THALL IS ABHUS
An damhsa comhaimseartha: níl an t-impire lom nocht!
Breandán de Gallaí Breandán de Gallaí

Is minic a dhéantar an damhsa comhaimseartha a cháineadh, ach dar le Breandán de Gallaí, go leor fiúntais ag baint leis ach tuiscint a bheith agat ar an [i]genre[/i].

Íomhá
Íomhá
Bhain Colin Dunne úsáid as an teicneolaíocht ina sheósan, Out of Time

Chonaic cúpla seó i rith Fhéile Damhsa Bhaile Átha Cliath an mhí seo caite. Damhsa comhaimseartha ar fad a bhí ar siúl lena linn, agus tuigim nach réitíonn an genre sin le gach duine. dúil mhór agam féin ann, ach a fhios agam go mbíonn cuid mhór de *"emperor’s new clothes", *mar a deirtear sa Bhéarla, i gceist leis chomh maith. B’fhéidir go gcreideann an gnáthdhuine nach mbíonn a dhath eile ag baint leis, ach ba mhaith liom a mhíniú nach mbíonn sin fíor an t-am ar fad.

Is cuma cad é atá i gceist, mhéad tuisceana atá agat ar rud, is ea is a bhaineann as. Rinne féin agus mo chuid cairde staidéar ar an cheol mar ábhar Ardteiste ar scoil. Ag an am, bhí an siollabas bunaithe ar cheol clasaiceach. Bhí díomá orainn nuair a thuig muid go mbeadh orainn éisteacht le Beethoven, Stavinsky agus Britten, ach mar sin féin, ag éisteacht leo go fóill! Tugadh léargas eile dúinn ar an chineál seo ceoil mar go raibh orainn mionstaidéar a dhéanamh ar na saothair. Nuair a thuig muid oilithreacht na gcumadóirí agus an lenar bhain siad, bhain féin rud iomlán eile as a gcuid ceoil.

Deir daoine áirithe gur chóir go mbeadh a fhios agat láithreach acu an bhfuil rud maith olc. aontaímse leis an tuairim sin. Go minic, ceannaíonn muid dlúthdhioscaí mar gheall ar go dtaitníonn amhrán amháin linn, ach roimh i bhfad, bhíonn muid ag éisteacht ach amháin leis na rianta gan iomrá.

Ok, anois agus an méid sin ráite agam, sílim go gcaithfidh duine é féin a chur ar an eolas mar gheall ar an damhsa comhaimseartha le bheith in ann an fhoirm ealaíne seo a fhulaingt. Is fiú dul i dtaithí air de réir a chéile. compántais áirithe

damhsa comhaimseartha ar an bhfódCoiscéim, cuir i gcásnach bhfuil róthrom ró-shaindiamhair. Níl ag iarraidh na compántais seo a mhaslúsíleann daoine áirithe atá ag plé le damhsa comhaimseartha nach bhfuil *cool *a bheithtráchtálach”. Ach fiúntas ag baint le siamsaíocht fiúntas i rudaí a osclaíonn do chuid súl, a spreagann ceisteanna agus a léiríonn bealach eile le smaoineamh ar chúrsaí, bealach eile le rud a chur in iúl.

Chonaic ceithre sheó i rith na féile.

CóragrafaíochtTá Jenny Roche ag déanamh PhD sa damhsa comhaimseartha agus tar éis dom cluinstin faoina hábhar tráchtais, bhí ag súil go mór lena saothar a fheiceáil. Chuir trí aonréad i láthair a bhí córagrafaithe ag daoine eile. Is é an taighde atá ar siúl aici an tslí a ndéanann córagrafaíocht daoine eilecoilíniúchánuirthi. Chuir damhsa i láthair a bhí cumtha ag a deirfiúr Liz, a bhí ar an ardán in éineacht léi i rith an tseó. aitheantas bainte amach ag Jenny as ucht a bheith an-mhaith ag cur damhsa i láthair ar an dóigh ar mhaith leis an chóragrafaí é a bheith déanta. Bhí iontach an damhsóir agus an córagrafaí a fheiceáil in aon spás amháin ag an am chéanna. Léiriú den chéad scoth a bhí ann.

Seó eile a chonaic ceann de chuid Tere O’Connor dar teideal Rammed Earth. An rud is a chuir leis an phíosa seo, dar liom féin, go raibh damhsóir fir annChristopher Williamsa bhí iontach. Ach suimiúil go leor, bhí cailín ann a bhí ramharmurtallach, thiocfadh leat a . cool *go maith sa atá inniu ann gan damhsóirí óga galánta a úsáid mar *norm. Bhí féith sa chailín seo agus bhí go maith ag bogadh, ach pléisiúr ar leith ag baint le bheith ag amharc ar dhamhsóir lúfar, caol, matánach, láidir (maith dom an tuairim seo scaoil !).

