AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
An bealach saor leis an daorchluiche a fheiceáil
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Míníonn Brian Ó Broin cén fáth a bhfuil sé níos tógtha leis na foirne beaga daorchluiche ná mar atá sé le foirne móra mar na New York Yankees.

Íomhá
Íomhá
Jack the Jackal, sonóg na New Jersey Jackals
Íomhá
Babe Ruth sna fichidí
Íomhá
Yankee Stadium le linn cluiche

Beidh sraith dheireanach chluichí daorchluiche an tséasúir á tosú anocht ag na New Jersey Jackals, in aghaidh an Nashua Pride as New Hampshire. Agus ní hamháin sin – beidh tinte ealaíne le feiceáil i ndiaidh an chluiche. Críochnóidh an tsraith, agus b’fhéidir an séasúr iomlán, má theipeann ar na Jackals an ceann is fearr a fháil ar Nashua, agus áit a fháil i gcraobhchomórtas an tsraithchomórtais dá bharr. Ach níl éinne róbhuartha - “Thirsty Thursday” a thugtar ar oíche dheireanach na sraithe agus díoltar beoir ar leathphraghas, nó níos saoire. Agus beidh “Jack the Jackal”, sonóg na foirne, ag tabhairt amach T-léinte saor in aisce.

Beidh mé féin ag an gcluiche, geallaim duit, cé nach ar mhaithe leis an gcaighdeán imeartha a bheidh mé ann. Is aoibhinn liom tinte ealaíne, agus beoir ar leathphraghas!

Níl na Jackals ag imirt go rómhaith i mbliana. An tseachtain seo caite, tháinig na Brockton Rox anuas as Massachusetts agus rinneadar slad ar na Jackals, ag buachaint orthu 10-1. An tseachtain chéanna tháinig an North Shore Spirit, ó thuaisceart Bhostúin, anuas agus bhuadar ar na Jackals. An tseachtain roimhe sin, bhuaigh na Jackals ar éigean in aghaidh na New Haven County Cutters. Mar sin féin, tá seainsín beag ann, má éiríonn leo in aghaidh Nashua, an craobhchomórtas a bhaint amach. Ach níl muid ag dul i mbannaí air.

Ná bíodh náire ort munar chuala tú trácht cheana ar na New Jersey Jackals, ná an North Shore Spirit, ná an Nashua Pride. Fiú más ag caint faoin daorchluiche muid, nílimid ag caint faoi Major League Baseball, an córas daorchluiche náisiúnta ina n-imríonn foirne mar na New York Yankees, na Chicago Cubs, na Boston Red Sox agus na Los Angeles Dodgers. Imríonn na Jackals i sraithchomórtas darb ainm an Can-Am League (mar gheall ar fhoireann as Québec a bheith ann). Agus imrítear an cluiche ar leibhéal iomlán difriúil ó leibhéal na Yankees. Níl a bpáirc féin ag na Jackals, fiú - imríonn siad i staid daorchluiche na hollscoile áitiúla, rud a chiallaíonn nach mór dóibh bheith imithe arís sula dtosaíonn an scoilbhliain nua.

Go deimhin, níl baint oifigiúil ar bith ag na Jackals, ná ag an Can-Am League, leis na heagrais daorchluiche eile i Meiriceá a bhfuil cáil orthu. Cosúil le cuid mhaith clubanna agus sraithchomórtas eile i Meiriceá a tháinig ar an saol le déanaí, treabhann siad a n-iomaire féin, beag beann ar na boic mhóra, agus is cosúil go bhfuil na sraithchomórtais bheaga seo ag dul ó neart go neart. Aisphreabadh atá ann, b’fhéidir, i ndiaidh tonn throm na teilifíse, a thit ar an spórt áitiúil i Meiriceá ó na caogaidí i leith.

Sasana

Is cosúil gur thosaigh an daorchluiche i Sasana san 18ú haois (cé go raibh cluichí dá leithéid thart le fada, agus tá daoine ann a mhaíonn gur eascair an daorchluiche ón gcluiche corr, a eagraítear faoi scáth Chumann Lúthchleas Gael in Éirinn!). Déantar tagairtí do chluiche dá ainm i Sasana chomh luath le 1744. Ar feadh i bhfad, ceapadh gur chum fear darbh ainm Abner Doubleday an cluiche in 1839 i mbaile beag tuaithe darb ainm Cooperstown, i stát Nua-Eabhrac. Ach, in 2004, fritheadh fodhlí ó bhaile Pittsfield, Massachusetts, a ritheadh i 1791, ag toirmeasc cluiche darbh ainm “Base-ball” i gcóngar halla cruinnithe an bhaile. Tugann seo le fios, ar ndóigh, go raibh an cluiche ann i bhfad sula raibh Abner Doubleday ar an saol, agus táthar in amhras anois go raibh baint ar bith ag an uasal Doubleday leis an gcluiche!

Cé acu in Éirinn, Sasana nó Meiriceá a thosaigh an chluiche, ámh, níl argóint ar bith ach go raibh an cluiche á imirt go fairsing ar fud Shasana Nua ó na 1850í amach ar bhonn foirmeálta, le rialacha dochta agus sraithchomórtais áitiúla. Leis an leathadh daoine a tharla de bharr an Chogaidh Chathartha, scaip an cluiche ar fud na Stát Aontaithe. Ba iad na Cincinnati Red Stockings, a bunaíodh in 1869, an chéad fhoireann ghairmiúil i Meiriceá. Thar scór bliain nó mar sin, d’fhás an cluiche go mór, agus breathnaíodh air, diaidh ar ndiaidh, mar an cluiche ba dhual do Mheiriceánaigh – ar an dóigh chéanna, b’fhéidir, a ceanglaíodh an iománaíocht le hÉirinn um an taca céanna.

