CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Amhrán na Séad (leagan ceart)
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Amhráin na SéadJewels and Pathways an t-ainm atá ar dhlúthdhiosca nua atá díreach eisithe ag an amhránaí dúchasach Pádraig Ó Cearbhaill, le cabhair ó An Béal Binn. Labhair Antaine Ó Faracháin leis faoin mbailiúchán séad seo atá curtha le chéile aige.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Antaine Ó Faracháin: A Phádraig, 20 amhrán ar fad ar an diosca seo. Inis dom i dtosach cén chaoi ar roghnaigh na hamhráin le cur air?

Pádraig Ó Cearbhaill:Is iad seo na hamhráin is ansa liom, is a thugann sásamh dom a , a chanadh. Feabhas na filíochta agus na cainte atá iontu, scóp agus íogaireacht na samhailteacha, na braistintí a bhaineann leo, sin é a chorraíonn .

AÓF: réimse leathan amhrán ann freisin, cúpla amhrán Béarla ina measc. uaidh a fuair na hamhráin seo ar fad?

PÓC: Ó m’athair ar dtús báire. Gura maith an mhaise thall é! Eisean a mhúinGleanntán Airglinn Aoibhinndom, cuir i gcás. Thug Nioclás Tóibín an croí mór amhrán dom. Chuaigh amhránaíocht Labhráis Chadhla go háirithe i bhfeidhm orm. Ar thaifid éagsúla de a d’airigh Pilib Séimh Ó Fathaigh”, cuir i gcás. Séamas Mac Craith ón Rinn a thugIdir Deighric is Breo dom”. Taobh amuigh de na hamhráin Dhéiseacha, amhrán as Uíbh Ráthach is eaDo bhéarfainn comhairle d’fhearaibh óga”. Nóirín Riain is túisce a chuala ag cur gutha leCré Bhaile Mhac Óda”. dhá amhrán Bhéarla taifeadta anseo chomh maith agus baineann siad ar aon le Contae Luimnigh. Luimníoch darb ainm Martin Burke a chumPlassy’s Pleasant Shore”. Amhrán ó mo cheantar dúchais in iarthar Luimnigh is eaWest Limerick Hills”. Ba é Con Graney a d’airigh á den chéad uair agus Donie Lyons óm dhúthaigh féineach a thug na focail dom.

AÓF: Fuair tacaíocht mhór ón ngrúpa pobail An Béal Binn leis an diosca seo a chur amach. Inis dom beagán faoi sin.

PÓC: I mBré atá An Béal Binn lonnaithe. Reáchtálann Nuala Nic Con Iomaire club amhránaíochta sa Chlub Seoltóireachta ann cois taobh an chuain gach Déardaoin. Bainimse an-sásamh as na seisiúin sin. Braithim ag baile, ar mo chompord ann. Bíonn scoth na n-amhránaithe ag triall ar an gclub, daoine mar Dhiarmuid Breathnach, Liam Mac Con Iomaire, Sean Garvey, Peadar Ó Ceannabháin, Róisín Elsafty, gan ach cúpla duine a lua. Is ann a taifeadadh cuid de na hamhráin atá ar an diosca. Is dóigh liom go bhfuil atmaisféar na háite le blaiseadh ar na traiceanna a taifeadadh beo ann, ar nós, “Dán na hAoine”, “Pilib Séimh Ó Fathaigh”, “Vailintín Brún”, “Sliabh na mBan”.

AÓF: leabhrán breá ag dul leis an diosca a bhfuil cuimse eolais ann faoi na hamhráin. Is mór an píosa taighde ann féin é sin. Ar thóg i bhfad ort an leabhrán seo a réiteach?

PÓC: Chaitheas bliain mar sin á réiteach. eolas beacht ann i dtaobh na n-amhrán ar fad atá ar an dlúthdhiosca. fuirist a bheith gonta ar uairibh! Ba é Diarmuid Breathnach, scoláire uasal ceart, a scríobh an cur síos fúm féin agus fém mhuintir. D’fhéachamar chuige go mbeadh an leabhrán go hiomlán dátheangach. Chuige sin, leagan Béarla curtha ar fáil de na hamhráin go léir. Saothar le filí aitheanta is ea cuid de na haistriúcháin, leaganacha a rinne Mícheál Ó hAirtnéide, Pádraig J. Daly, Thomas Kinsella. aistriúcháin den scoth anseo chomh maith ó Úna Chonchúir agus ó mo sheanchara Liam Mac Con Iomaire, crann taca an tsean-nóis. Thugas-sa faoi chúpla ceann díobh a aistriú. Pat Pidgeon a dhear an leabhrán. Rinne jab slachtmhar, caithiseach de.

AÓF: Ós rud é go bhfuil an taighde déanta inis dom beagán faoi na filí a chum na hamhráin atá ar an diosca.

PÓC:Filí a mhair san ochtú haois déag ba ea cuid díobh: Tomás Mac Craith ó cheantar Shliabh gCua (i gCo. Phort Láirge) a chumPilib Séimh Ó Fathaigh”, Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin as Míntín Eoghain in iarthar Luimnigh a chum an aislingAr maidin inné dom is déarach a bhíos-sa”, Aogán Ó Rathaille a chumVailintín Brún’atá ar cheann de na dánta Gaeilge is fearr bhfuil againn, Uilliam English a chumCois na Bríde” (athmhúnlú arAn Clár Bog Déil”). Thiar i lár na seachtú haoise déag a chum Dáibhí Ó Bruadair an t-amhrán cráifeachAdoramus te Christe”. trí amhrán de chuid Phádraig Mhiléadha anseo. File an-chumasach ab ea é a rugadh sa bhliain 1877, i na dTeampán i Sliabh gCua. heol dúinn chum a thuilleadh díobh, dar ndóigh.

AÓF: Feicim go bhfuil ceol curtha agat féin le cuid acu. An raibh sin deacair, cén chaoi ar tharla ?

PÓC:Mise a chuir guth leVailintín Brúnagus leAdoramus te Christe”. Toisc go bhfuil an fhilíocht sa shaothar sin ar áilleacht na cruinne raibh chomh deacair sin ceol a chumadh a oirfeadh dóibh. Is minic a bhím ag iarraidh ceol a chur leis an bhfilíocht. Uaireanta bíonn toradh ar mo chuid iarrachtaí! Maidir leVailintín Brún”, nuair a dhúisíos maidin áirithe bhí an port sin i mo cheann.

AÓF: Cén t-amhrán is fearr leat, a leithéid ann? céard iad na hamhráin is a thaitníonn leat?

PÓC:Is maith liom gach a bhfuil anseo. mbeadh orm roghnú eatarthu, bhuel! ... “Gleanntán Airglinn Aoibhinn”,“Róisín Dubh”, “Comhairle d’Fhearaibh Óga”, “Vailintín BrúnagusAn Binsín Luachra”.

AÓF: bhfuil an dlúthdhiosca ar fáil?

PÓC: Níl le déanamh ach teachtaireacht a chur go dtí anbealbinn@oceanfree.net. ar intinn againn é a dháileadh gan mhoill ar na siopaí ina ndíoltar ceirníní traidisiúnta.

AÓF: Go raibh míle maith agat, a Phádraig, agus tréaslaím do shaothar leat!

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.