CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
An Cailín Rua
Catherine Foley Catherine Foley

Sliocht as saothar le Catherine Foley, a bhuaigh duais sa rannóg “Ábhar Léitheoireachta don Fhoghlaimeoir Fásta (Saothar do Dhaoine Fásta a bhfuil bunlíofacht bainte amach acu)” san Oireachtais i mbliana.

Nuair a dhúisigh sí bhí an bad ag taisteal, ag bualadh i gcoinne na dtonntracha. Mhothaigh sí an bád ag titim agus ag dreapadh i ngleannta na farraige.

Chonaic sí fear ina sheasamh os comhair an rotha stiúrtha ag féachaint amach tríd an bhfuinneog. Ní raibh a fhios aige fós go raibh Saidí ar bord.

D’fhan Saidí ina luí ar an leaba mar sin ar feadh tamaill ach ar ball bhí uirthi bogadh - theastaigh uaithi dul go dtí an leithreas. D’éirigh sí ina suí. Ní raibh gíog aisti. Chuir sí a cosa amach agus lig sí síos í féin go mall ar urlár an bháid. Bhí sí ina seasamh suas díreach nuair a chas Cathal.

Agallamh Beirte

D’fhéach an bheirt acu ar a chéile. Bhí ionadh agus míthuiscint ar Chathal. Bhí painic agus eagla ar Saidí.

“Cé tusa?” a bhéic Cathal.

“Saidí.”

“Agus cad tá á dhéanamh agat ar mo bhád, a Shaidí?” a d’iarr sé uirthi agus fearg air.

“Thit mé i mo chodladh. Tá an-bhrón orm. Bhí mé i bhfolach thuas ansin. Imeoidh mé chomh luath agus is féidir liom.”

“Go hiontach, an-deas. Tá sé seo an-mhíshasúil. Táimid cúig mhíle amach ó chósta Phort Láirge. Ní féidir liom casadh anois. Ní bheimid ag filleadh go dtí an Satharn.”

“Ó,” a dúirt Saidí. “An ea? Bhuel, ní chuirfidh mise isteach ort. Beidh mé an-chiúin. Fanfaidh mé anseo as do bhealach. Agus is féidir liom an chócaireacht a dhéanamh más maith leat.” Rinne an fear gáire meidhreach.

“Tá Páidí agam chun jabanna mar sin a dhéanamh,” a dúirt sé. Agus leis sin, chuala sí duine éigin thuas ar an deic ag útamáil thart. Páidí a bhí ann, gan amhras.

“Suigh síos arís agus lig dom mo mhachnamh a dhéanamh,” a bhéic Cathal.

“An féidir liom dul go dtí an leithreas ar dtús,” a dúirt Saidí. “An bhfuil cead agam dul amach!” a dúirt sí ag déanamh aithrise ar ghuth cailín scoile.

“Ó,” a d’fhreagair sé. “Ceart go leor. Imigh leat,” a dúirt sé ag taispeáint na slí di go bun an tigín ina raibh leithreas beag. Chuaigh sí isteach ann agus dhún sí an doras caol. Sheas sí ag smaoineamh ar a cás.

Lasmuigh sheas Cathal ar feadh tamaill chomh maith ag smaoineamh ar an mbean seo. Bhraith sé go raibh praiseach déanta ag an mbean den turas. “Bean rua is ea í,” a dúirt sé os íseal.

Tháinig Saidí amach as an leithreas. “Mí-ádh a leanfaidh muid anois ar an mbád. A Chríost, tá mé caillte. Tá sé dona go leor go bhfuil An Cailín Rua baiste ar an mbád ach tá sé seo an-aisteach anois.”

Leis sin, bhris Saidí isteach ar a chuid smaointe. “Ní chreideann tú é sin, an gcreideann? Nach bhfuil a fhios agat gur piseog é sin. A Thiarna, bean rua ar bhád, go bhfóire Dia orainn, táimid caillte. Ar ais, ar ais go dtí an caladh,” a dúirt sí ag déanamh spóirt.

Gháir Saidí agus chuimil sí a gruaig fhada chatach. Bhí cumhacht aici agus í ag súgradh lena cuid gruaige chun é a ghríosadh agus thuig sí go tobann, ag breathnú ar an bhfear seo nuair a d’fhéach sé uirthi, go raibh ceangal éigin eatarthu, ceangal éigin nár thuig sí ina iomláine.

“Is é seo dhá mhíle is a trí,” a lean sí uirthi. “An tríú mílaois. I ndairíre, an gcreideann tú sna piseogaí san?”

“Ní chreidim ach ná habair liom nach leanann mí-ádh éigin tusa?”

