AR NA SAOLTA SEO
Aithnítear Cara i gCruatan
Niamh Ní Shúilleabháin Niamh Ní Shúilleabháin Niamh Ní Shúilleabháin

Tuairiscítear go mbeidh ar charthanais seirbhísí a chur ar fionraí de dheasca titim mhór sna síntiúis. Chuaigh Niamh Ní Shúilleabháin ag iniúchadh dúshlán na hearnála deonaí muinín an phobail a chothú sna carthanais arís.

Íomhá
Deirdre Garvey, 'The Wheel' ar FcBk
Íomhá
Feathal The Wheel
Íomhá
Cara a chuideofas
Íomhá
Málaí de chuid Fundraising Ireland
(le Howard Lake ar Flickr)
Íomhá
Meirge Fundraising Ireland ar an Smutleabhar

Scaip an nuacht ar leathanach Facebook na heagraíochta. In áit ghnáthphictiúirí na coileáin óga i mbun oibre ag cabhrú le daoine faoi mhíchumas, bhí fógra duairc ann. Thug an carthanas Irish Dogs for the Disabled le fios go raibh orthu liostaí feithimh do mhadraí cuidithe a chur ar fionraí. Bhí titim 40% ar líon na síntiús ó bhailiúcháin sráide na heagraíochta i mbliana

Le sé mhí anuas, tá ceisteanna ann maidir le caiteachas, rialachas agus dar ndóigh tuarastal na n-oibrithe sna 8,500 carthanas atá cláraithe sa tír agus is cosúil go bhfuil tionchar na díospóireachta le feiceáil go soiléir anois. De réir an taighde is déanaí atá foilsithe ag Fundraising Ireland, bhí laghdú 11% ar líon na ndaoine a thug síntiúis sa chéad ráithe don bhliain. Níl aon amhras go bhfuil géarchéim ann don earnáil dheonach agus baineann sé leis an acmhainn is luachmhaire nach mbíonn ar díol áit ar bith.

An Trédhearcacht

Dar le Loretta Dignam, Príomhfheidhmeannach Gníomhach le Fundraising Ireland, “is ábhar buartha é titim na síntiús, tráth go bhfuil níos mó éilimh ar sheirbhísí ann. Ainneoin go raibh laghdú ar líon na síntiús áfach, bhí síntiúis níos flaithiúla faighte sa tréimhse sin.”

Don chuid is mó áfach, fíoraíonn siad an méid atá tugtha faoi ndeara ag eagraíochtaí neamhbhrabúis le tamall anuas. Léiríonn sé go raibh athrú dearcaidh maidir le hobair na n-eagras ag 62% den bpobal ó thit oilbhéim An Clinic Lárnach Íocshláinteach amach agus go raibh claonadh ag 55% den bpobal gan síntiúis a thabhairt de dheasca na conspóide.

Níl aon rogha againn ach tabhairt faoin obair chrua le muinín an phobail a chothú arís agus déanfar sin má bhíonn eagraíochtaí trédhearcach, freagrach agus thar aon ní eile, feidhmiúil san obair a bhíonn ar siúl acu”, a deir Loretta Dignam.

Athrú Saoil, Athrú Scéil

Amach anseo beidh ar charthanais aghaidh a thabhairt ar thuairisciú níos mionsonraithe maidir le bailiú airgid. Beidh gá le tuairisciú airgeadais níos fearr agus beidh rialachas corparáideach ríthábhachtach. Tá an cur chuige sin glactha ag roinnt acu cheana féin, a deir Deirdre Garvey, Príomhfheidhmeannach The Wheel, scátheagraíocht don earnáil dheonach in Éirinn. Tá cód rialachais glactha ag 500 eagraíocht agus tá go leor ar an ‘turas’ fada leis na spriocanna sin a chomhlíonadh..

Tá cód breise ann do bhailitheoirí airgid agus leis sin, molann The Wheel cleachtas eile atá i réim ag dreamanna sa Bhreatain, faoina mhíníonn gach eagraíocht go soiléir spriocanna, pleananna, costaisí agus an toradh a bhaineann lena gcuid oibre. Is é an t-aon locht atá leis na cóid ar fad, gur chóid dheonacha iad agus beidh sé de chúram ar gach eagraíocht féinmheasúnú a dhéanamh ar a gcuid gníomhaíochtaí.

Mar sin, is le háthas a glacadh le fógra an Aire Dlí agus Cirt go raibh Úna Ní Dhubhghaill molta mar Phríomhfheidhmeannach ar Údarás Rialála Carthanas na hÉireann atá le bunú i mbliana, cúig bliana ó achtaíodh reachtaíocht ar an gceist seo. Mar is iondúil, is é an cheist is mó atá ina chnámh spairne ná maoiniú an údaráis amach anseo.

Rialú de Dhíth

“Thuigeamar i gcónaí an tábhacht a bhain le rialtóir san earnáil seo agus bhí díomá orainn go léir nár cuireadh an bonn faoi go dtí go raibh géarchéim. Caithfear a chinntiú go bhfuil na hacmhainní cuí ag an rialtóir agus foireann de chúigear déag ar a laghad fostaithe leis, ní leor ceathrar nó cúigear fostaí”, a deir Deirdre Garvey.

“Tá na heagraíochtaí sásta táille a íoc leis an údarás gach aon bhliain, ach táimid ag lorg soiléiriú ón rialtas ar an infheistíocht bhreise a bheidh le déanamh”.

Cinnte, cabhróidh an t-údarás nua seo le dlisteanacht na hearnála a chaomhnú ach meastar go leanfar leis an bplé maidir le tuarastail. Sa Bhreatain tá an cheist chéanna idir chamáin agus tá rialtóir ann le scór bliain anuas.

Ag breathnú siar ar an méid a thit amach le sé mhí is cosúil go mbaineann ceisteanna idéalaíocha le fostaíocht san earnáil dheonach. De réir taighde Fundraising Ireland, creideann 35% dóibh siúd a ceistíodh nár cheart tuarastail iomaíoch a thabhairt d’fhostaithe. Is cosúil gur chreid cuid acu gur cheart go mbeadh croí na féile, nó aigne altrúíoch ag baint le fostaíocht san earnáil dheonach.

Deir Simon Scriver, Príomhfheidhmeannach ar Total Fundaising go gcaithfear a bheith réalaíoch faoi seo:

“Ní bheadh aon rialtóir in ann an dlí a chur ar eagraíochtaí maidir le tuarastail mar níl aon rialacháin ar an ábhar seo.”

Molann Deirdre Garvey do dhreamanna a bheith macánta faoi thuarastail gach aon duine atá tuilleamh níos mó ná €60,000 sa bhliain.

“Tá an t-am istigh don argóint a bhaineann le príobháideachas an duine sin an t-eolas sin a cheilt - is linn go léir airgead na gcarthanas mar tá siad ag fáil díolúine ó na coimisinéirí ioncaim.”

Is é an t-aon ní a chuirfeadh bac ar an iompar seo ná go leanfadh an pobal ag cur ceisteanna ar gach eagraíocht sula dtugtar síntiúis dóibh, a chreideann Simon Scriver. Ceist don chéad lá eile a mbeidh nuashonrú ó charthanas éigin ar Facebook is dócha.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.