AR NA SAOLTA SEO
An bhfuair McKevitt cothrom na Féinne?
Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail

Tá go leor daoine míshuaimhneach faoi thriail Michael McKevitt, an té ar cuireadh ina leith go raibh sé ina cheannaire ar an Fhíor-IRA. Míníonn Dónall Ó Maolfabhail cad iad na cúiseanna imní atá ag daoine.

Íomhá
Michael McKevitt, ceannaire an Fhíor-IRA
Íomhá
Maraíodh naoi nduine is fiche i mbuamáil na hÓmaí, Lúnasa 1998

Tá an té a deirtear a bhí freagrach as an ár agus léirscios a deineadh ar an Ómaigh ar an 15 Lúnasa 1998 anois i bpríosún. Fiche bliain príosúnachta a ghearr an Chúirt Choiriúil Speisialta ar Michael McKevitt an mhí seo caite nuair a fuarthas ciontach é as eagraíocht mhídhleathach pharaimíliteach a stiúradh.Bhí triail an Uasail McKevitt, áfach, ar an rud is gaire dá bhfacthas sa stát seo do na trialacha ollbhrathadóra, nó supergrass trials, a tharraing drochchlú ar sheirbhís phóilíneachta agus ar bhreithiúna Thuaisceart Éireann sna hochtóidí. Níos mó ná leath acu siúd a ciontaíodh sna trialacha seo, fuarthas neamhchiontach iad nuair a rinneadar athchomharc.

Tathant ar dhaoine a gabhadh fianaise a thabhairt i gcoinne a gcomrádaithe ba bhonn leis an chóras “supergrass.” Go minic, scaoileadh saor an duine a thug fianaise. Is minic leis a úsáideadh airgead chun daoine a mhealladh le fianaise a thabhairt. I gcás thriail an Uasail McKevitt, is é cinneadh na cúirte muinín a chur i bhfianaise fir amháin, David Rupert, go príomha is cúis le McKevitt a bheith i bpríosún faoi láthair. “A very truthful witness” a thug an breitheamh Johnson ar an Uasal Rupert agus é ag tabhairt a bhreith dheireanach i gcás McKevitt. Ach tá cáipéisí oifigiúla de chuid sheirbhís rúnda na Breataine, MI5, agus phóilíní Nua-Eabhrac feicthe ag Beo! a thugann léargas eile ar fad maidir leis an saghas duine is ea David Rupert.

“An extremely smart, streetwise criminal who would insulate himself from any illegal act by using others as front people … He is very smooth, bright and will do anything if he sees a financial profit in it.” B’in mar a cuireadh síos ar Rupert ar an 25 Lúnasa 1993 i gcáipéis a chuir bailitheoir eolais de chuid Phoilíní Stát Nua-Eabhrac le chéile. Deir an tuarascáil chéanna gur chreid na póilíní go raibh an tUasal Rupert ag úsáid a chuid leoraithe le hábhar goidthe a iompar, agus le harmlón, ábhar pléasctha agus daoine a smugláil idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ceanada.

Deirtear i gcáipéis de chuid MI5 a dhéanann cur síos ar chruinniú a tharla idir iad féin agus Rupert ar an 13 Meán Fómhair 2000, “When discussing his deployment, Rupert related much about his earlier criminal and smuggling background”.

Is léir ó cháipéis eile de chuid MI5 ar a dtugtar “Telegram to Washington” go raibh amhras ar cheannasaí rannóg na nGardaí a phléann le cúrsaí coireachta agus le cúrsaí slándála an stáit seo, An tArd-Cheannfort Bleachtaireachta Dermot Jennings, faoi Rupert. De réir na cáipéise seo bréagadóir nach bhféadfaí brath air an tuairim a léirigh an bleachtaire Jennings faoi Rupert ag cruinniú le MI5 i Londain i 1999. Dá seasfadh sé leis an tuairim seo sa chúirt an mhí seo caite, seans go mbeadh toradh an-difriúil ar an chás, ach níor dhein.

Eolas don FBI

Thart ar 1993 a thosaigh Rupert ag cur eolais ar fáil don FBI faoi ghluaiseacht na poblachta. Ghnóthaigh sé thart air €1.5 milliún ón FBI as a chuid oibre. Thart ar 1997 ar aghaidh thosaigh MI5 ag íoc as seirbhísí an Uasail Rupert freisin. De réir cáipéisí oifgiúla de chuid MI5, níor íoc siad ach £10,000 leis ach creidtear an fhíorshuim a bheith i bhfad níos mó ná sin. Is féidir a bheith cinnte go dtuillfidh sé cuid mhaith airgid freisin ón mbrabús a dhéanfar ar an leabhar atá á scríobh ag beirt iriseoirí Mheiriceánacha ina thaobh faoi i láthair.

Ag tagairt don tsuim mhór airgid a d’íoc an FBI agus MI5 leis an Uasal Rupert, dúirt an breitheamh Johnson ina bhreith gur “contracted” agus “paid agent” ag an FBI ab ea Rupert seachas *"supergrass” *nó brathadóir. Ach a mhalairt de scéal a chruthaíonn cáipéisí eile de chuid MI5 atá anois i seilbh dhlíodóirí McKevitt. Ag tagairt do chruinniú idir MI5 agus Rupert ar an 28 Samhain 2000, deirtear, “Rupert stated that his participation was dependent upon the right terms. He asked what the figures were. He was told it was vital to avoid any suggestion that his testimony had been induced by some promise of reward”. Leanann an cháipéis ar aghaidh lena rá nach bhféadfadh siad íoc as a chuid fianaise ach go bhféadfaí cúiteamh airgid a thabhairt dó lena chuid costaisí a chlúdach. Ar eagla aon amhrais maidir le carachtar Rupert, deir cáipéis eile de chuid MI5 linn, “Rupert volunteered … he was a whore … his motive is money”.

