AR NA SAOLTA SEO
Al-Jazeera - bior sa bheo ag na Meiriceánaigh
Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill

Tá ról fíorthábhachtach ó thaobh bolscaireachta de ag an stáisiún teilifíse Arabach Al-Jazeera i gCogadh na hIaráice, mar a mhíníonn Uinsionn Mac Dubhghaill.

Íomhá
Seomra nuachta Al-Jazeera
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Tá mé ag súil le díospóireacht bhríomhar amach anseo, nuair a bheas na staraithe ag iarraidh a thuiscint cén chaoi ar chaill na Stáit Aontaithe an cogadh san Iaráic. “Ó aimsir na Rómhánach anall cailleadh cúig mhórarm impiriúil sa bhfásach sin,” a déarfas duine amháin acu, agus beidh an ceart aige. “Ba é an botún bunúsach a rinne na Meiriceánaigh ná gur chreid siad a gcuid bolscaireachta féin,” a déarfas duine eile.

Níorbh iad na Meiriceánaigh amháin a chreid a gcuid amaidí, ach tuairisceoirí na mórchainéal satailíte sa domhan iartharthach a thug léargas chomh claonta dúinn ar a raibh ag titim amach gur fágadh ar snámh gan chompás iad nuair nár imir muintir na hIaráice an cluiche a bhí leagtha amach dóibh.

Ag breathnú siar air, níor cheart go gcuirfeadh teip na Meiriceánach iontas ar éinne, go mór mór sa tír seo. Nár éirigh linne, dornán beag Éireannach, an ceann is fearr a fháil ar cheann de na tíortha impiriúla ba chumhachtaí ar domhan ag tús na haoise seo caite? Gan ach cúpla céad seanghunna agus armlón beag inár seilbh againn? Nár éirigh le muintir Vítneam barbarthacht Mheiriceá a chloí in ainneoin gur scriosadh an tír le hairm cheimiceacha agus gur maraíodh na céadta míle sibhialtach?

Thug mé féin suntas do thuairisc amháin a tháinig chugainn ó theorainn na hIordáine leis an Iaráic. Bhíothas ag tuar roimh an gcogadh go mbeadh na scórtha míle teifeach ag iarraidh éalú isteach san Iordáin ón Iaráic. B’fhéidir go dtarlóidh sin fós, ach go dtí seo tá an trácht ar fad ag gabháil sa treo contráilte. Is é sin le rá, tá na scórtha nó na céadta Moslamach ag iarraidh dul isteach san Iaráic ón Iordáin chun troid a chur ar na Meiriceánaigh. Má tá an tuairisc sin fíor - agus ba chóir bheith an-aireach faoi thuairisc ar bith ón gcogadh na laethanta seo - is comhartha sóirt marfach é don fhórsa beag Angla-Mheiriceánach atá sáinnithe ar an mbóthar go Baghdad.

Comhartha sóirt de chineál eile ab é an t-alt a scríobh Hani Shukrallah sa Guardian *ar an 27 Feabhra. Is eisean eagarthóir stiúrtha an nuachtáin *Al-Ahram, a fhoilsítear i gCairo. Faoin gceannteideal caithréimeach “We are all Iraqis now”, scríobh Shukrallah faoin athrú meoin a tharla san Éigipt nuair a thuig daoine nach cogadh cúig lá a bheadh ann, agus go raibh muintir na hIaráice ag troid go calma i gcoinne lucht an ionraidh. Rinne sé cur síos ar an iontas agus ar an áthas a bhí ar dhaoine nuair a chuala siad go rabhthas fós ag troid in Umm Quasr ar Lá a Sé, in ainneoin go ndúirt na Meiriceánaigh gur thit sé an chéad oíche. “Níl ann ach baile beag, an bhfuil a fhios agat?” a dúirt siad lena chéile. Is laoch ina súile é Ali Abed Minkash, seanfheirmeoir i ndeisceart na hIaráice, ar éirigh leis heileacaptar Meiriceánach den déanamh Apache a chloí (más fíor) le seanraidhfil a bhíodh in úsáid aige nuair a bhíodh seisean ag troid in aghaidh na Sasanach sna 1920í.