Níorbh fhada go raibh foireann daorchluiche ag gach scoil, baile, ollscoil, agus cathair i Meiriceá. Bhí sraithchomórtas náisiúnta ag feidhmiú ó 1876 amach agus fuair gach imreoir tuarastal. Faoi 1901 bhí dhá shraithchomórtas náisiúnta in adharca a chéile do na himreoirí ab fhearr agus i 1903 imríodh an chéad World Series – sraith cluichí idir buaiteoirí an American League agus buaiteoirí an National League. Ba chluiche reatha den chuid is mó an cluiche luath seo, ach tar éis gur athraíodh rialacha áirithe sa 20ú haois, leagadh níos mó béime ar shlacaíocht, agus cuireadh tús le réim na “Sluggers” mar Babe Ruth, Lou Gehrig, Joe Di Maggio, agus Mickey Mantle.

Imríodh an cluiche gairmiúil ar roinnt leibhéal ó thús an 20ú haois amach. Ba iad na Major Leagues an leibhéal ab airde, agus ba bhrabúsaí, agus níorbh fhada go raibh foireann Major League i ngach cathair mhór i Meiriceá, agus bhí staideanna móra ag freastal ar phobail na gcathracha seo. Faoin leibhéal seo, ámh, bhí na Minor Leagues – sraithchomórtais inar imir foirne gairmiúla a rinne freastal ar fhobhailte agus cathracha beaga. Ceanglaíodh na foirne seo le foirne na Major Leagues (ba mhinic gur le foirne Major League na foirne beaga seo), agus ba mhinic a thosaíodh imreoir éigin an séasúr daorchluiche leis na Memphis Redbirds (nó a macasamhail) agus go gcríochnaíodh sé an séasúr céanna leis na St. Louis Cardinals, an mhórfhoireann ar leis na Redbirds.

Leibhéil éagsúla

Taobh istigh de na Minor Leagues, bíonn leibhéil éagsúla i gceist freisin. Leibhéal AAA, atá gar go maith do na Major Leagues; AA, a fheictear i gcathracha réigiúnda agus a athraíonn a fhoirne go minic; agus A, a úsáidtear mar shraithchomórtais traenála. Suas go dtí na caogaidí, bhíodh sraithchomórtais agus foirne ar leibhéil B, C, D, agus fiú E, freisin, ach le teacht na teilifíse san am sin, cuireadh deireadh le cuid mhaith den spórt áitiúil gairmiúil i Meiriceá. Seachas gabháil síos go dtí páirc an bhaile um thráthnóna chun an fhoireann áitiúil a fheiceáil, d’fhéadtaí fanacht sa mbaile agus foirne móra na n-ollchathracha a fheiceáil ag imirt ar an teilifís, saor in aisce.

Idir an dá linn, ámh, tá athruithe móra tagtha. Tá airgead mór le déanamh ó na cluichí teilifíse anois, agus dá réir sin, stoptar na cluichí go minic chun fógraí a thaispeáint don lucht féachana. Agus lucht leanúna níos mó ná riamh ann, is féidir leis na clubanna (nó “saincheadúnaithe”, mar a thugtar orthu) táillí fíochmhara a ghearradh ar an ngeata. Agus le teacht na teilifíse cábla agus satailíte, táthar in ann táillí féachana a ghearradh go díreach orthu siúd atá ag féachaint sa mbaile.

Ní nach ionadh, mar sin, tá na sraithchomórtais bheaga ag teacht ar ais. Má chosnaíonn sé corradh agus $100 (ticéad, taisteal agus bia san áireamh) chun áit a fháil i cúlsraith dheireanach na suíochán i Yankee Stadium, cad chuige nach n-íocfá $25 ar shuíochán atá tríocha slat ón slacaí i staid Minor League?

Ar ndóigh, níl caighdeán na himeartha sna Minor Leagues leath chomh maith is atá sé sna sraithchomórtais shinsearacha, ach d’fhéadfá breathnú air sin mar bhuntáiste. Tá caighdeán na himeartha sna Major Leagues chomh hard sin anois gur beag sult is féidir a bhaint as na cluichí, agus na himreoirí ag imirt mar chloig Eilvéiseacha. Más ag breathnú orthu ar an teilifís atá tú, caithfidh tú cur suas le slám mór fógraí gach dhá nó trí nóiméad, nó airgead mór a íoc chun suíochán a fháil cúpla céad slat ón slacaí. Sna Minor Leagues, déantar botúin go minic, agus ní annamh mar sin go bhfeictear cluichí corraitheacha nó imreoirí ag dul sa seans ar chaoi nach bhfeicfeá riamh sna sraithchomórtais mhóra. Ar $5 faigheann tú ticéad in aice na n-imreoirí, is féidir leat na páistí a chaitheamh isteach i gclós súgartha, agus sóinseáil a fháil ó $5 ar ghloine ollmhór beorach.

Agus tuigfidh tú anois an fáth go mbeidh mé ag breathnú ar na New Jersey Jackals anocht seachas ar na Yankees ar an teilifís. Rothóidh mé deich nóiméad go dtí an staid imeartha, casfaidh mé le grúpa mór cairde, agus caithfimid an oíche ag ithe, ag ól, ag féachaint ar thinte ealaíne, agus, idir sin agus uile, ag féachaint ar an daorchluiche!

Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.