Bhí pointe aige, ach níor theastaigh ó Shaidí aon rud eile a rá faoi sin. Rinne sí cinneadh na ceisteanna a athreorú.

“Cá bhfuil tusa ag dul anois? An bhfuil tú ag dul amach ag iascaireacht?” a d’iarr sí air.

“Tá mé ag dul amach chun na líonta a tharraingt. Tagann Páidí liom ar gach turas. Gaibh mo leithscéal, caithfidh mé an bád a thiomáint.”

Sheas Cathal agus shiúil sé go dtí doras an tigín.

“Ceist eile agam ort,” a dúirt Saidí. Chas Cathal agus d’fhéach sé ar Shaidí agus an ghruaig rua ag titim go bachallach péarlach timpeall uirthi.

“Cad is ainm duit féin, a dhuine uasail?” a dúirt sí agus íoróin ina guth.

“Cathal,” a dúirt sé ag gáire. “Cathal Ó Cinnéide.”

“Dia is Muire duit, a Chathail Uí Chinnéide.”

“Dia is Muire duit is Pádraig, Saidí,” a dúirt sé ag gáire os íseal agus d’imigh sé amach.

Shuigh Saidí síos arís ar an leaba. Bhí sí i gcruachás de shórt éigin ceart go leor.

Stoirm Farraige

Lean an bád ag treabhadh tríd an bhfarraige. Bhí sé garbh go leor. Bhí farraige ann agus bhí an spéir liath, na scamaill go trom, pacáilte anuas ar a chéile, uisce ag titim uathu ag cur leis na tonntracha a bhí ag léimt is ag súgradh timpeall an bháid. D’éirigh sé déanach.

“Cuir na héadaí seo ort,” a dúirt Cathal léi. “Tá cabhair ag teastáil uainn ar an deic. Tá an t-uisce ag ardú. Caithfidh tú an pumpa a úsáid.”

Chuir Saidí na héadaí buí uirthi féin agus chuaigh sí suas ar an deic. Bhí gaoth bog a dhóthain ann, cé go raibh an bád ag luascadh go fíochmhar san uisce. Bhain sí an pumpa amach agus thosaigh sí ag obair. Sheas Páidí ag an roth, istigh faoi fhothain an tigín, agus thiomáin sé an bád. Bhí Páidí ag obair ar an dara pumpa. Lean Saidí uirthi ag obair. Bhí an triúr acu ag obair leo mar sin ar feadh dhá uair an chloig.

Thart fán ceathair a chlog bhris an ghrian amach trí na scamaill agus d’éirigh an t-uisce ní ba chiúine.

“Saidí, fág ann é. Tar isteach,” a bhéic Cathal. “Tá tú fliuch báite. Téigh isteach agus bain díot na héadaí fliucha.”

“Níl aon éadaí tirime agam,” a dúirt Saidí. Stad Cathal agus d’fhéach sé uirthi. Bhí cuma chrosta air.

“Tóg an roth stiúrtha,” a dúirt sé le Páidí, ag casadh isteach go dtí an cábán. Tar éis tamaill tháinig sé ar ais.

“D’fhág mé éadaí tirime ar an leaba duit. Cuir ort iad.” Chuaigh Saidí isteach agus thosaigh sí ag cur na n-éadaí uirthi.

Sa teachín ar an mbád, ní raibh ann ach aon seomra amháin agus tigín an rotha stiúrtha in aice leis. Ar an dtaobh eile den seomra, bhí an leithreas. D’fhan Cathal ina sheasamh ag an roth stiúrtha fad is a bhí Saidí ag cur na n-éadaí uirthi féin. Ní raibh mórán spáis sa seomra seo. Bhí ceithre leaba i gcoinne na bhfallaí agus bhí bord eatarthu. Bhí sorn, doirteal agus cuisneoir i gcúinne eile. Bhrostaigh Saidí agus í ag coiméad súil ghéar ar dhroim Chathail, ar eagla go gcasfadh sé.

Nuair a bhí sí athghléasta, shuigh sí ar an leaba. Bhí sí i bponc ceart. Níor cheap sí go mbeadh an bád ag imeacht ón gcé. Níor cheap sí go mbeadh uirthi taisteal ar an bhfarraige le stroinséar ar feadh ceithre lá. Bhí sí ag éalú ó Sergio ach cad a dhéanfadh sí anois? Nuair a rith sí uaidh, cheap sí nach raibh ach aon áit le dul i bhfolach uaidh, ach bhí dul amú uirthi.

