AR NA SAOLTA SEO/LITIR AS BÉAL FEIRSTE
An díomhaointeas ag cothú drochiompair
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Míníonn Liz Curtis na fáthanna a bhfuil oiread fadhbanna sóisialta i dtuaisceart Bhéal Feirste.

Íomhá
Gluaisteán dóite taobh amuigh d'áraslann Liz.
Grianghraf le Liz Curtis
Íomhá
Oibrithe i Milewater Mill san tseanam
Íomhá
Múrphictiúr sa cheantar dílseach Tullycarnet ar imeall Bhéal Feirste.
Grianghraf le Liz Curtis

Caithfidh mé a admháil go gcuireann sé isteach go mór orm nuair a théim amach tráthnóna agus buailim le grúpa buachaillí taobh amuigh d’áraslann s’againne agus iad ag smúradh gliú. Tarlaíonn sé sin go minic nuair a bhíonn an aimsir mhaith ann.

Idir deich mbliana agus sé bliana déag d’aois a bhíonn siad, a srón sáite síos ina seaicéad acu. Agus iad faoi thionchar an ghliú, téann siad thart ag labhairt leo féin agus ag croitheadh a lámha.

Fadhb eile ó thaobh na bpáistí de ná a ndearcadh ar ghluaisteáin. Cúpla seachtain ó shin, pháirceáil fear a bhfuil aithne agam air a Mini nua in aice leis an tseanreilig thart an coirnéal, mar go raibh sé ag déanamh staidéir ar na leaca cuimhneacháin ansin.

“Nuair a tháinig mé amach as an reilig chonaic mé beirt bhuachaillí agus iad ag bualadh fhuinneoga mo chairr le casúr,” a dúirt sé liom.

Chonaic mé páistí cúpla uair le carr, na fuinneoga briste acu agus na doirse oscailte, iad á bhrú síos an tsráid sular chuir siad ar thine é. Go minic tiománann spraoithiománaithe suas síos an tsráid go mall san oíche, ansin nuair a mhúsclaím ar maidin feicim gluaisteán dóite taobh amuigh de m’fhuinneog. In amanna músclaím i lár na hoíche nuair a phléascann carr atá ar thine.

Rud eile is maith leis na páistí - buachaillí go háirithe - ná na círéibeacha. Tá mé i mo chónaí i gceantar náisiúnach i dtuaisceart Bhéal Feirste ina bhfuil a lán interfaces, fiú ag deireadh sráid s’againne. Téann na páistí amach agus clocha ina lámha acu, réidh le hiad a chaitheamh ar an “taobh eile”, nó fiú ar dhaoine ar bith a bhfuil cuma dhifriúil orthu - rothaithe, mar shampla. Tugtar foréigean áinis ar an iompar seo.

Cad é atá ag dul ar aghaidh? Chas mé ar dhuine a bhíonn ag obair le páistí ó Poleglass, eastát ollmhór náisiúnach ar imeall iarthar Bhéal Feirste.

“Téann na páistí thart i ndronga ollmhóra, céad nó dhá chéad acu,” a dúirt sé. “Tá siad go breá mar dhaoine aonair, ach cuireann na dronga imní ar dhaoine. An rud a shílimse ná go bhfeiceann na páistí seo a lán earraí an-deasa ar an teilifís, ach níl an t-airgead acu le hiad a cheannach. Níl dóchas acu faoin saghas saoil atá rompu. Mar sin tá siad an-ionsaitheach.”

Na mílte post

Thosaigh mé ag smaoineamh siar ar stair thuaisceart Bhéal Feirste. Tháinig daoine den lucht oibre anseo ina sluaite móra sa naoú haois déag mar go raibh na mílte post le fáil sna muilte lín, sna dugaí agus sna longlanna.

Bhí coimhlint ann idir oibrithe Protastúnacha agus oibrithe Caitliceacha mar go raibh postanna rud beag níb fhearr ag na Protastúnaigh, cé go raibh siadsan an-bhocht fosta. Shíl na Protastúnaigh go raibh saol níos fearr i ndán dóibh faoin choróin Shasanach, agus go gcuirfí faoi chois iad dá mbeadh Éire aontaithe neamhspleách ann. Ar an taobh eile, bhí a fhios ag na Caitlicigh nach raibh todhchaí rómhaith i ndán dóibh féin faoi smacht na Breataine.

