THALL IS ABHUS
An Córas Pinsin
P.J. Mac Gabhann P.J. Mac Gabhann

Chomh gliceach le sionnach, dar le PJ Mac Gabhann, roghnaigh Sarkozy ceist aois an phinsin leis an bhfreasúra a chniogadh.

Íomhá
Agóid pinsin i bPáras an mhí seo caite
le Ethan Anderson ar Picasaweb
Íomhá
Jeanne Calment sa bhl. 1897, fuair bás 1997
ar Vicipéid
Íomhá
Sarkozy, Uachtarán na Fraince
ar Vicipéid
Íomhá
Zapatero, Príomh-Aire na Spáinne
le Más Ciudadanía ar Picasaweb

Dar le rialtas Sarkozy, is ceist staidrimh é. Tá ionchas saoil níos faide ann anois ag daoine sa Fhrainc thar mar a bhí ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda. De bharr an dul chun cinn atá déanta sa chaighdeán maireachtála go ginearálta, cúram sláinte, cuir i gcás, nó cothú agus cóiríocht, d’ardaigh an t-ionchas saoil meánach sa Fhrainc ó sé bliana is seasca sa bhliain 1950 go ceithre scór bliain i 2005. Leoga sa bhliain chéanna 2005, bhí 16,000 duine os cionn céad bliain d’aois sa Fhrainc; tuigtear go bhféadfadh 80,000 duine in aois an chéid a bheith ann i 2050.

Ina theannta sin, tá méadú suntasach tagtha le blianta beaga anuas ar an gcuid sin den daonra atá os cionn seasca bliain d’aois: sa bhliain 2000, bhí 20.4% de dhaonra na Fraince os cionn na dtrí scór; i mbliana, is ionann agus 22.6% den daonra na daoine a bhfuil seasca bliain slánaithe acu. Ádhúil go leor, tá ceann de na rátaí beireatais is airde san Aontas Eorpach ag an bhFrainc. 830,000 páiste a rugadh sa Fhrainc i 2008, nó 1.3% den daonra, ach is ar éigean gur leor an ráta sin chun athnuachan a dhéanamh ar an daonra atá ann faoi láthair.

Is léir, mar sin, go bhfuil an daonra ag dul in aois. Lena chois sin, cuireann an rialtas i gcuimhne go bhfuil géarchéim airgeadais ann, ní hamháin sa Fhrainc ach ar fud na hEorpa. Meabhraítear do phobal na Fraince go bhfuil ar rialtais i dtíortha éagsúla leasuithe ar an gcóras pinsin a chur i bhfeidhm. Teastaíonn ó rialtas Zapatero sa Spáinn, mar shampla, go mbeidh ar dhaoine feasta leanúint orthu ag obair go 67 bliain d’aois feasta in ionad 65. Ní gá a rá, ar ndóigh, gur rialtas sóisialach é an rialtas Zapatero!

Criogair na hÉireann agus na Gréige

Tuigtear freisin go raibh oibrithe ón earnáil phoiblí in Éirinn agus sa Ghréig ar stailc le deireanas chun a gcuid míshástachta a léiriú in aghaidh ciorruithe rialtais agus díluacháil a gcuid pinsean. Ach cén rogha eile atá ag an rialtas, a deirtear linn? Cá bhfaighfear an t-airgead? Drochscéal atá ann go cinnte scéal seo na bpinsean ach i gcaint a thug sé ag deireadh Mheán Fómhair, dúirt Sarkozy: Mar uachtarán, glacaim leis na freagrachtaí atá orm. Is gá an córas pinsin a leasú agus déanfar sin. Fiú mura dtaitníonn sé le daoine.

Bheadh meas ag daoine ar an gcineál sin cainte. Tá fabhalscéal ag La Fontaine, An Criogar agus an Seangán1, ina bhfeictear an criogar ar cuairt chuig an seangán ag tús an fhómhair ag lorg cúnaimh go dtí go mbeidh an drochshéasúr thart. ‘Íocfaidh mé ar ais tú,’ a deir an criogar, ‘ús agus suim chaipitil.’ Is cosúil nach bhfuil clú iasachtóra ar an seangán áfach. ‘Céard a bhí ar siúl agat le linn an tsamhraidh?’ a dúirt sé leis an gcriogar. ‘Do bhí mé ag canadh,’ a d’fhreagair an criogar, ‘nár thaitin mo chuid ceoil leat?’ ‘Ag canadh!’ a dúirt an seangán agus olc air. ‘B’fhearr duit a bheith ag damhsa anois.’