Nuair a chonaic sí Sergio agus an bhean le chéile sa charr, bhí a fhios aici cad a bhí ar siúl eatarthu. Bhí uirthi éalú láithreach. Níor smaoinigh sí ar aon rud eile ach éalú ón díomá, ón mbriseadh croí. Rith sí síos an ché. Rith an bheirt acu ina diaidh ach d’éirigh léi éalú uathu. “Ach tá mé i gcruachás ceart anois, ceart go leor,” a dúirt sí os íseal léi féin.

D’fhéach sí ar chúl Chathail. Cén saghas fir é seo, a smaoinigh sí. Cad iad na spriocanna atá aige, arsa sise léi féin. An bhfuil sé santach mar dhuine? An é an craos a spreagann é, dála Bruce? Beidh orm a bheith cúramach.

Cheap sí go mbeadh uirthi í féin a chosaint uaidh. D’fhéach sí ar na matáin a bhí ar a mhuinéal. D’fhéach sí ar a chúl leathan, ar a ghruaig chatach dhubh, ar a chosa fada agus ar a thóin. “Deas,” a dúirt sí léi féin. N’fheadar an fear séimh é, a smaoinigh sí. Bhí na smaointe ag rith léi mar sin agus í ina suí ar an leaba ar an mbád. Sa deireadh, arsa sí léi féin: “Má tá ceacht amháin foghlamtha agam, is ea go bhfuil na fir uilig dainséarach.”

Tae ar Bord

Ar ball, chas Cathal agus shiúil sé isteach go dtí an chistin. “Tá sé in am don tae, ceapaim. Tá uibheacha agam agus pónairí. An bhfuil ocras ort?” a d’fhiafraigh sé de Shaidí. Mhothaigh Saidí an t-ocras ina bolg láithreach. Ní raibh sé tugtha faoi deara aici go raibh sí ocrasach go dtí gur labhair Cathal faoi bhia.

“Tá,” a d’fhreagair sí é. “An féidir liom cabhrú leat?”

“Fan mar atá tú,"a dúirt Cathal. “Tá seantaithí agamsa ar an jab seo. Tá sé thar a bheith éasca. Tá mé ag iascaireacht ó bhí mé sé bliana déag d’aois ar bhonn páirt- nó lánaimseartha agus tá mé tríocha bliain d’aois anois.”

“An maith leat é?” a d’iarr Saidí air agus í ag breathnú air ag obair. Cheap sí go raibh grástúlacht ag baint lena chuid gníomhartha - ag tógaint an fhriochtáin amach, ag briseadh na n-uibheacha agus ag oscailt an channa pónairí. Tá gluaiseacht mhín réidh an rinceora ag baint leis, a cheap sí.

“Is maith liom go mór é - nuair bhíonn na héisc le fáil go fliúrseach, nuair a bhíonn an ghrian ag taitneamh agus nuair a bhíonn an fharraige ciúin. Ach laethanta eile, bím go hainnis ag fágaint na cé dom. Mar tá an obair an-chrua agus bíonn sé míshasúil nuair a bhíonn na líonta folamh. Bíonn go deimhin.”

Bhí an tae go hálainn. D’ith Saidí a dóthain agus níor smaoinigh sé ar feadh tamaill ar a briseadh croí, ar Sergio nó ar a chuid pleidhcíochta.

Bhí an bheirt acu ag críochnú, ag ól an tae, ag ligint a scíthe - bhí Páidí thuas ar an deic ag obair ar rud éigin, nuair a d’fhéach Cathal go díreach uirthi.

“Ar mhaith leat braon uisce bheatha?” a dúirt sé. D’oscail sé buidéal agus bhí braon ag an mbeirt acu. Bhí gach rud ciúin lasmuigh i ndiaidh na fearthainne. Ag leathuair tar éis a naoi, chuaigh an bheirt acu suas ar an deic. Mí na Bealtaine a bhí ann. Bhí an oíche an-gheal. Ní raibh cóta ar Shaidí ach ní raibh sí fuar.

“Cén aois thú?” an chéad cheist eile a chur Cathal uirthi.

“Tá mé níos sine ná tusa,” a dúirt sí ag gáire.

“An bhfuil post éigin agat sa bhaile?”

“Is múinteoir bunscoile mé.”

“An bhfuil fear agat?”

“Tá. Bhí. Ní bhaineann sin leat,” a dúirt sí leis ag gáire, cé nár mhothaigh sí ró-áthasach. “Sin ceist dheacair.”

“Ceart go leor. Gabhaim pardún agat. Níor theastaigh uaim a bheith fiosrach.”

“Is scéal casta é,” a dúirt Saidí. “Níl a fhios agam conas a chríochnóidh cúrsaí. Chuir mé mo mhuinín ann. Is amadán mé. Tá mé ar teitheadh uaidh anois. Ní fear ionraic é ach níor chreid mé go dtí aréir cé chomh mímhacánta is a bhí sé.” Stop Saidí agus thit na deora uaithi. Bhí a croí gortaithe go dona ag Sergio.

