CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Albam nua fhear Bhaile an Lochaigh seolta
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Bhí an t-amhránaí traidisiúnta Muiris (Mossie) Ó Scanláin tagtha ar ais arís ón Astráil go dtí a bhaile dúchais, Baile an Lochaigh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, le déanaí agus an dara dlúthdhiosca, Gan Teorainn, faoina ascaill aige. Labhair Antaine Ó Faracháin leis faoin albam nua seo agus faoina shaol mar amhránaí.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Mossie Ó Scanláin: Bhuel, theastaigh uaim na héisteoirí a thabhairt ar chuairt amhránaíochta na hAstráile agus na hÉireann: sin é an fáth gur roghnaigh mé “Téanam ort”. Agus, Gan Teorainn: is é atá i gceist agam ná nach bhfuil aon teorainn le teanga, amhráin ná cultúr na hÉireann pé áit sa domhan a sheoltar sin.

AÓF: Tá na blianta fada caite agat ar imirce san Astráil ach is iad na hamhráin a thóg tú leat anonn a chasann tú, den chuid is mó. Cén fáth sin?

MÓS: Bhuel, deir siad gurb é an chéad ghrá an grá is mó a luíonn ar an gcroí agus sin é mo scéalsa leis i dtaobh na hamhránaíochta de. Fágaimid mar sin é.

AÓF: Cá bhfuair tú na hamhráin atá agat agus cé hiad na daoine a raibh tionchar acu ar do chuid amhránaíochta?

MÓS: Na hamhráin Ghaoluinne a fuaireas óm mhuintir féin, ón dá thaobh, agus ó amhránaithe breátha eile a bhí ag maireachtaint mórthimpeall orm i gCorca Dhuibhne, Dia leo.

AÓF: Ar chas tú mórán i nGaeilge agus tú thar lear? Cén chaoi ar thaitin sin leis na héisteoirí a bhí agat?

MÓS: Is dócha gurb é tocht agus fonn an amhráin na rudaí tábhachtacha. Ach ná déan dearmad go bhfuil trian de mhuintir na hAstráile a bhfuil oidhreacht Éireannach acu agus iad bródúil as sin.

AÓF: Tá roinnt amhrán agat i mBéarla freisin. Cá bhfuair tú iad sin?

MÓS: Ón áit chéanna, a Antaine, agus is mó amhrán foghlamtha agam i mo chuid taistil leis na blianta. Luíonn amhráin na hAstráile go mór orm mar bhí muintir na hÉireann ceangailte le stair, ceol agus amhráin thraidisiúnta na hAstráile ariamh - agus tá fós. Tá sin soiléir.

AÓF: An raibh mórán de theagmháil agat le bundúchasaigh na hAstráile nó ar tháinig tú ar aon tuiscint faoina dtraidisiúin siúd ó thaobh na hamhránaíochta de?

MÓS: Táim an-cheangailte agus an-mhór leo, agus lena dtraidisiún, agus is minic a chanaimid inár dteanga féin dá chéile. Thriail muintir Sheáin Bhuí an dá chultúr a chur fé chois ach níor éirigh leo! Ag dul i neart atáimid!

AÓF: Céard iad na hamhráin a phioc tú suas le linn duit a bheith san Astráil?

MÓS: “Banks of the Condomine”, “Morton baby”, “Andy’s gone with cattle” agus mar sin de.

AÓF: Ar chum tú féin aon amhrán riamh?

MÓS: Ní dheineas, ach cúpla dán. B’fhéidir go gcuirfi ceol fós leo.

AÓF: Tá tú ar ais in Éirinn arís anois. An bhfuil i gceist agat fanacht i gCorca Dhuibhne nó an mbeidh tú ag filleadh ar an Astráil, an gceapann tú?

MÓS: Ag filleadh, gan dabht. Tá mo chlann ann, agus mo chairde ann, ach tá súil agam go mbead ag taisteal go rialta idir an dá thír.

AÓF: Céard iad na difríochtaí is mó a fheiceann tú in Éirinn anois ón am a d’imigh tú na blianta fada ó shin? An bhfuil muid níos fearr as anois nó an gceapann tú go bhfuil rudaí áirithe caillte againn?

MÓS: Ará, tá an domhan go léir athraithe, Éire chomh maith, agus cuid de na hathraigh sin olc. Féach na tubaistí go léir atá timpeall an domhain mar gheall ar ola, talamh agus airgead! A Mhuire, a mháthair, seinn port, abair amhrán, sil deoir, tabhair póg, réitigh do chás led’ chomharsain más féidir. Nílimid anseo ach seal beag gearr!

AÓF: Céard faoin gceol agus faoin amhránaíocht? An gcloiseann tú difríochtaí anois ann seachas mar a bhí sa seanam?

MÓS: An ceol céanna i gcroíthe na seandaoine agus is bródúil atáim as an gcleas óg atá á thabhairt leo. Ná bac leis an gceol eile sin.

AÓF: An ndéarfá féin gur chloígh tú féin leis an tseanstíl a bhí le cloisteáil agat sular imigh tú?

MÓS: Tá súil agam, mar ní bheadh uaim athrú a dhéanamh air.

AÓF: An bhfuil aon amhrán ar leith ann a thaitníonn go mór leat thar aon cheann eile?

MÓS: Táim an-mhór le “Róisín Dubh”.

AÓF: An bhfuil aon amhrán a chuireann ag caoineadh thú?

MÓS: An chuid is mó acu ar uaireanta agus nach breá an scéal é!

AÓF: Tá corrphíosa déanta agat don teilifís freisin ó tháinig tú abhaile. Inis dom beagán faoi sin.

MÓS: Sea, dheineas clár le TG4 i gCaisleán Bhun Raite. Bhí sé an-deas. “Abair Amhrán” an teideal a bhí air, is dóigh liom.

AÓF: Céard iad na tréithe is tábhachtaí duitse sa stíl amhránaíochta ar a dtugann daoine “sean-nós”? An bhfuil tréithe ar leith ag baint léi?

MÓS: A bheith ábalta an scéal a bhaineann leis an amhrán agus tocht an scéil a chur isteach i gcroíthe na n-éisteoirí mar a cuireadh im’ chroíse iad. Chomh fada is a dhéantar é sin, níl aon bhaol ar na hamhráin.

AÓF: Má tá éinne ag iarraidh d’albam nua, Gan Teorainn, a cheannach, cá bhfuil sé ar fáil?

MÓS: Beidh sé ag Cló Iar-Chonnachta agus Ceirníní Cladaigh nó tríd an bpost ó mo dheirfiúr dhílis Áine Ní Dhubhda, Baile an Lochaigh, Baile na nGall, Trá Lí, Contae Chiarraí.

Eolas breise: www.mossiescanlon.com; mossiescanlon@hotmail.com

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.