AR NA SAOLTA SEO
An Chontúirt Linn i dTólamh
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

contúirt áirithe ann i dtólamh, dar le Robert McMillen, ar cheart a aithint agus a bheith faicheallach ina thaobh.

Íomhá
Brian Ervine, Iar-Cheannaire an PUP
Íomhá
Mí Iúil i mBéal Feirste
le Tatjana Versaggi ar Picasaweb
Íomhá
Píce sáite faoin bhunsop
Íomhá
Am mórshiúlta

Ar an 18ú Meitheamh, thug mé síob do neacht de mo chuid, cailín as iarthar náisiúnaíoch Bhéal Feirste a bhí ag dul tigh a gasúir, fear óg as oirthear dílseach Bhéal Feirste. Ar an bhealach suas Bóthar Bhaile Nua na hArda dúinn, ceantar ina bhfuil an UVF go láidir, chonaic mé gunnadóir ag amharc díreach ormsa fríd an dearcóir teileascópach a bhí ar a raidhfil cumhachtach.

Ar an dea-uair, ní raibh ann ach múrphictiúr, nó tuarphictiúr ba cheart a thabhairt air mar thuar sé an foréigean a bhris amach cúpla lá ina dhiaidh. Bhí pictiúir eile ar na ballaí, iad chomh gránna lena chéile, dubh agus liath agus bagrach, iad ag teacht salach ar mhúrphictiúir eile a léirigh mórtas cine na bProtastúnach - an Titanic, George Best, cath an Somme (tá patrún á nochtadh anseo).

ciúnas an bháis sa longlann anois agus an long dobháite ar ghrinneall na mara; tá sárpheileadóir, ar chlúití a scileanna ragairneachta ná a scileanna peile in amanna, ar shlí na fírinne mar gheall ar an iomarca fuisce agus fuair aicme oibre dílseach bás ina sluaite ag an Somme mar gheall ar impiriúlachas an gheilleagair. Na rudaí a léiríonn an fhéiniúlacht Phrotastúnach, baineann siad le tubaistí, beag agus mór. Friochtán Uladh, Ruby Murray agus "we’re not Brazil, we’re Norn Iron." Tá dílseoirí mar a bheadh íobartaigh an ghrá leatromaigh ann - tá grá acu don Choroín ach bhí Eilís II i mBaile átha Cliath ag tabhairt urraime dóibh siúd a throid ar son saoirse na hÉireann; tá polaiteoirí Aontachtacha ar nós cuma liom faoi riachtanais an aicme oibre Phrotastúnaigh.

Drochbhastaird Seachas Gnáthbhastaird

Fíu amháin, i ndiaidh do Rory McIlroy an US Open a bhaint, bhí Bord Turasóireachta Thuaisceart Éireann ar bís ag iarraidh tógáil ar an dea-phoiblíocht a chruthaigh an galfadóir catach ach i bhfaiteadh na súl, bhí an dóchas sin ina smidiríní agus buamaí peitril á gcaitheamh, ionsaithe á ndéanamh ar an PSNI, fuath agus foréigean á nochtadh ar shráideanna Bhéal Feirste agus UVF oirthear Bhéal Feirste taobh thiar de. Bhí aisling lucht turasóireachta anois ina thromluí. Tubaiste eile.

Bhíodh an dearcadh i measc náisiúnaíoch sna 1970í/1980í gur “dream gnáthbhastard” a bhí san UVF agus gur “dream drochbhastard” a bhí san UDA. Thuig siad go raibh stair éigin ag baint leis an UVF agus go raibh rian láidir den pholaitíocht shóisialta ina bhfealsúnacht. Ní mar sin atá sé faoi láthair. Is léir go bhfuil an eagraíocht, a raibh ceannasaíocht lárnach iontach láidir aici, ag titim as a chéile. Ní féidir a thuilleadh smachta a chur ar bhaill áirithe, go mór mór in oirthear Bhéal Feirste. Chuir mé agallamh ar Brian Ervine cúpla mí ó shin, ceannasaí an PUP - páirtí polaitíochta atá ceangailte leis an UVF - do beo.ie. Chuir sé iontas orm a fheargach is a bhí Ervine faoin HET (Foireann na bhFiosrúchán Stairiúla), a bhí ag déanamh leatroim ar pharamhílitigh dhílseacha. Níor éirigh le Brian suíochán a bhaint ag na toghcháin Tionóil i mí Bealtaine agus d’éirigh sé as ceannasaíocht an PUP an mhi seo.

Léiríonn sé sin an comhthéacs inar tharla an trioblóid ag an Trá Ghearr an mhí seo caite. Gan urlabhraí a d’fhéadfadh cás an UVF a chur chun cinn faoi bhrat na polaitíochta, roghnaigh na paraimílitigh an seanbhealach traidisiúnta le haird a tharraingt ar a n-éileamh - rinne siad ionsaí ar Chaitlicigh, baiclí de bhuachaillí óga, neamhoilte, dífhostaithe feargacha mar cheithearnaigh acu. Meastar go bhfuil scor an HET ar cheann d’eilimh an UVF, rud a shábhálfadh go leor acu ó shealanna ar an leaba chláir, a mhaítear, agus tá, mar sin, tús áite arís eile ag na fir chrua, beag beann ar na daoine a bhfuil siad in ainm is a bheith á gcosaint.

Easaontóirí

Léirigh na círéibeacha in oirthear Bhéal Feirste rud eile. Scaoileadh urchair ón taobh náisiúnaíoch agus na céadta dílseoir ag déanamh ionsaí ar an iamhchríoch bheag poblachtánach agus creidtear gur gunnadóir easaontach a bhí freagrach. (Gabhadh fear a bhfuil baint aige le heasaontóirí agus chonachtas an mana Sinn Fein Touts ar bhalla sa Trá Ghearr). Níor éirigh leis dochar a dhéanamh seachas iarchomhghleacaí de mo chuid, Niall Carson, grianghrafadóir leis an PA, a scaoileadh sa chois ach léiríonn sé cén fáth go raibh imní ar phoblachtánaigh faoin díchoimisiúnú. Bhíodh a leithéid d’ionsaithe á ndéanamh ar cheantracha Caitliceacha sular bunaíodh an stát ó thuaidh agus tá siad á ndéanamh go fóill agus sin an fáth go gcoinnítear an píce sáite sáite suas fad rí do láimhe faoin bhunsop sa 21ú haois seo. Mire, eh?

Tharla an rud céanna i 1969 nuair a rinneadh ionsaithe fíochmhara ar cheantracha Caitliceacha - ar shráid Bombay ach go háirithe - agus ba bheag gunna a bhí ann lena gcosaint. Ón teip sin a d’fhas gluaiseacht na Sealadach. Beidh na heasaontóirí ag dúil go dtarlóidh an rud céanna i 2011 agus gurb iad féin a bhainfidh tairbhe as.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.