AR NA SAOLTA SEO
An bhFuil Daonlathas i nDán don Mheánoirthear?
Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail

Míníonn Maidhc Ó Cathail san alt seo a bhfuil taobh thiar d’eachtraí uafáis an Mheánoirthir le roinnt seachtainí anuas. Ní as an aer a thosaigh an réabadh agus an marú.

Íomhá
Mohamed ElBaradei
ar Vicipéid
Íomhá
George Soros
Sebastian Derungs a tharraing ag World Economic Forum, Vicipéid
Íomhá
Cnoc Washington
le GearedBull ar Vicipéid
Íomhá
Saddam Hussein
ar Vicipéid
Íomhá
Khodorskovsky
Ionad Preasa Mikhail Khodorkovsky is Platon Lebedev ar Vicipéid

Ar an 3 Feabhra, in eagarfhocal sa Washington Post dar teideal “Why Obama has to get Egypt right,” mhol George Soros go mb’fhearrde Uachtarán SAM a thacaíocht a thabhairt gan mhoill d’agóideoirí na hÉigipte. D’ainneoin cuma chiallmhar na comhairle, is léir don té atá eolach ar stair na ‘muirthéachtaí datha’ (Féach ‘Cogadh sa tSeoirsia,’ Beo! Meán Fómhair 2008) go bhfuil rud éigin le gnothú ag an mbainisteoir ciste fálaithe is saibhre ar domhan é féin as athrú réimis san Éigipt.

Sa mheabhrán poiblí sin don Uachtarán a toghadh lena chuid tacaíochta, thug Soros le fios gur ‘comhartha dóchais’ é go raibh an Bráithreachas Ioslamach ag comhoibriú le Mohamed ElBaradei, iarcheannasaí na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach. Níor luaigh sé, áfach, go raibh ElBaradei ina bhall de bhord an International Crisis Group—eagraíocht neamhrialtasach a bhunaigh agus a mhaoinigh Soros—go dtí gur fhill sé ar a thír dhúchais ar 27 Eanáir, dhá lá i ndiaidh tús na n-agóidí.

Is “eagraíocht neamhrialtasach, neamhspleách, neamhbhrabúis atá tiomanta don choimhlint mharfach a chosc agus a réiteach” é an ICG, dar leis an eagraíocht í féin, ach ní aontódh gach duine leis an gcur síos sin. Ag trácht ar an ról a d’imir an eagraíocht sna Balcáin, scríobh George Szamuely: "Independent’ figures like Soros identify a ‘crisis’ demanding urgent government attention. Governments act on them and then parcel out the lucrative contracts to Soros and his pals.”

Is Bách Lucht Aon Cheirde

I measc na gcairde míchlúiteacha atá ag Soros, tá Mikhail Khodorkovsky, iarcheannasaí Ola Yukos, a raibh sócmhainní arbh fhiú níos mó ná $30 billiún carntha aige ag aois 32 sa ‘phríobháidiú’ iarshóivéadach de mhaoin faoi úinéireacht an stáit i gceantanna rigeáilte. Nuair a gabhadh an oligarch Giúdach ar imghabháil cánach, claonchasadh, agus calaois i 2003, thug Soros “géarleanúint pholaitiúla” ar na cúiseanna, d’éiligh go ndíbreofaí an Rúis as an G-8, agus d’áitigh ar Dhomhan an Iarthair idirghabháil a dhéanamh. Theith comhpháirtí Khodorkovsky sa choireacht, Leonid Nevzlin, go hIosrael sula bhfuarthas ciontach in absentia é as ordú dúnmharuithe polaiteoirí agus lucht gnó a chuir isteach ar phleananna leathnaithe Yukos. Cosúil le Soros agus Khodorkovsky, tá iarracht déanta ag Nevzlin é féin a athbhrandú mar ‘dhaoncharaó shin i leith.

