AR NA SAOLTA SEO
An Dreapadh Geimhridh
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Bhéarfaidh Tony Birtill amach ar chonairí an tsléibhe san alt seo thú, go barr binne i gCymru y Ddraig Gôch, in Albain na dTréan agus i Sasain na Sócmhainní. Ríomfaidh sé roinnt de na dea-scéalta agus roinnt de thubaistí an tsiúil sléibhe a thit amach, mórán ag an am chéanna, le linn an Gheimhridh, agus áireoidh roinnt den dream daoine a sciobadh go fanach ag maidhmeanna sneachta is iad ag baint sult as caitheamh aimsire follán amuigh faoin aer.

Íomhá
Crib Goch
Íomhá
Eas reoite
Íomhá
Barr altáin reoite
Íomhá
Ar an mhullach
Íomhá
Am sosa ar an mhullach

Cé go raibh a lán gearáin faoin aimsir fhuar an Geimhreadh seo agus bíodh gur chuir an sneachta isteach ar a lán daoine, go mór mór i Londain, ba gheimhreadh iontach é do lucht na sléibhteoireachta.

Bíonn sceitimíní orainn uilig a luaithe a fheicimid an clúdach bán ar na cnoic agus bíonn na radharcanna go hálainn nuair a shiúlaimid amach ar an sliabh. Níor ghá do dhreapadóirí geimhridh dul eas">thar lear i mbliana chun ár gcaitheamh aimsire a cleachtadh. Is é an rud atá i gceist ná dreapadóireacht ar easanna reoite nó suas altáin atá lán le sneachta, ag baint úsáide as crampáin agus as na piocóidí oighir. Ba chaitheamh aimsire coitianta é fiche bliana ó shin i Sléibhte Cuimbria (i gCeantar na Lochanna), sna Sléibhte Pennine i Sasana agus i Sléibhte Coimre, sa Bhreatain Bhig, ach thógadh sé mí nó dhó chun staid na sléibhte a bheith i gceart, leis an timthriall ‘seaca-coscairt.’ Le seo, bheadh ‘nevé’ (sneachta crua) thuas agus bheadh oigheareasanna ann. Le téamh domhanda, níor tharla seo agus b’éigean dúinn dul síos, ó thuaidh, go Garbhchríocha na hAlban don chaitheamh aimsire seo. Bhí an téamh domhanda ag cur isteach ar an sneachta ansin, fiú amháin in Albain, le deich bliana anuas, agus b’éigean dúinn taisteal thar lear go dtí An Iorua (Beo, eagrán 72, Aibreán 2007).

An Kinder Downfall

Leis an tréimhse fhada fhuar i Mí Nollag, bhí dóchas againn go mbeadh muid ag filleadh ar ‘an seansaol breá’. Bhí neart sléibhteoirí i láthair nuair a d’fhreastail mé ar shochraid Joyce Taylor (an bhean a tháinig slán ón Dochtúir Shipman, Beo, eagrán 9, Eanáir 2002) ar 7ú Eanáir i Hyde, in aice leis an Peak District, cuid de Na Sléibhte Pennine, agus d’inis siad dom go raibh an Kinder Downfall reoite. Seo eas a thiteann anuas ón cnoc Kinder Scout (636 méadar) agus nach raibh reoite le blianta fada.

D’inis mé an scéal do mo chara Neill Kelly agus mé ar ais i Learpholl an oíche sin agus shocraigh muid dul suas ansin an lá dar gcionn. Bhí gliondar orainn ár dtrealamh geimhridh a fáil réidh, go mór mór nuair a chuala muid an aimsir tuartha a bheith go maith.

Thosaigh muid ag siúl suas ar an tseanchosán ag an tsráidbhaile Hayfield, Derbyshire, ag bun Kinder Scout. Is áit stairiúil, thábhachtach í seo do lucht siúil sléibhe, mar anseo sa Peak District i 1931, bunaíodh The Ramblers Association agus rinneadh treaspás ollmhór ar Kinder Scout i Mí Aibreáin 1932. Cé go raibh an seanchosán in aice leis, ní raibh cead ag siúlóirí dul suas ar an bharr mar thalamh phríobháideach, le Diúc Devonshire, a bhí ann, Bhí caismirtí idir na siúlóirí agus na maoir ar an lá sin, agus gabhadh cumannach óg, Benny Rothman agus ceathrar eile agus gearradh téarma phríosúin orthu. Ach lean an feachtas ar aghaidh agus bunaíodh an chéad Pháirc Náisiúnta anseo i 1951 mar gheall ar sin. (féach ar www.kindertresspass.com).