“Rith mé, d’éalaigh mé agus chuaigh mé i bhfolach mar bhí cineál déistin orm. Bhí sé in éineacht le bean eile.”

“Aá, tá brón orm faoi sin. Bíonn sé deacair nuair a tharlaíonn sé sin. An mbeidh braon eile agat?”

“Beidh, go raibh maith agat.”

“An bhfuil tú cinnte go raibh sé in éineacht le bean?”

“Tá, bhí an bheirt acu le chéile, i gcúl an ghluaisteáin.”

“Ó, tarlaíonn rudaí den sórt sin, ceart go leor, is dócha. Ól siar é sin,” a dúirt Cathal.

D’ól an bheirt acu. Ní raibh gíog as an bhfarraige. Bhí an saol ciúin mórthimpeall orthu. Bhí an ghealach ag soilsiú agus cheap Saidí go mbrisfeadh a croí. Bhraith sí na deora ag teacht arís.

Ná bac leis,” a dúirt Cathal. “Téigh síos más maith leat agus bíodh codladh agat. Fanfaidh mise agus Páidí anseo. Ní gá duitse fanacht amuigh san oíche. Tá jab á dhéanamh againne.”

“Ba bhreá liom dul a chodladh anois. An bhfuil tú cinnte?”

“Tá, ar aghaidh leat.”

“Go raibh maith agat. Oíche mhaith agat, mar sin.”

“Oíche mhaith.”

“Glaoigh orm má bhíonn cabhair ag teastáil uait.”

“Déanfaidh cinnte.”

Is as an Rinn i bPort Láirge í Catherine Foley. Is iriseoir í leis an *Irish Times i mBaile Átha Cliath.*

Gluais • Glossary

i gcoinne na dtonntrachaagainst the waves

ag dreapadhclimbing

gíogsqueak

ionadhsurprise

míthuiscintmisunderstanding

a bhéic CathalCathal shouted

bhfolachhiding

an-mhíshasúilvery unsatisfactory

ní chuirfidh mise isteach ortI won’t bother you

gáire meidhreachmirthful laugh

ag útamáil thartfumbling around

gan amhrasundoubtedly

lig dom mo mhachnamh a dhéanamhlet me have a think

ag déanamh aithrise arcopying

a cásher situation

bhraith séhe felt

praiseachmess

os ísealin a low voice

mí-ádhbad luck

piseogsuperstition

caladhport, harbour

Gháir SaidíSaidí laughed

catachcurly

chun é a ghríosadhto incite him

ceangalbond

an tríú mílaoisthe third millennium

mí-ádhbad luck

cinneadhdecision

chun na líonta a tharraingtto draw the nets

péarlachpearly

íoróinirony

i gcruachásin a predicament

ag treabhadhploughing

déanachlate

ag ardúrising

ag luascadh go fíochmharrocking fiercely

fothainshelter

fliuch báitesoaking wet

cuma chrostaa cross look

sorncooker

doirtealsink

cuisneoirfridge

ar eagla go gcasfadh séin case he’d turn around

Bhí sí i bponc ceart.She was in a real fix.

ón gcéfrom the quay

ag éalú ó Sergioescaping from Sergio

bhí dul amú uirthishe was wrong

láithreachimmediately

díomádisappointment

ón mbriseadh croífrom the heart-break

spriocannatargets, ambitions

santachgreedy

craosvoracity

matáinmuscles

a chúl leathanhis broad back

N’fheadar an fear séimh éI wonder if he’s a gentle man

ceachtlesson

dainséarachdangerous

pónairíbeans

ar bhonn páirt- nó lánaimsearthaon a part-time or full-time basis

grástúlachtgracefulness

gníomharthaactions

friochtánfrying-pan

gluaiseachtmovement

rinceoirdancer

le fáil go fliúrseachplentiful

ag taitneamhshining

go hainnismiserable

nuair a bhíonn na líonta folamhwhen the nets are empty

Bíonn go deimhinIt is indeed

a chuid pleidhcíochtahis fooling around

Ní bhaineann sin leatMind your own business

ró-áthasachto happy

Gabhaim pardún agatI apologise

fiosrachinquisitive

castacomplicated

conas a chríochnóidh cúrsaíhow things will finish up

mo mhuinínmy trust

ar teitheadh uaidhfleeing from him

ionraichonest

mímhacántadishonest

deoratears

déistindisgust

mórthimpeall orthuaround them

ag soilsiúshining

ná bac leisdon’t bother with him

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.