Ba iad na hits ba mhó san fhéile saothair de chuid genre nach rangaítear mar dhamhsa comhaimseartha go rómhinic: an damhsa Gaelach. Chuir Colin Dunne Out of Time i láthair agus léirigh Jean Butler Does she take Sugar?

Duine ar bith a bhí ag súil le Riverdance níorbh é seo an *gig *dóibhsean. an bheirt damhsóirí i ndiaidh céim MA a bhaint amach sa damhsa comhaimseartha in Ollscoil Luimnigh agus thiocfadh leat a gur cuireadh *magnum opus *s’acu i láthair anseo.

CrógaThaitin caoga faoin chéad de léiriú Jean Butler liom. Bhí cuid mhaith de iontach crógarinne í féin a nochtadh ar bhealach nach mbeadh mórán daoine ar a suaimhneas a dhéanamh. Bhí cúpla mír a bhí cliste, a shíl , ach nár éirigh go rómhaith leo. Mar shampla, chaith tamall fada ag tús an tseó ag damhsa agus iPod ina cluasa. Suimiúil, gan dabht, damhsa a fheiceáil sula mbíonn an rud a spreag é le cloisteáil, ach bhí an chuid seo rófhada i mo bharúilse, agus shíl gur nochtadh na laigí ina cuid damhsa lena linn. Bhí píosa eile annan áit ar tháinig an teideal asinar dhúirt liosta rudaí (a bhí réamhthaifeadta aici) dtaobh di féin. Bhí seo láidir agus chuaigh i bhfeidhm go tréan orm. Dúirt rudaí éagsúla a bhí suimiúilmar shampla, gur bhreá léi dtiocfadh taom scaoill uirthiach nuair a dúirt go raibh fuath aici ar a bheith ag taisteal coach, tháinig *cringe *beag orm. Sin ráiteas a d’fhágfainn féin as an áireamh mbeinn in áit s’aici. furasta a bheith i do

chriticeoir nuair nach bhfuil seó aonair dírbheathaisnéiseach déanta agat!

Bhí seó Colin Dunne millteanach maith. Ba é an bunús a bhí leis rithim agus fuaim. Bhain úsáid as an teicneolaíocht leis na fuaimeanna a rinne lena chuid cos agus lena bhéal le linn an tseó a thaifeadadh beo. Rinneadh iad a lúbadh agus a athmheascadh agus ansin chuir rithimí eile ina mullach. I measc dhamhsóirí Gaelacha an domhain, Colin ar dhuine de na teicneoirí is fearr. D’úsáid míreanna ó seanscannáin inar taispeánadh damhsóirí ón am a chuaigh thart. Bhí an-sásta gur thug an nod seo daofa, murach iad, bheadh muid anseo ar chor ar bith.

mbeadh fonn ar dhuine amharc níos doimhne, d’fheicfeadh gur nocht Dunne a anam chomh maith. Ach fiú murar tháinig le duine é sin a fheiceáil, cuireadh scoth an damhsa i láthair i seó s’aige.

Cuireadh clabhsúr leis an seó le damhsa a rinne Dunne le ceol álainn traidisiúnta. An rud a bhí iontach faoin mhír seo gur éirigh leis damhsa mar a bheadh páiste ann arís.

Bíonn de nós ag an ealaíontóir a leithéid a dhéanamh: chomh luath agus a fhoghlaimíonn gach rud atá le foghlaim faoina ghairm faoina ealaín, tagann ar an tuiscint gur mhaith leis an ealaín sin a chur i láthair amhail is gur páiste égan ualach an domhain, dearcadh daoine eile tionchar múinteora a bheith ag dul i bhfeidhm air a shaothar, ach a bheith i mbun a ealaíne amhail is nach bhfuil aon duine ag amharc air. Measaim féin gur bunsprioc an ealaíontóra is ea a leithéid a bhaint amach.

D’éirigh le Colin Dunne é a dhéanamh.Is as Gaoth Dobhair é Breandán de Gallaí agus chaith seacht mbliana ag obair mar dhuine de phríomhdhamhsóirí Riverdance. Bíonn le feiceáil go minic ar chláracha teilifíse ar RTÉ agus TG4.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.