AR NA SAOLTA SEO
An bhfuil deireadh ag teacht le ré Bertie?
Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail

Measann Dónall Ó Maolfabhail go bhfuil port an Taoisigh Bertie Ahern seinnte agus go gceapfar duine eile ina áit mar cheannaire ar Fhianna Fáil le linn 2004.

Íomhá
An Taoiseach agus ceannaire Fhianna Fáil, Bertie Ahern
Íomhá
An tAire Dlí agus Cirt Michael McDowell

“Buailfear tairne i gcónraí an Taoisigh Bertie Ahern, An Chairdinéil Desmond Connell, agus Choimisinéir na nGardaí Pat Byrne in 2003 a chinnteoidh nach fada eile a bheidh siad in oifig.” B’in mar a chríochnaigh an colún seo in Eanáir 2003. Anois, agus bliain úr buailte linn, is é an *Teflon Taoiseach *an t-aon duine den triúr a bhfuil a phost fós slán go dtí seo. Ach in 2003 chonacthas comharthaí a thabharfadh le fios gur bliain an-chinniúnach a bheidh in 2004 d’fhear Dhroim Conrach.

Níl aon amhras ach gur bliain é 2003 nach mbeidh dea-chuimhne ag Bertie Ahern uirthi. Léirigh pobalmheas a deineadh i mí Mheán Fómhair seo caite go raibh leibhéal níos ísle tacaíochta aige i measc an phobail ná mar a bhí ag iarcheannaire Fhine Gael, John Bruton, nuair a fuair a pháirtí réidh leis siúd. I Feabhra 2003, thug breis agus 100,000 duine aghaidh ar na sráideanna lena míshásamh a léiriú le seasamh an rialtais i leith an chogaidh in aghaidh na hIaráice. Ní haon rud nua é lucht leanúna spóirt a bheith ag faíreach. Ach faoi dhó i mbliana, ag imeacht spóirt, tharla sé gur faoi Bhertie féin a deineadh faíreach. I dtosach ba iad lucht leanúna pheileadóirí Bhaile Átha Cliath a léirigh a míshásamh leis. Ach, muna raibh sin olc go leor, níos déanaí sa bhliain tharla a leithéid arís, an uair seo ag mórócáid oscailte Chluichí Domhanda na nOilimpeach Speisialtaí bPáirc an Chrócaigh.

Ba léir ó na cláracha raidió le linn na bliana go raibh an pobal an-díomách leis an rialtas as loic ar na geallúintí a rinneadar roimh an toghchán deireanach. Is léir go bhfuil fearg ar leith ar dhaoine maidir le drochstaid sheirbhísí sláinte an stáit. Ach le bheith fírinneach, an raibh rialtas riamh a chomhlíon a gheallúintí réamhthoghcháin uile!?

Creidim féin gurb é an Bertie Speak *thar aon rud eile is cúis leis an titim thubaisteach i leibhéal tacaíochta an phobail don *Teflon Taoiseach. Ní hamháin sin, ach creidim gurb é an *Bertie Speak *freisin is cúis le daoine laistigh dá pháirtí féin a bheith ag rá go mb’fhéidir go bhfuil sé in am ag an pháirtí ceannaire nua a thoghadh. Ní dóigh liom gur taisme é gur gainne go mór na ráitis phoiblí a chualathas ó Bertie in 2003.

Ní haon rud nua é polaiteoir labhairt as dhá thaobh a bhéil ag an am céanna, ach is feiniméan ar leith é an Bertie Speak. Is é an *Bertie Speak *a chuir ar chumas an Taoisigh ligean d’fhórsaí Mheiriceá Aerfort na Sionainne a úsáid agus, ag an am céanna, a rá thart ar mhí ó shin go raibh sé féin i gcónaí i gcoinne chogadh na hIaráice. Is é an *Bertie Speak *céanna a chuireann ar chumas an Taoisigh a rá nach bhfuil sé i bhfábhar comhlachtaí státurraithe a phríobháidiú ach, ag an am céanna, leanúint ag gearradh a mbuiséad bliantúil.

Sampla eile den *Bertie Speak *is ea seasamh míloighiciúil an Taoisigh maidir le Sinn Féin. Deir sé gur chóir d’aontachtaithe rialtas a chur ar bun i Stormont le páirtí Gerry Adams ach, ag an am céanna, deir sé nach mbeadh Sinn Féin inghlactha ag rialtas sa stáit seo.

Creidim go bhfuil daoine tuirseach den té a choimeádann cos i gcónaí ar dhá thaobh an sconsa. Tar éis an tsaoil, is le ceannaireacht a thabhairt a cheaptar Taoiseach. Cé acu ar aontaigh tú nó nár aontaigh tú leis an seasamh a ghlac an Teachta Dála neamhspleách Joe Higgins maidir le ceist na rátaí bruscair - agus, i mo chás féin, níor aontaigh - ar a laghad léirigh sé tréithe ceannaireachta, sin le rá sheas sé lena phrionsabail. Maidir lenár dTaoiseach faoi láthair, ní léir an le Boston nó Berlin a sheasann sé, an bhfuil sé i bhfábhar an phríobháidithe nó tacú le comhlachtaí stát-urraithe, nó an bhfuil sé ar an eite chlé nó dheas i bhFianna Fáil

Cead a chinn do McDowell

Má chuir ráitis agus iompar an Taoisigh féin as don phobal i gcoitinne in 2003, tá go leor de chosmhuintir Fhianna Fáil ag lochtú an Taoisigh as cead a chinn a thabhairt don Aire Dlí agus Cirt, Michael McDowell, le linn 2003. Cheana féin tá na focail El Fuhrer *le cloisint ó chúlbhinseoirí áirithe i bhFianna Fáil agus iad ag tagairt d’fhear an Pháirtí Dhaonlathaigh. Má bhí an Taoiseach ciúin in 2003, a mhalairt ar fad a bhí i gceist i gcás an Uasail McDowell. “Ceapann an boc sin gurb é féin an Taoiseach agus tá sé ag tarraingt drochchlú ar Fhianna Fáil”, a dúirt cúlbhinseoir amháin le *Beo!.

