir an locht go léir a chur ar an drochaimsir agus ar chúinsí seachtracha, áfach.

Is í an turasóireacht an tionscal is mó fáis ar domhan agus tá sé ar cheann de na tionscail is tábhachtaí do gheilleagar na tíre seo. Tá suas le 150,000 duine fostaithe sa turasóireacht in Éirinn agus caitheann an sé mhilliún duine a thugann cuairt ar an tír gach bliain beagnach €4 bhilliún. Ní tionscal é, áfach, ar féidir brath air, mar a chruthaigh géarchéim an ghalair crúibe agus béil agus uafás an 11 Meán Fómhair i Meiriceá anuraidh.

Gan amhras ar bith, tá i bhfad níos lú turasóirí le feiceáil timpeall na tíre an samhradh seo. Tá fianaise láidir air seo le feiceáil, cuir i gcás, ar an leathanach cúil do gach eagrán den Irish Times, áit a bhfuil tairiscintí ísle speisialta ar fáil ó óstáin mhóra ar fud na tíre.

Ní thig an locht a chur go hiomlán ar chúinsí lasmuigh den tír go bhfuil titim thubaisteach i ndiaidh tarlú sa ghnó seo - is féidir go leor den mhilleán a chur orainn féin.

Tá sé níos éasca comparáid a dhéanamh idir praghsanna ó thír go tír san Eoraip ó tháinig an euro chun cinn. I mbeagnach gach cás, tá Éirinn níos daoire maidir le bia, deoch, lóistín, taisteal agus caitheamh aimsire. Tá óstáin sa tír a mhéadaíonn a gcuid praghsanna, go háirithe agus iad ag plé le grúpaí as Meiriceá, chun gach ceint a shú as pócaí na gcustaiméirí. Is léir go síleann a leithéidí seo de lucht gnó gur le hamadáin atá siad ag plé ach, gan amhras ar bith, tugann go leor de na turasóirí faoi deara an cleachtas mí-ionraic seo.

Ceann de na nithe is mó a chuireann déistin ar chuairteoirí ná an salachar agus an bruscar atá le feiceáil sna háiteanna is áille sa tír. I go leor áiteacha faoin tuath, má fhéachann tú thar chlaí, tá seans maith go bhfeicfidh tú seanchuisneoir nó carr meirgeach, caite ansin i measc carn seantroscáin. Is minic fosta a bhíonn bruscar scaipthe ar fud tránna sa tír seo nó nach féidir snámh san uisce de bharr séarachais.

Ceann de na deacrachtaí ba mhó a bhí ag Bord Fáilte agus feachtais mhargaíochta á reáchtáil acu thar lear don turasóireacht ná nach siad go hiomlán cinnte céard a bhí á dhíol acu. Ní leor áilleacht na tíre agus Guinness le cuairteoirí a mhealladh. Is gá dúinn ar ndúchas agus ár gcultúr a bhrú chun tosaigh mar acmhainn ar leith; thig a rá gurb í Éirinn is fearr a choinnigh dúchas na gCeilteach idir theanga, sheandálaíocht, bhéaloideas agus cheol.

Go dtí seo, bhí náire ar Bhord Fáilte béim a chur ar na gnéithe seo d’Éirinn, ach anois, agus géarchéim sa tionscal, tá seans go mbeidh ar an eagraíocht athmhachnamh a dhéanamh.

Is iad na tréithe a bhaineann linne mar dhaoine, ár dteanga agus ár gcultúr suaithinseach, a mheallfaidh turasóirí go hÉirinn - ní na cosúlachtaí idir an tír seo agus Las Vegas nó Londain.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.