AR NA SAOLTA SEO
An deighilt dhomhain sna Sé Chontae
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Chuir tuarascáil a foilsíodh le déanaí Robert McMillen ag machnamh ar an deighilt idir an dá phobal sna Sé Chontae.

Íomhá
Bóthar na Seanchille, Béal Feirste
Íomhá
David McKittrick
Íomhá

Ar mo bhealach chuig mo chuid oibre, téim, Caitliceach as iarthar Bhéal Feirste, síos Bóthar na Seanchille. Seicteachas a bheadh ann, dar liom, mura rachainn an bealach as gaiste fríd an cheantar clúiteach dílseach.

B’ón cheantar seo a tháinig drong dílseoirí i mí Lúnasa 1969 leis an tsráid ina raibh mé i mo chónaí a dhó go talamh. D’éirigh leo cuid de Kashmir Road a scrios agus Sráid Bombay ina hiomláine, ach níor bhain siad teach s’againne amach, ar an dea-uair.

Toradh drámata ar an deighilt idir na pobail Chaitliceacha agus Phrotastúnacha a bhí san eachtra seo agus in eachtra a thiteadh amach – ar scála i bhfad níos lú – lá i ndiaidh lae ar chomhéadain Bhéal Feirste.

Bhí mé ar bhus turasóireachta i nGaeilge Átha Cliath ar na mallaibh agus den chéad uair riamh thuig mé cad é chomh mór is atá príomhchathair na hÉireann. Mar dhuine a chaith bunús a chuid ama fá thithe tábhairne thart ar Pháirc an Chrócaigh roimh chluichí móra Chumann Lúthchleas Gael, oscailt súl a bhí sa turas céanna, ach mhothaigh mé an rud ceannann céanna fá Bhéal Feirste, cathair a bhfuil mé i mo chónaí inti ar feadh mo shaoil.

Níl mé eolach ach ar an tríú cuid, b’fhéidir, de mo chathair dhúchais mar gheall ar an chinedheighilt reiligiúnach atá i bhfeidhm leis na céadta bliain.

Ag siúl síos Sráid Cupar – sráid mhór fhada idir Bóthar na bhFál agus Bóthar na Seanchille – dom lá amháin agus mé deich mbliana d’aois, bhí pictiúr mór den Mhaighdean Mhuire faoi m’ascaill. (Frámalaí pictiúr a bhí i m’athair). Shiúil duine thart liom, d’fhiafraigh díom cé bhí sa phictiúr agus nuair a dúirt mé leis, caith sé seileog air.

Bhí an t-ádh orm; chluininn scéalta fá mo chairde ar tugadh gríosáil dóibh as siocair iad a bheith ina gCaitlicigh.

Sin ráite, bhí mé féin ag siúl síos Bóthar Grosvenor le cara Protastúnach de mo chuid agus mé cúig bliana déag nuair a chruinnigh scaifte thart orainn i ndiaidh iad suaitheantas mo charad – a bhain le foireann cruicéid a scoile! – a fheiceáil agus tugadh gríosáil domsa as siocair mé a bheith i mo Phrotastúnach, mar dhea.

Costas geilleagrachNíl anseo ach mioneachtra a tharla dom féin, agus tá scéalta uafásacha le hinsint ag daoine eile,

ach bhí alt ag David McKittrick in The Independent an mhí seo caite a chuir síos ar chostas geilleagrach na cinedheighilte neamhurchóidí seo.

De réir McKittrick, maíonn tuarascáil a chuir an comhlacht airgeadais Deloitte le chéile go gcaitear suas le £1.5 billiún in aghaidh na bliana mar thoradh ar an chinedheighilt seo. £1.5 bhilliún - £4.1 mhilliún sa lá!

Déantar seirbhísí a dhúblú i gcúrsaí oideachais, tithíochta, sláinte, agus gnéithe eile den saol.

Le linn dom bheith ag obair ag an Andersonstown News, iarradh orm scairt a chur ar oibrí pobail ar an taobh Protastúnach de bhalla na síochána – arís i Sráid Cupar – le fáil amach an mbeadh sé sásta dá mbogfaí an balla siar le go dtógfaí tithe do Chaitlicigh – rud a bhí ag teastáil go mór – ar an talamh bhán. Thig leat a thomhas cén freagra a fuair mé!

Agus sin an áit a bhfuil an fhadhb. Níor breathnaíodh ar an cheantar mar limistéar geografaíochta a dtiocfaí leas a bhaint as ach mar dhún creidimh/polaitíochta ab éigean a chosaint. Mar sin, tá talamh ina luí folamh in áiteanna ar cheart tithe a thógáil air.

De réir na tuarascála, tá seirbhísí á ndúblú nó á n-iolrú do phobail a bhfuil cónaí orthu taobh le chéile agus, mar shampla amháin, maítear go bhfuil 30,000 post caillte de bharr an iolraithe seo.

Tá tionchar ag an deighilt i gcumadh polasaithe a bhaineann gach réimse de shaol sóisialta an tuaiscirt.

Tá scoileanna atá bunaithe ar chreideamh á ndruid mar gheall ar thitim i líon na ndaltaí in áiteacha a mbeadh scoil amháin imeasctha inmharthana.

Caitear an dúrud airgid ar chaidreamh pobail, rud nach mbeadh (agus nach mbeidh?) de dhíth dá mbeadh an dá phobal sásta comhoibriú lena chéile.

Ach tá an fhéiniúlacht chomh diongbháilte sin i muintir an tuaiscirt – as siocair iad a bheith in iomaíocht lena chéile ar feadh na gcéadta bliain – go mbeidh sé cúpla glúin eile sula gcuirfear deireadh leis an seicteachas ar fad, más indéanta ar chor ar bith é.

Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.