Cad é a tharla ina dhiaidh sin? Bhuel, cosúil le háiteanna eile fud fad an domhain fhorbartha, tháinig athrú ollmhór eacnamaíochta. Díthionsclú a thugtar ar an athrú seo. D’imigh na tionscail mhóra ina raibh na mílte post neamhoilte - tá na postanna sin lonnaithe sa tríú domhan anois.

I gcás thuaisceart Bhéal Feirste, d’imigh na tionscail uilig idir 1950 agus 1990. Dhruid Milewater Mill - an muileann ba mhó ar domhan tráth - i 1961. Dhruid Ewart’s Mill in aice le hArd Eoin i 1975. Dhruid Gallaher’s, monarcha mhór toitíní, sna 1980í. Tháinig coimeádáin lasta go dtí na dugaí. Tháinig meath ar na longlanna agus níl ach cúpla céad duine fostaithe iontu anois.

Cad é atá fágtha anois do na mílte duine gan oideachas gan cheird ar an dá thaobh den phobal? Is é an leas sóisialta an crann taca is tábhachtaí dóibh. Sa tseanam, nuair nach raibh a leithéid ann, bhogfadh daoine áit inteacht eile ag lorg oibre. Chomh maith leis an leas sóisialta, tá postanna beaga ar ísealphá ann, mar ghlantóirí, freastalaithe, maisitheoirí agus tiománaithe tacsaí. In Ard Eoin, deirtear go bhfuil tionscal amháin nua ann, is é sin an t-ólachán. Sin tagairt don mhéid clubanna oíche atá ann, a mheallann daoine ó cheantair náisiúnacha fud fad na cathrach.

Agus tá aicme bheag nua ann fosta, is í sin na céadta duine (nó b’fhéidir deich míle ar fud na Sé Chontae) atá fostaithe mar oibrithe pobail mar gheall ar phróiseas na síochána. Ní mhairfidh na postanna sin go deo, áfach, mar tiocfaidh deireadh leis na deontais.

I bponc

Tháinig na hathruithe móra seo faoi chlúdach na dtrioblóidí. Anois tá an stádas céanna ag an lucht oibre (nó an dream gan obair) ar an dá thaobh. Tá achan duine i bponc.

Na laethanta seo ní hiad na postanna tionsclaíochta atá mar chnámh spáirne ach airgead ón stát. Cén taobh is fearr ag mealladh airgid nó áiseanna ón stát, nó ón dá stát, ón Aontas Eorpach, nó ó na Stáit Aontaithe. Síleann na Protástúnaigh go bhfuil ionadaithe na gCaitliceach níos fearr ag an chluiche sin, agus seans go bhfuil an ceart acu.

Is í an fhadhb ollmhór eacnamaíochta an cheist bhunúsach, dar liom féin. Cad é is féidir a dhéanamh le scileanna agus postanna a thabhairt do na daoine ón dá phobal atá caite ar leataobh de bharr an díthionsclaithe? Seans maith nach mian leis na polaiteoirí an cheist a chur ar an dóigh sin mar go mbraitheann a gcuid vótaí ar an scoilt sheicteach.

Le críoch dearfach a chur leis an alt seo, inseoidh mé daoibh faoi eachtra bheag a tharla domh. Fuair mé tacsaí abhaile cúpla lá ó shin agus chuaigh mé i mbun comhrá leis an tiománaí. Sasanach a bhí ann, a phós bean as Béal Feirste 40 bliain ó shin.

“Tá na daoine anseo iontach cairdiúil,” ar seisean. “Síleann na paisinéirí uilig go bhfuil mise ar an taobh céanna leosan. Labhrann na fír faoin pheil. Tugann siad tacaíocht do Manchester United nó do Learpholl, agus deirimse leo go dtugaimse tacaíocht d’Aston Villa.”

D’inis mé dó faoi na páistí ag smúradh gliú agus faoi na fadhbanna eile ar an eastát. D’fhiafraigh sé díom cad é mar a bhí mo chuid comharsana.

“Ar fheabhas,” a d’fhreagair mé.

Ní fhéadfá níos mó a iarraidh,” ar seisean.

Agus bhí an ceart ar fad aige.

Is saoririseoir agus craoltóir í Liz Curtis. Is as Sasana ó dhúchas í.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.