CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Ambasadóir álainn ar son na nGael
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Is í Bernadette Nic Gabhann Rós Fodhla na bliana seo. Fidléir agus damhsóir den scoth í agus bean a bhfuil meas aici ar a cultúr dúchais féin. Ambasadóir álainn ar son na nGael í, dar le hAntaine Ó Faracháin, a chuaigh chun cainte léi le déanaí.

Íomhá
Íomhá

Antaine Ó Faracháin: A Bhernadette, tá coróin “Rós Fodhla” á caitheamh agat anois, agus comhghairdeachas leat, ach cén chaoi ar tharla sé gur chuir tú isteach ar an gcomórtas sin ar an gcéad dul síos?

Bernadette Nic Gabhann: Bhuel, tá an-bhaint agam féin agus ag mo mhuintir leis an teanga agus leis an gcultúr anseo i gCill Dhéagláin. Tá craobh an-láidir de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann anseo, chomh maith le Cumann Lúthchleas Gael, mar sin bhíodar ar fad ag tacú liom. Chuir Tadhg Riordan Motors, garáiste de chuid Toyota, an urraíocht ar fáil. Is féidir gluaisteán dátheangach a cheannach sa gharáiste sin!

AÓF: Céard go díreach a bhí le déanamh agat chun é a bhuachaint?

BNicG: Ní leagtar amach aon rud riachtanach, ach bítear ag súil go mbeadh na rósanna ar fad bainteach ar a mbealaí féin leis an teanga agus leis an gcultúr. I measc na gcailíní eile bhí scealaíocht, damhsa, filíocht agus amhránaíocht. Chas mise cúpla port i rith an lae sa chomórtas agus ag an dinnéar an oíche sin.

AÓF: Céard iad na dualgaisí atá ort anois?

BNicG: Ní hé go bhfuil aon dualgaisí orm nach mbeinn bainteach leo muna mbeinn i mo Rós. Tá mé ag súil go mór le bheith bainteach ar pé bealach a n-iarrtar orm le himeachtaí agus le cúrsaí cultúrtha timpeall na tíre. Bhíos ar “Ardán” ar TG4 cúpla seachtain ó shin, agus bhíos ag casadh ag Féile na Bealtaine sa Daingean chomh maith. Táim ag baint an-taitneamh as go dtí seo, agus sceitimíní orm faoin am atá romhainn.

AÓF: Inis dom faoin saghas ceoil a thaitníonn leat. An bhfuil aon fhidléir ar leith a chuaigh go mór i bhfeidhm ar do chuid ceoil féin?

BNicG: D’fhoghlaim mé mo chuid ceoil sa bhaile ó m’athair. Is fidléir é siúd a bhfuil a chlú féin bainte amach aige. Is dócha, mar sin, gurb é a cheol siúd is mó a chuaigh i bhfeidhm orm. Sin ráite, tá saibhreas iontach ceoil le cloisint i stíleanna an-chuid fidléirí ar nós Joe Ryan, Seán Maguire, PJ agus Martin Hayes. Bíonn tionchar acu ar fad ort ar bhealaí éagsúla. Sin an rud iontach faoin gceol: níl aon bhealach amháin le port a chasadh, mar sin bíonn tú i gcónaí ag foghlaim.

AÓF: Agus is damhsóir den scoth freisin thú ar ndóigh! Cén áit ar fhoghlaim tú sin?

BNicG: Cé nach ndéanaim an méid sin damhsa anois, chaith mé thart ar dhá bhliain déag le Scoil Rince Inis Ealga i mBaile Átha Cliath. Is rinceoir céime agus seite í mo mháthair. Is as Contae an Chláir a teaghlach uilig, mar sin ní raibh sé chomh mínádúrtha sin go mbeinn ag léimt trasna an urláir!

AÓF: An seinneann tú aon uirlis cheoil eile seachas an fhidil?

BNicG: D’fhoghlaim mé féin agus mo dheirfiúr an chláirseach nuair a bhíomar inár ndéagóirí. D’éirigh liom Grád 4 a bhaint amach, ach leis an fhírinne a rá, is í an fhidil mo chéad ghrá agus, mar sin, tar éis tamaill níor bhac mé mórán leis an gcleachtadh.

AÓF: Agus céard faoi na hamhráin? Cloisim go bhfuil i gceist agat “The Boys of Barr na Sráide” a fhoghlaim! An bhfuil mórán amhrán agat?

BNicG: Mmm! Ní dóigh liom go ndéanfadh sin aon mhaitheas don phlainéad! Tá an-ghrá agam dár gcultúr amhránaíochta agus táim breá sásta suí go ciúin agus éisteacht leis na hamhráin!

AÓF: Chaith tú tamall thar lear ag seinm agus ag damhsa, nár chaith? Inis dúinn faoi sin.

BNicG: Chaith mé thart ar cheithre bliana ar fad ag taisteal le m’fhidil. Chuaigh mé chuig na hOileáin Chanáracha le mo chara, Freda Nic Giolla Chatháin, áit a raibh an-spraoi againn ag casadh i dteach tábhairne Molly Malone. Tá cúpla scéal rúnda agam ón am sin! Chuaigh mé uaidh sin amach ar an mbóthar le Lord of the Dance. Chaith mé breis is bliain ag taisteal trí Mheiriceá Thuaidh, Ceanada agus an Áis ag casadh leis an seó mór rince sin. D’imigh mé ar aghaidh ansin le cúpla mí a chaitheamh le Scoil Rince Uí Shé sa seó a bhí acu i mBusch Gardens, Virginia. Ag deireadh na bliana seo caite ansin chaith mé cúpla mí i Nashville, Tennessee.

AÓF: An raibh sé deacair bheith ag taisteal an t-am ar fad? An raibh cumha baile ort?

BNicG: Airíonn tú uait do mhuintir, do chairde agus an gnáthrud i gcónaí, ach tá a fhios agat gur deis iontach é an rud atá ar siúl agat. Bíonn cairde agat ar an mbóthar mar sin bíonn craic agat leo siúd. Is aoibhinn liom bheith ag taisteal agus bhí an t-ádh liom gur thug mé cuairt ar an méid sin áiteanna suimiúla.

AÓF: Tá tú ar ais sa mbaile in Éirinn arís. An bhfuil tú chun fanacht sa tír seo anois?

BNicG: N’fheadar anois cén saghas rud a thitfeadh amach go fadtéarmach ach faoi láthair táim breá sásta bheith in Éirinn.

AÓF: Céard é an dlúthdhiosca deireanach a cheannaigh tú agus céard leis a bhfuil tú ag éisteacht faoi láthair?

BNicG: Éistim le ceol difriúil chuile lá, ó U2 go Usher, na Chieftains, Joe Ryan - braitheann sé ar an bhfonn atá orm. An dlúthdhiosca deireanach a cheannaigh mé ná ceann le The Duhks. Is banna ó Cheanada iad a mheascann ceol tíre, bluegrass agus ceol Éireannach.

AÓF: An bhfuil aon cheirnín déanta agat féin fós?

BNicG: Níl.

AÓF: An gcumann tú aon cheol tú féin?

BNicG: Ní chumann. Tá go leor fós le foghlaim! Ach b’fhéidir amach anseo go ndéanfainn sin.

Tá níos mó eolais le fáil faoi Bhernadette Nic Gabhann agus a cuid ceoil ag www.bernadettefiddle.com.

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.