Is iad na Gréagaigh agus na hÉireannaigh an urchuil neamhthíosúil ar ndóigh. Chaitheamar an samhradh, an tréimhse sin nuair a bhí borradh agus fás faoin ngeilleagar, ag canadh in ionad a bheith ag obair agus ag cur i dtaisce. Anois agus an drochshéasúr teannta linn, cá bhfuil an duine a thiocfadh i gcabhair orainn? Ní theastaíonn ó Sarkozy go mbeidh ar phobal na Fraince a bheith ag brath ar dhaoine eile in am an ghátair. Is gá an t-airgead a chur i leataobh anois, dar leis. ‘Nuair atá glactha leis na leasuithe (atá molta agam ar an gcóras pinsin)’, a deir sé, ‘féadfaidh na Francaigh a rá leo féin: Ní gá a bheith buartha a thuilleadh faoinár bpinsean.’

An seangán é Sarkozy? Aithnítear go bhfuil géarghá leis an gcóras pinsin a leasú. In eagarfhocal sa nuachtán Libération, nuachtán a bheadh báúil go hiondúil leis an eite chlé, a foilsíodh ar an lá stailce ar an 12 Deireadh Fómhair, dúradh: Tuigeann an pobal...go gcaithfear leasuithe a chur i bhfeidhm ar an gcóras pinsin, bíodh sé mar atá molta ag an rialtas nó mura mbíodh. Ach is gá do na ceardchumainn a thuiscint freisin nár cheart an dallamullóg a chur ar dhaoine faoin cheist ach oiread.

Chomh Glic le Sarkozy

Nó an sionnach é Sarkozy? Ainmhí eile a fheictear go coitianta i bhfabhalscéalta La Fontaine is ea an sionnach. Glic, géarchúiseach, cíocrach. De réir na pobalbhreithe Viavoice/Libération a foilsíodh i lár mhí Dheireadh Fómhair, níl muinín ach ag 34% den phobal as an uachtarán, a scór is ísle riamh ó tháinig sé i gcumhacht. Ach an í ceist na bpinsean a shábhálfadh uachtaránacht Sarkozy? Glacann an Páirtí Sóisialach leis gur gá an córas pinsin a leasú. Ach arís ar ais, is léir nach bhfuil baill uile an pháirtí ag caint d’aon ghuth. Cuid acu ag rá go gcaithfear tuilleadh cíoradh a dhéanamh ar na leasuithe atá beartaithe agus teacht ar chomhréiteach; cuid eile, go háirithe iad siúd atá ar eite chlé an pháirtí, ag éileamh gur cheart moltaí an rialtais a chur ar ceal láithreach agus an próiseas idirbheartaíochta a thosú arís as an nua.

Ní féidir é sin a dhéanamh, dar le páirtí an rialtais, an UMP, ar dhá chúis: tá glactha ag an bparlaimint leis na leasuithe atá molta ag an rialtas; lena chois sin, tá go leor ama curtha amú cheana féin ag na Sóisialaithe maidir leis an gceist agus is gá gníomhú anois chun an córas pinsin a shábháil. Tá sé intuigthe ón méid sin go bhfuil aigne an chriogair ag na Sóisialaithe agus nach bhfuil fonn ar Sarkozy éisteacht leo ag canadh a thuilleadh.

Ceart Dom, Ceart Duit

Maidir leis na ceardchumainn, aithnítear go bhfuil feachtas feidhmiúil curtha ar bun acu chun troid in aghaidh leasuithe an rialtais ar an gcóras pinsin. Tá na leasuithe éagórach, dar leo. Is iad na hoibrithe láimhe, na hoibrithe sa tionscal tógála, abraimis, nó na hoibrithe monarchan, a bheidh thíos leis má chuirtear na leasuithe i bhfeidhm. ‘Ba cheart go mbeadh deis ag na daoine sin dul ar scor in aois seasca toisc nach mbíonn an t-ionchas céanna saoil acu is a bhíonn ag daoine in earnálacha eile,’ a deir na ceardchumannaithe.

Ach tuigtear go bhfuil an feachtas féin ag rith as anáil. In ainneoin go bhfeictear méadú ar an líon daoine sna hagóidí sráide, tuigtear go bhfuil laghdú tagtha ar an méid daoine atá ar stailc. Ar dhá chúis: cúiseanna airgid - an duine a théann ar stailc, caillfidh sé lá pá; agus cúiseanna aigneolaíochta - tá an tuairim ann nach dtacóidh an pobal leis an lucht stailce san fhadtéarma. Agus na mic léinn a chuireann a oiread sin eagla ar pholaiteoirí, táthar ag súil go gcuirfidh briseadh lár téarma na Samhna deireadh lena gcuid agóide.

páirc an áir roghnaithe ag Sarkozy don chéad toghchán uachtaránachta eile. Má sheasann sé an fód ar cheist na bpinsean, ní fhágfaidh sé cos faoi lucht an fhreasúra. Murar é a Waterloo é!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.