In 2003, chualathas McDowell ag tabhairt dhúshlán na n-óstóirí, na n-iriseoirí agus na nGardaí. Ag an am céanna, mhéadaigh líon na ndúnmharaithe sa stát. Ach is é sotal an Aire is mó atá ag cur oilc ar chúlbhinseoirí Fhianna Fáil; mar shampla, aon uair a ceistíodh é maidir le cén fhianaise a bhí aige go raibh Gardaí ag fáil airgid ó iriseoirí, ní dúirt sé ach, “I know what I know”. Creidim go mbeidh ceannasaíocht an Pháirtí Dhaonlathaigh ina chogadh dearg idir McDowell agus Tom Parlon in 2004.

Creidtear ar an iomlán go mairfidh Bertie go dtí an chéad toghchán eile, sin dár ndóigh má mhaireann an comhrialtas, rud nach mbeinn féin róchinnte faoi an babhta seo. Mar sin féin, ní theastódh ach an rud is lú in 2004 le *coup *a spreagadh laistigh d’Fhianna Fáil. D’fhéadfadh sin a theacht i bhfoirm drochthorthaí toghcháin nó d’fhéadfadh fianaise ó cheann de na fiosrúcháin barrthuisle a bhaint as an Taoiseach.

Creidim gurb é fás Shinn Féin a bheidh mar phríomhscéal ó thoghcháin 2004. Méadóidh siad a líon suíochán ar na comhairlí áitiúla go mór agus creidim go nglacfaidh Mary Lou McDonald, a bheidh ag seasamh i mBaile Átha Cliath, a gcéad suíochán dóibh i bPairlimint na hEorpa freisin. Sin ráite, ní shamhlaím na toghcháin a bheith ina mbuille marfach ag an Taoiseach. Beidh titim éigin i vóta Fhianna Fáil ach ní bheidh sí tubaisteach. Tá an páirtí is mó sa tír róghlic dó sin. Bí ag faire amach an t-earrach seo, díreach roimh na toghcháin áitiúla, do ghníomh éigin ón rialtas dírithe ar chostas ceannach tithe sa stát seo a ísliú.

Arís, is dóigh liom gurb iad na binsí fiosrúcháin is mó a chothóidh contúirt d’fhear Dhroim Conrach. Táim ag tnúth go háirithe leis an fhianaise a bheidh le tabhairt ag an tógálaí Tom Gilmartin ag Binse Fiosrúcháin Moriarty. Beidh ar an Taoiseach a bheith airdeallach freisin roimh a thiocfas amach ag an mbinse céanna maidir le bronnadh cheadúnas na nguthán soghluaiste. Creidim leis go bhféadfadh Binse Morris, atá ag fiosrú mhí-iompar Ghardaí Dhún na nGall, dochar fós a dhéanamh d’Fhianna Fáil. Díol spéise a bheidh ann freisin cé acu an gcomhlíonfaidh an rialtas seo a ndualgas agus fiosrúchán ceart a dhéanamh ar bhuamaí Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin i 1974. Má dhéanann, d’fhéadfadh eolas eascairt as sin a bhainfeadh tuisle as Taoiseach ar bith.

Comharba

Is é an cheist mhór, dar ndóigh, ná cé a thiocfaidh i gcomharbacht ar Bhertie má éiríonn sé as, nó mar is dóchaí, go dtugtar *push *dó. Tar éis an tsaoil, ní raibh sé féin mall ag brú amach Albert Reynolds. Is é an tAire Sláinte Mícheál Ó Máirtín agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Brian Cowen, rogha na coitiantachta. Níl aon dabht ach go bhfuil sárintleacht agus tuiscint an-ghéar ar an pholaitíocht ag an Uasal Cowen. Tá imní, áfach, laistigh d’Fhianna Fáil go dtárlódh dó mar a tharla d’iarcheannaire Fhine Gael Michael Noonan, fear eile a raibh intleacht agus an-tuiscint ar chúrsaí polaitíochta aige. Ach níor chabhraigh sin leis ar lá an toghcháin.

Ar an taobh eile, is é an laige is mó atá ag Mícheál Ó Máirtín ná gurb é an tAire Sláinte faoi láthair agus is beag rud atá ag dó na geirbe níos mó ag pobal na hÉireann ná drochstaid an chórais sláinte. Beidh todhchaí an Chorcaígh ag brath go mór ar conas mar a éiríonn lena chosc ar an tobac i dtithe tábhairne, mar aon le plean Hanly a chur i bhfeidhm go héifeachtach.

Cibé bealach a tharlóidh sé, ná cuireadh sé iontas ar aon duine má bhíonn an seachtú ceannaire ag Fianna Fáil faoin am seo an bhliain seo chugainn.

As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh d’fhoilseacháin éagsúla.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.