CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Am cinniúnach don Ghaeilge

Ceapfar príomhfheidhmeannach nua ar Fhoras na Gaeilge go luath. Am cinniúnach é seo don eagraíocht agus don Ghaeilge agus beidh roinnt mhaith dúshlán roimh an té a cheapfar.

Tá an próiseas earcaíochta ar siúl an mhí seo le príomhfheidhmeannach a cheapadh ar Fhoras na Gaeilge, mar chomharba ar Mhícheál Ó Gruagáin. Is ceart a rá, i dtosach, go nguíonn foireann Beo! gach uile rath ar Mhicheál agus é ag bogadh i dtreo eile i saol na Gaeilge. D’oibrigh sé go dian dícheallach thar na blianta lena chúraimí i mBord na Gaeilge agus san Fhoras úrnua a chomhlíonadh go héifeachtach; is iomaí duine agus eagraíocht a spreag sé le tabhairt faoi fhiontair a chuir dlús le hobair na Gaeilge.

Tagann deireadh le gach ré, áfach, agus is cinnte gur ré nua í seo d’Fhoras na Gaeilge agus an eagraíocht ag dul i ngleic le forbairt na Gaeilge ar an oileán uilig.

Teastaíonn príomhfheidhmeannach anois a thabharfaidh spreagadh agus ceannasaíocht do na heagraíochtaí Gaeilge atá ag saothrú leo, cuid acu le fada an lá. Beidh sé mar dhúshlán ag an phríomhfheidhmeannach nua eagraíochtaí mar Chonradh na Gaeilge, Gael-Linn, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Comhaltas Uladh, An tOireachtas, Gaelscoileanna, Cumann na bhFiann, agus cinn eile nach iad, a spreagadh le dul i dtreo na pleanála stráitéisí, le cinntiú go mbeidh an deis ag gach réimse de shochaí na tíre a bheith i dteagmháil leis an Ghaeilge go rialta agus ag daoine í a úsáid gan stró.

Ceann de na dúshláin is mó atá roimh an Fhoras agus a bheas roimh an phríomhfheidhmeannach nuacheaptha ná déanamh cinnte nach n-éireoidh leis na hiarrachtaí atá á ndeanamh stádas na Gaeilge a ísliú sa chóras oideachais. Tá fadhb mhór ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus ag Cumann Múinteoirí Éireann (CMÉ) de bharr go bhfuil ganntanas múinteoirí oilte ann do na bunscoileanna. Nochtaíonn Ard-Rúnaí CMÉ an tuairim go rialta gur féidir an cheist a réiteach trí mhúinteoirí neamhcháilithe ó thíortha eile a úsáid agus neamhaird a thabhairt ar cháilíocht na Gaeilge.

Cé gur léir gur féidir an locht a chur ar dhrochphleanáil an cheardchumainn féin agus na Roinne Oideachais nach bhfuil go leor múinteoirí á n-oiliúint, tá seans ann gurb í an Ghaeilge a bheas thíos leis má éistítear le Joe O’Toole agus a leithéidí.

Beidh ar an Fhoras cinntiú fosta go n-éireoidh leis an Bhille Teanga, atá á ullmhú ag an Rialtas faoi láthair, agus go gcuirfidh na háisínteachtaí Stáit seirbhísí ar fáil do lucht na Gaeilge. Is dúshlán mór é seo, ós rud é nach mbeidh gach Rannóg Stáit iomlán dearfach faoi fhreastal ar riachtanais teanga an phobail.

Tá daoine cumasacha i saol na Gaeilge agus san earnáil ghnó, a bheadh ina gceapachán fiúntach mar phríomhfheidhmeannach ar an Fhoras; tá súil againn go ndéanfaidh siadsan a machnamh agus go seolfaidh siad a n-iarratas isteach. Ní bheidh sé éasca a theacht ar chomharba Uí Ghruagáin ach caithfear duine maith a cheapadh.

Gan amhras, seo ceann de na ceapacháin is tábhachtaí a bheas le déanamh i saol na Gaeilge go ceann i bhfad.

Beolitreacha@beo.ie

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.