Ag an am a thosaigh Rupert ag obair don FBI bhí na póilíní á fhiosrú maidir le caimiléireacht chánach. Ach, aisteach go leor, níor cúisíodh riamh é. Chualathas le linn na trialach sa Chúirt Choiriúil Speisialta an mhí seo caite gur oibirigh sé mar bhrathadóir do phóilíní Nua-Eabhrac i 1974. Arís, ag an am sin, bhí na póilíní á fhiosrú maidir le síniú seiceanna bréige. Ach i ndiaidh dó fianaise a thabhairt maidir le daoine eile a bhí ag díol drugaí, deineadh dearmad ar an eachtra uilig maidir le seiceanna bréige.

De réir tuarascála de chuid na heagraíochta Amnesty a foilsíodh i 1988, ciontaíodh 56 duine as 64 sna trialacha ollbhrathadóra a éistíodh roimh Dheireadh Fómhair 1983. Ach nuair a deineadh athchomharc fuarthas 55% de na daoine a fuarthas ciontach an chéad uair neamhchiontach. De réir an Ollaimh le Dlí in Ollscoil Uladh, Fionnuala Ní Aoláin, bhí trí ghné ag baint leis na trialacha ollbhrathadóra a chothaigh deacrachtaí: de ghnáth, ní raibh aon fhinné eile ann le tacú leis an fhianaise a thug na brathadóirí, agus chaith an tslí ar mealladh daoine le fianaise a thabhairt, mar aon le carachtar na mbrathadóirí féin, amhras ar an fhianaise a thug siad.

I gcás fhianaise David Rupert, níl aon dabht ach gur thug sé taispeántas maith uaidh sa chúirt. Ag tabhairt a bhreith dheireanach dúirt an breitheamh Johnson gur léirigh Rupert an-eolas maidir le gluaiseacht na poblachta. Bhí a fhios aige cá raibh cónaí ar McKevitt, agus bhí eolas aige ar thithe eile i gceantar Dhún Dealgan a mbíodh cruinnithe aige iontu. Bhí an chúirt an-tógtha freisin leis an tslí ar chuimhnigh Rupert ar cár shuigh gach duine ag cruinniú de chuid an Fhíor-IRA in óstán an Four Seasons i Muineachán. Is deacair a shamhlú nach raibh cuid mhaith den eolas seo ag an Gharda Síochána féin cheana féin, gan trácht ar fhostóirí an Uasail Rupert.

Is féidir a bheith measartha cinnte freisin gur shuigh duine éigin ón FBI nó MI5 síos le Rupert agus gur phléigh siad go mion leis cad go díreach a déarfadh sé sa chúirt. Ach fós féin ní raibh a chuid fianaise gan locht. Ag tabhairt fianaise dó dúirt Rupert gur de bharr taisme leoraí a bancbriseadh a chomhlacht. Ach chruthaigh foireann dlí McKevitt go raibh Rupert tar éis a chur in iúl don bhanc seachtain sular tharla an taisme go raibh an comhlacht bancbhriste. Ach, pointe níos tábhachtaí is ea líomhain Rupert go bhfaca sé McKevitt i láthair ag cruinniú de chuid an Fhíor-IRA a eagraíodh sa Ghrianfort i Contae Lú ar an 17 Feabhra 2000. Ach i dtuarascáil oifigiúil de chuid an Gharda Síochána, deirtear go rabhadar ag faire ar an Uasal McKevitt an oíche áirithe sin ina theach agus nár fhág sé é.

Gné aisteach eile a bhain leis an triail seo is ea mar a coimeádadh eolas ó fhoireann dlí an Uasail McKevitt. Ní bhfuair siad lámh ar thuarascáil thuasluaite an Gharda Síochána, mar aon le cuid mhór de cháipéisí MI5, go dtí go raibh sé ródhéanach iad a chur chun tosaigh mar fhianaise sa chúirt. Níor tugadh cead ach oiread don fhoireann cosanta pas Rupert a fheiceáil. Thaispeánfadh an pas dóibh na hamanna a bhí Rupert sa tír. Anuas air seo, tuigtear do *Beo! *go bhfuil gach eolas maidir le glaonna gutháin agus cúrsaí cánach Rupert ar iarraidh freisin.

Tá an tUasal McKevitt cheana féin ag beartú athchomharc a dhéanamh. Is cinnte go mbeidh brú láidir polaitiúil ann leis té a chreidtear a bheith ciontach i mbuamáil na hÓmaí a choimeád i bpríosún. Ach, de réir an Ollaimh Ní Aoláin, ba é cinneadh bhreithiúna Thuaisceart Éireann, más ar deireadh thiar féin é, gan géilleadh do bhrú polaitiúil ba chúis leis an RUC éirí as córas na n-ollbhrathadóirí.

As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh d’fhoilseacháin éagsúla.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.