Ba cheart go mbeadh imní Tel Aviv mar gheall ar an gcaillteanas de dheachtóir cairdiúil béal dorais maolaithe beagáinín, áfach, sa bhfíric go bhféadfadh ElBaradei comhoibriú leis na páirtíní Iosrael go léir atá ag ICG. Tugadh “príomhbheartaí reachtach de chuid stocairí Iosrael ar Chnoc an Chaipeatóil” (nó Cnoc Washington, más fearr leat) ar iarfheisire, Stephen Solarz, a chabhraigh le tús a chur leis an ngrúpa. Sa bhliain 1998, threoraigh sé dream de nuachoimeádaigh a d’áitigh ar an Uachtarán Clinton Saddam Hussein a threascairt. In eagarfhocal sa Washington Post i 2002, dúirt Kenneth Adelman, nuachoimeádach eile, gur féidir le Meiriceánaigh talamh slán a dhéanamh de gur ‘cakewalk’ a bheadh san ionradh ar Iaráic. Cháin Nahum Barnea, an colúnaí Iosraelach suntasach, na hiriseoirí Gideon Levy, Amira Hass agus Akiva Eldar go géar as a gcuid “misean” ar son na bPalaistíneach. Agus i measc comhairleoirí sinsearacha ICG, tá Shlomo Ben-Ami, iar-Aire Gnóthaí Eachtrach Iosrael; Stanley Fischer, gobharnóir Bhanc Iosrael; agus Shimon Peres, Uachtarán reatha Iosrael.

An Sionnach i gCraiceann Caorach

Ar ndóigh, tá an méid seo ag teacht salach ar mhaíomh Soros nach bhfuil aon bhaint aige le hIosrael. Ach ní mar a shíltear a bhítear. Dhá bhliain i ndiaidh bunú J Street, tháinig sé chun solais go raibh Soros ag maoiniú an bhrúghrúpa “pro-Israel, pro-peace.” Agus is beag an difear atá le sonrú idir J Street agus AIPAC. Mar a chuir anailísí géarchúiseach é, níl sa brúghrúpa nua ach “little more than a spin-off of the existing Israel Lobby to make it more palatable to the liberal Democrats that make up the Obama Administration.”

Thairis sin, faigheann cuid de thacadóirí Iosrael is láidre ar Chnoc Washington síntiúis pholaitíochta ó Soros. In agallamh le clár raidió Giúdach, dúirt an Seanadóir Charles Schumer gur chreid sé gur thug HaShem (focal a úsáideann Giúdaigh Cheartchreidmheacha do Dhia) dó a ainm—a chiallaíonn ‘cosantóir’—ionas go bhféadfadh sé leas Iosrael a chosaint i gComhdháil SAM. Bhí Tom Lantos ag déanamh an jab céanna i dTeach na nIonadaithe go dtí go bhfuair sé bás i 2008. Agus é ina chathaoirleach ar an gCácas Comhdhála um Chearta an Duine, chuir sé dallamullóg ar a chomhghleacaithe agus ar an bpobal maidir le ‘Nayirah,’ iníon ambasadóir Chuáit, a d’inis an scéal faoi shaighdiúirí Saddam ag caitheamh leanaí amach as goradáin otharlainnebréag a chuir ina luí ar dhaoine tacú le Cogadh na Murascaille. Tá sé ráite ag cara le Lantos go raibh an tUngárach ar aon intinn lena chomhthíreach agus dlúthchara Soros maidir le daonlathas agus cearta daonna a chur chun cinn.

I ndiaidh do Soros eagarfhocal a scríobh mar thaca leis an muirthéacht, tháinig sé chun solais ar Al Jazeera agus sa New York Times go bhfuair na gníomhaithe a d’eagraigh na léirsithe ar fud an Mheánoirthir oiliúint ó dhaoine a bhí páirteach sna muirthéachtaí síochánta sa tSeirbia, sa tSeoirsia, san Úcráin agus i dtíortha eile nach iad — dreamanna a bhí maoinithe ag eagraíochtaí neamhrialtasacha ar nós an Open Society Institute de chuid George Soros. Ní ‘daonlathas’ a bhí mar thoradh ar na muirthéachtaí datha sin, faraoir géar, ach réimis nua a bhí níb’ ‘oscailte’ do Soros agus dá chomrádaithe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.