Shiúil muid suas William Clough, tríd an sneachta go dtí Kinder Scout, ach bhí muid mall agus níor bhain muid Kinder Downfall amach go dtí 4pm. Bhí áthas orainn nuair a chonaic muid go raibh sé fós reoite agus cé nach raibh mórán de sholas an lae fágtha, dhreap muid air. D’fhill muid ar ais go Hayfield sa dorchadas, sona sásta.

An Chontúirt

Os rud é nach raibh aimsir mar seo sa tír le fada, ní raibh an trealamh geimhridh ceart nó an taithí cuí ag a lán siúlóirí agus thosaigh na timpistí marfacha. I dtreimhse ocht lá, fuair ceathrar bás ar Yr Wyddfa an cnoc is airde (1085 m) sa Bhreatain Bhig. Ina measc bhí na deartháireacha James agus Christopher McCallion. Fuair Gwyn Norrell bás ag am chéanna, san áit chéanna ag Clogwyn Coch, nó ‘The Killer Convex’ mar atá tugtha air ag muintir an Bhéarla. Seo áit a bhfuair an toicí Éireannach John Guinness bás os comhair a mhná Jennifer i Mí Feabhra 1988.

De réir Ian Henderson ó Fhoireann Tarrthála Llanberis, nach raibh siad ag caitheamh croibh oighir ná ní raibh piocóidí oighir acu agus d’iarr sé ar shiúlóirí gan dul suas sna sléibhte gan trealamh geimhridh. Chas muid ar ár gcara Glynn, an ball den fhoireann a d’aimsigh na coirp, nuair a bhí muid ar an droim sléibhe Crib Goch cúpla lá i ndiaidh an timpiste. Lá deas geal a bhí ann agus bhí aoibh mhaith orainn uilig, ach ba léir go raibh seisean fós trína chéile faoin tubaiste.

Bhí timpistí marfacha i gCeantar na Lochanna fosta, agus thug an fhoireann tarrthála ansin an chomhairle chéanna do shiúlóirí agus b’éigean do na síopaí tuilleadh trealaimh geimhridh a ordú. Tá níos mó taithí ag na sléibhteóirí thíos in Albain le coinníollacha geimhridh ach le sléibhte níos airde agus sneachta níos doimhne, tá contúirt mhór eile acu ansin- maidhmeanna sneachta. (Beo eagrán 12, Aibreán 2002) Bhí brón orainn a cloisteáil faoin bheirt deartháir Éamonn Murphy ( 61) agus John Murphy (63), as Contae Aontroma, a fuair bás in éineacht le Albanach, Brian Murray (46) ag deireadh Mí Éanair. Baill den club sléibhteoireachta An Teallach ab ea iad, agus bhí siad ag dul suas Buachaille Etive Mór (1022m) tríd Coire an Tulaich nuair a bhuail maidhm shneachta faoin mhullach orthu agus plúchadh ann iad, na créatúir.

Tá eolas maith agam ar Coire an Tulaich, atá in aice leis an phriomhbhóthar A82 trí Ghleann Comhann, ionad an áir fhealltaigh ag Clann Chailein (Caimbeul) ar Chlainn Mhic Iain (Mhic Dhomhnaill). Tá carrchlós ansin agus níl sé ach cúpla slat go dtí an cosán suas. Meallann sé a lán sléibhteoirí mar sin. Bíonn cuid acu mífhoighneach go minic leis an bharr a bhaint amach agus scoith sléibhteoir amháin thar an grúpa An Teallach.

É féin a ba chúis leis an leac maidhm sneachta a mharaigh an triúr. Bhí brón air nuair a d’ admhaigh sé seo don nuachtán áitiiuil, ach caithfidh mé a rá gur chuir a ghníomh fearg orm. Casaim ar an mhéid sin daoine sna cnoic na laethanta seo agus deifir orthu. Ní bhíonn an t-am acu an t-am de lá a bheannú duit agus shílfeá go raibh siad ag glacadh páirt i rás. Daoine ón chathair mhór is dócha, ag fáil réidh le strus an tsaoil. Ní thuigeann siad go gcuireann a n-iompar coimhthís strus ar an duine eile.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.