AR NA SAOLTA SEO
An Coimisiún um Chearta Daonna ar an fhód sa deireadh
Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail

réimse leathan cumhachtaí tugtha don Choimisiún um Chearta Daonna ach, dar le Dónall Ó Maolfabhail, ní bheidh sé éifeachtach mura dtugtar na hacmhainní cuí dó.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill

Um an dtaca seo cúig bliana ó shin a síníodh Comhaontú stairiúil Aoine an Chéasta. Níl aon dabht ach gur cóire Stát Thuaisceart Éireann ó shin. Ach ní hiad na Sé Chontae amháin atá faoi thionchar dearfach an Chomhaontaithe. I measc gheallúintí an Chomhaontaithe, bhí dearbhú ón dá rialtas go síneofaí Coinbhinsiún na hEorpa ar Chearta Daonna agus go mbunófaí Coimisiún Um Chearta Daonna ó thuaidh agus ó dheas.

Beagnach cúig bliana níos déanaí a d’fhoilsigh Coimisiún Um Chearta Daonna an stáit seo a gcéad phlean straitéiseach. Plean thar a bheith uaillmhianach atá ann nach bhféadfadh ach maitheas a dhéanamh don stát óg seo. Ach cheana féin tá imní ann go bhféadfadh easpa maoinithe féidearthachtaí an Choimisiúin a thachtadh.

Is é na Náisiúin Aontaithe, a d’eascair as uafáis an dara Cogadh Domhanda, a thug aitheantas ceart do choincheap na gcearta daonna, mar a thuigimid é sa lá atá inniu ann. Cé gur phléigh seansaothair ar nós An Magna Carta (1215), *Bille Cearta Shasana *(1689) agus *Forógra na bhFrancach maidir le Cearta an Duine agus an tSaoránaigh *(1789) le ceist na gcearta daonna, i ngach cás rinneadar uilig eisceacht nó d’fhágadar ar lár dream éigin daoine de bharr a gcreidimh, nó dath a gcraicinn, nó fiú a n-inscne. Is smaoineamh réasúnta nua, mar sin, i stair an domhain an coincheap go bhfuil gach saoránach i dteideal na gcearta daonna céanna.

Maidir leis an stát seo, tá bunreacht againn ó 1937 a thugann cosaint do go leor cearta daonna, mar shampla cearta sealúchais, agus a deir “gurb ionann ina bpearsain daonna na saoránaigh uile i láthair an dlí.” Mar aon leis an mBunreacht, tá an stát seo tar éis go leor conarthaí maidir le cearta daonna a shíniú ar nós International Covenant on Civil and Political Rights, the International Covenant on Economic, Social and Cultural Rights, the International Convention on the Elimination of All Forms of Racial Discrimination. Ach is rud amháin Bunreacht a scríobh, nó conradh a shíniú, rud eile ar fad feidhmiú dá réir.

Léirigh an Seanadóir David Norris an méid seo go soiléir nuair a rialaigh Cúirt na hEorpa ina fhábhar. Rialaigh an chúirt go raibh an cosc a bhí ar ghníomhartha homaighnéasacha sa stát seo ag sárú a chearta príobháideachais.

Cearta á sárú

Is leor sracfhéachaint amháin ar phlean straitéiseach trí bliana an Choimisiúin lena aithint nach i dtuaisceart na tíre amháin atá cearta daonna fós á sárú sa lá atá inniu ann. Léirítear imní go bhfuil cearta polaitiúla, sibhialta, eacnamaíochta, cultúrtha agus sóisialta araon á sárú. Faoi láthair is é an stát seo an t-aon bhall den Aontas Eorpach nach bhfuil Coinbhinsiún Um Chearta Daonna na hEorpa faofa ann go fóill.

Is san Astráil agus i gCeanada sna 1970aidí a chualathas trácht ar Choimisiúin Um Chearta Daonna den chéad uair. Ainneoin gur síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta i 1998 ní go dtí Iúil 2001 a bunaíodh Coimisiún Um Chearta Daonna na hÉireann. Chuir easaontú maidir le ballraíocht an choimisiúin moill ar chúrsaí. Go bunúsach, tá sé de dhualgas ar Choimisiún Um Chearta Daonna na hÉireann a chinntiú nach sáraítear na cearta uilig atá leagtha síos i mBunreacht na hÉireann, ná na cearta atá leagtha síos in aon chonradh idirnáisiúnta atá sínithe ag an stát seo. Tá rímeat leathan agus réimse leathan cumhachtaí bronnta ar an Choimisiún le seo a chur i gcrích.

Tá cúraim ar an Choimisiún monatóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht. Mar shampla, chomh fada agus a bhaineann sé le cearta sibhialta agus polaitiúla, deir an Coimisiún go mbeidh siad ag scrúdú reachtaíochta ar leith ar nós An tAcht Um Chiontaithe in Aghaidh an Stáit 1939-1998 agus An Bille um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) féachaint an sáraíonn sé cearta daonna. Cheana féin tá an Coimisiún tar éis a mhíshásamh a léiriú leis na hathruithe a rinne an rialtas ar an Bhille um Shaoráil Faisnéise.

Tá monatóireacht ar an bhealach a chuirtear dlíthe i bhfeidhm mar chuid dá chúraim freisin. Deirtear sa phlean go mbeidh siad ag scrúdú an Gharda Síochána ó thaobh an chórais freagrachta atá laistigh den fhórsa agus an bealach a chuireann siad an dlí i bhfeidhm. Deirtear freisin go scrúdóidh siad an tslí ina bhfuil príosúin agus ionaid choimeádta eile an stáit á rith.

