AR NA SAOLTA SEO/AN EORAIP
An chéad chéim eile san Aontas Eorpach
Maolmhaodhóg Ó Ruairc Maolmhaodhóg Ó Ruairc

Tá obair ar siúl le tamall anuas ar bhunreacht don Aontas Eorpach ach, mar a mhíníonn Maolmhaodhóg Ó Ruairc, tá go leor de thíortha an aontais míshásta leis an cháipéis seo.

Íomhá
Uachtarán an Choinbhinsiúin, Valéry Giscard d’Estaing,le Príomh-Aire na hIodáile, Silvio Berlusconi, Iúil 2003

Cuirfidh an Iodáil tús ar an 4 Deireadh Fómhair sa Róimh le comhdháil idir-rialtasach nua. Tá sé ar intinn ag an Iodáil, agus tá súil aici, an obair a chur i gcrích faoi cheann dhá mhí. Ní gach Ballstát atá ar aon aigne léi gur féidir an obair a dhéanamh chomh gasta sin.

Is féidir an t-amhras a thuiscint. Tá an chomhdháil á comóradh chun an bhailchríoch a chur ar an gCoinbhinsiún a bhí i mbun oibre le bliain go leith. Ceapann Uachtarán an Choinbhinsiúin, Valéry Giscard d’Estaing, nach gá an scéal ar fad a phlé as an nua. Tuigtear dó freisin.

Ó thosaigh sé a chuid oibre bhí 26 seisiún ag an gCoinbhinsiún, bhí céad agus a cúig duine as gach cearn den Eoraip rannpháirteach sa díospóireacht agus cuireadh ocht míle aighneacht faoina bhráid.

Agus an toradh ar an obair ar fad: imleabhar 340 leathanach a dtugtar bunreacht air. Is fiú meandar a chaitheamh ar an nóisean sin.

Ar cheart bunreacht a thabhairt air in aon chor ? Ní leomhfadh éinne an focal “bunreacht” a lua fiú amháin i gcomhthéacs na hEorpa dhá bhliain ó shin. Bhí sé chomh mór faoi thoirmeasc agus a bhí “feidearálachtráth.

Nuair a cuireadh an Coinbhinsiún ar bun ní dhearnadh tagairt do bhunreacht sna téarmaí tagartha. Anois tá an bunreacht i mbéal an phobail. Tá deireadh leis an toirmeasc. Dul chun cinn síceolaíoch gan aon agó atá déanta ar dhearcadh an phobail.

Cad é mar a thángthas ar an mbunreacht seo? Ba bhaolach ar feadh i bhfad nach dtiocfadh an Coinbhinsiún ar aon aigne faoi aon téacs amháin. Dá bhfoilseofaí níos mó ná téacs amháin ag deireadh, teip a bheadh ann. Bheadh an t-am curtha amú acu. Ach comhaontaíodh ar an aon téacs amháin atá le cur in ionad na gconarthaí uile atá ann cheana.

Ach ar cheart bunreacht a thabhairt ar an doiciméad deiridh? An féidir le bunreacht a bheith ann gan stát? Is féidir má thuigtear nach mór - fad a bhaineann leis an Eoraip - aird a choimeád ar phearasantacht dhúbailte na hEorpa.

Óir tá an Eoraip ag iarraidh ar aon uain aontas a chruthú idir na Stáit agus aontas a chruthú idir na pobail. Go dtí go gcruthaítear an t-aon aontas amháin ní mór an aontacht a bhunú ar an éagsúlacht. Córas nó próiseas cinnteoireachta atá ann dáiríre ach is séimhe sothuigthe gonta mar fhocal é “bunreacht”.

Meas an phobail

Cad é meas an phobail ar obair an Choinbhinsiúin? Tá 67% den phobal ar son an Bhunreachta. Tá 45% den tuairim nár mhiste é a leasú beagán fós agus gan ach 10% atá sásta leis mar atá sé.

Agus na Ballstáit, cad é an tuairim atá acu? Tá na mórthíortha i gcoitinne den tuairim nár cheart aon bhunleasú a dhéanamh agus tá na miontíortha den tuairim nár mhiste an scéal a phlé a thuilleadh.

Tá na hábhair chonspóide ann gan amhras. Deir campa amháin nach bhfuil le déanamh ach corrcheartúchán anseo is ansiúd, agus deir an taobh eile - Éire ina measc - gur comhlacht flaitheasach an chomhdháil idir-rialtasach agus nach mbeadh sé “bunreachtúil” gan gach ceist agus gach gné de gach ceist a oscailt don athphlé.

Tá an Pholainn míshásta toisc nach bhfuil aon tagairt don Chríostaíocht. Tá an Spáinn buartha faoin athmhachnamh atá déanta ar ualú na vótaí. Tá Éire agus an Bhreatain imníoch faoin iarracht riail na haontoilíochta a chealú go háirithe maidir le ceisteanna sóisialta agus cánachais.

Agus, aisteach go leor, beidh focal le rá ag na Stáit Aontaithe, go hindíreach ar ndóigh, faoin moladh maidir leis na ballstáit tarrtháil a thabhairt dá chéile i gcúrsaí cosanta.

Cinneadh an Coinbhinsiún a chomóradh dhá bhliain ó shin sa tsúil nach dtarlódh an dara Conradh Nice go deo arís. Bíodh is gur ceanglaíodh cinniúint Nice leis an reifreann in Éirinn, bhí teipthe ar Nice sular thosaigh pobal na hÉireann ag smaoineamh air mar chonradh.

An téacs don Bhunreacht a bheidh idir chamáin ag na rialtais san Iodáil, tá sé ann agus is amhlaidh atá sé toisc gur theastaigh ó chách an díobháil a rinneadh i Nice a sheachaint. Má thosaítear ar an athscagadh, áfach, is Nice, múnla II, a bheidh mar thoradh ar an gcaint.

Cuirfear an locht ar an Iodáil. Is beag creidiúint atá ag an bPríomh-Aire Berlusconi ó thosaigh an uachtaránacht i mí Iúil. Tá an Fhrainc agus an Ghearmáin ar a seacht ndícheall chun an leanbh a shábháil agus tá Éire ag súil nach sábhalófaí an leanbh go dtí go bhfuil sé ina broinn aici féin san Athbhliain.

Ina dhiaidh sin beidh na torthaí le cur faoi bhráid na bpobal gach áit. Má chuirtear “Nice II” ina láthair is cinnte go mbeidh dea-obair an Choinbhinsiúin curtha ó mhaith agus go mbeidh an tAontas i ngátar arís. Agus gá, b’fhéidir, le Coinbhinsiún eile.

Tá Maolmhaodhóg Ó Ruairc ag obair le Comhairle na hEorpa sa Bhruiséil.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.