Al-Jazeera

Cén stáisiún satailíte a chasann comharsana Shukrallah ar siúl nuair a bhíonn siad ag iarraidh teacht ar na tuairiscí is déanaí ón gcogadh? An stáisiún Arabach, Al-Jazeera. Is é Al-Jazeera an fáth go gcreidim go gcaillfidh Meiriceá an cogadh seo. Gheobhaidh siad forlámhas ar an tír, cinnte. Gabhfaidh siad Baghdad, fiú, cé go dtógfaidh sé roinnt míonna an sprioc sin a bhaint amach agus beidh déistin ar a lán faoin líon sibhaltach a mharófar. Cuirfidh siad réimeas nua in áit sa bpríomhchathair. Ach ní bheidh a gcuid fadhbanna ach ina dtús.

Dhá bhliain déag ó shin, agus chéad chogadh na Murascaille faoi lán seoil, ní raibh ann ach CNN. Bhreathnaigh muide air agus bhreathnaigh na hArabaigh air. Bhreathnaigh saighdiúirí na hIaráice air, agus chreid siadsan an bholscaireacht a craoladh. An turas seo, áfach, tá a stáisiún bolscaireachta féin acu. Deir Al-Jazeera go bhfuil tuairisceoireacht mheáite ar bun acu, agus go mbíonn dhá thaobh an scéil á inseacht acu. Níl a fhios agam faoi sin. Níl mé in ann breithiúnas a thabhairt air, ó tharla nach bhfuil Arabais ar mo thoil agam, ach chuirfeadh sé an-iontas orm dá mbeadh. Mar sin féin, ní shamhlóinn go mbeadh sé aon phioc níos claonta ná Sky, ná CNN, ná Fox TV.

De ghnáth is thart ar an am céanna chuile thráthnóna a thagann na bréaga is déanaí amach. Comhtharlúint, nó díreach in am do na príomhfheasacháin nuachta ar chósta thoir na Stát Aontaithe? “Éirí amach” Bhasra. “Bás” Saddam. Na tancanna á scriosadh. “Titim” Umm Quasr, arís eile. Ach cuireadh na bréaga inár láthair ar bhealach chomh místuama sin an chéad seachtain gur thit an straitéis óna chéile, agus ó shin i leith tá na hIarácaigh ag déanamh go maith sa gcoimhlint bholscaireachta. A bhuíochas sin do Al-Jazeera, a chuireann pictiúirí eile ar fáil dúinn. Sibhialtaigh a maraíodh sa margadh. An seanfheirmeoir lena raidhfil taobh leis an Apache. Tancanna Meiriceánacha trí thine.

Is é an rud nár chuir lucht na pleanála in arm Mheiriceá san áireamh, agus a gcuid cluichí cogaíochta ar siúl acu roimh ré, ná an tionchar a bheadh ag Al-Jazeera ar mheon an phobail, ní hamháin san Iaráic féin, ach ar fud an domhain Mhoslamaigh. Ar an gcéad dul síos, chabhraigh sé go mór leis an *résistance *san Iaráic féin. Chonaic muid gur thosaigh an cogadh go maith do na forsaí Angla-Mheiriceánacha, ach diaidh ar ndiaidh táthar ag troid ar ais ar bhealach atá níos déine agus níos diongbháilte ná mar a bhí éinne ag súil leis. Sílim go bhfuil ceangal idir an t-aisfhreagra sin agus na tuairiscí atá ag Al-Jazeera - tuairisicí, dála an scéil, atá le feiceáil ag saighdiúirí na hIaráice féin.

Ar an dara dul síos, tá an saol mór Arabach ag breathnú ar na pictiúirí céanna. Nuair a bhí Cogadh na Saoirse ar siúl in Éirinn, ní raibh cairde chomh líonmhar, chomh saibhir ná chomh feargach againn is atá ag muintir na hIaráice i láthair na huaire. Sin an fáth go gcaillfidh na Meiriceánaigh. B’fhéidir go dtógfaidh sé deich mbliana, ach caillfidh siad. Beidh na hIarácaigh agus a gcairde sásta cur suas leis an íobairt fola. Ach ní ghlacfaidh muintir Mheiriceá léi.

*Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois, áit a bhfuil sé ag obair mar iriseoir físe le Nuacht TG4. Chaith sé seal freisin ag obair mar eagarthóir Gaeilge an *Irish Times.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.