Tarraingíonn an plean aird ar thuarascáil choiste de chuid na Náisiún Aontaithe a foilsíodh le déanaí a deir nach raibh dóthain á dhéanamh ag an stát seo maidir le cearta eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha mhuintir na hÉireann a chosaint. Clúdaíonn seo, mar shampla, cearta céanna do mhná agus d’fhir, ceart chun oibre, ceart ardchaighdeán sláinte, ceart caighdeán maireachtála sásúil, ceart chun oideachais, ceart sealúchais agus mar sin de.

Ról tábhachtach eile atá ag an Choimisiún ná taighde a dhéanamh ar cheisteanna sa tír seo a bhaineann le cearta daonna agus an pobal a chur ar an eolas faoina gcearta. Deirtear sa phlean go bhfuil sé i gceist ag an Choimisiún comhdháil a eagrú ar chearta sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíochta laistigh de théarma an rialtais seo. Tá sé i gceist go gcuirfeadh an chomhdháil moltaí chun tosaigh maidir le bealaí leis na cearta seo a chosaint agus go n-eagrófaí feachtas poiblí ar an cheist freisin. Molann an Coimisiún go gcuirfí i bhfeidhm creatlach cearta daonna mar chuid de straitéis náisiunta frithbhochtanais an rialtais agus go n-oibreofaí i bpáirt leis an Combat Poverty Agency ar an cheist. Tá sé i gceist freisin ag an Choimisiún sraith seimineár a eagrú i bpáirt le hAmnesty International ar cheist an chiníochais. Cheana féin tá an Coimisiún ag obair go dlúth leis an gcoiste stiúrtha atá ag ullmhú phlean gníomhaíochta náisiúnta an rialtais maidir le ciníochas.

Ról comhairleach

Go dtí seo is ról comhairleach is mó atá glactha ag an Choimisiún Ach tá cumhachtaí eile i bhfad níos láidre aige. Mar shampla, deir Uachtarán an Choimisiúin, Maurice Manning, go bhfeidhmeoidh an Coimisiún fiosrúcháin. I gcás fiosrúcháin tá de chumhacht ag an Choimisiún iachall a chur ar dhaoine freastal nó iachall a chur ar dhaoine doiciméidí ar leith a chur ar fáil. Ach ní féidir leis an Choimisiún aon chúiteamh a thabhairt. Ní féidir leo ach moladh a thabhairt don rialtas cad ba chóir a dhéanamh.

Deir Uachtarán an Choimisiúin go dtacóidh an Coimisiún freisin i gcás cúirte le leithéidí Mr Jamie Sinnott a bhí ag éileamh cearta oideachais do dhaoine faoi mhíchumas, nó le tuistí neamh-Éireannacha ar rugadh a bpáistí sa stát seo. Tá cumhacht ar leith ag an Choimisiún freisin ar a dtugtar *amicus curiae *, nó cara na cúirte. Tugann sé seo cead speisialta don choimisiún comhairle a thabhairt don chúirt maidir le cearta daonna i gcás cúirte.

Cheana féin sa Tuaisceart tá an Coimisiún Um Chearta Thuaisceart Éireann tar éis a leithéid de thacaíocht a thabhairt do thuiste atá bainteach le scoil na Croise Naofa i mBéal Feirste i gcás atá á thógaint aici in aghaidh an PSNI as gan dílseoirí a bhí ag léirsiú lasmuigh dá scoil a stop. Agus faoi réir an Chomhaontaithe, tagann an dá choimisiún ó thuaidh agus ó dheas le chéile gach dhá mhí mar choiste uile-oileánda. Tá an coiste seo ag obair ar chairt chearta daonna a chur le chéile don oileán uilig.

Is minic thar na blianta gurb iad na daoine is mó ar sáraíodh a gcearta daonna sa stát seo is lú a bhí ábalta cás cúirte a thógáil sa tír seo, gan trácht ar dhul chuig Cúirt na hEorpa. Ciallaíonn bunú an Choimisúin go bhfuil eagraíocht anois ann le cás a thógáil thar a gceann. Anuas air sin, chomh luath agus a dhéanann an rialtas Coinbhinsiún na hEorpa ar Chearta Daonna a achtú, is lú go mór an gá a bheidh le dul chun na hEorpa. Cé go raibh an rialtas breá sásta líon na mball ar an Choimisiún a bheith dhá oiread líon na mball ar Choimisiún Thuaisceart Éireann, más fíor do Phríomhfheidhmeannach an Choimisiúin An Dr. Alpha Connelly, tá an maoiniú atá á dhéanamh ar an Choimisiún ó dheas leathoiread is atá i gceist ó thuaidh.

Is é an fhírinne ná go bhféadfadh an dá chinneadh maidir le cearta daonna, a tógadh i gComhaontú Aoine an Chéasta, a chomhmhaitheas a dhéanamh do shochaí an stáit seo agus atá á dhéanamh ó thuaidh. Tuigtear dom go ndéanfaidh an rialtas Coinbhinsiún na hEorpa Um Chearta Daonna a achtú go luath. Is léir ón phlean straitéiseach go bhfuil an Coimisiún um Chearta Daonna an-díograiseach ag tabhairt faoina gcuid oibre. Tá cumhachtaí tugtha don Choimisiún nach raibh riamh ag aon eagraíocht eile. Ach muna ndéanann an rialtas maoiniú ceart ar an eagraíocht is é an stát seo agus ní Tuaisceart Éireann a bheidh mar ábhar náire os comhair an domhain.

As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag d’fhoilseacháin éagsúla.

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.seanod.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.