THALL IS ABHUS
Áit Chiúin Chúilriascúil
Seán Greif Seán Greif Seán Greif

Thug Seán Greif aghaidh ar iargúil na hAmasóine le blaiseadh de shaol suaimhneach agus le héalú ón nead seangán a chruthaíonn an duine nach mór gach áit ar domhan.

Íomhá
An bád
Íomhá
An t-iascach áitiúil
Íomhá
Ag ligean mo scíthe
Íomhá
Éirí na gréine
Íomhá
Gasúr áitiúil
Íomhá
Muintir na hAmasóine

I lár na hAmasóine a bhí mé, ach ní raibh mé sásta go fóill. ‘Seard a bhí uaim ná áit iargúlta agus an dúlra timpeall orm, mar a shamlaínn an áit le linn m’óige. Ach, faraor, bhíos i gcathair chomh mór le Luimneach, áit lán den saol nua-aimseartha. Bhí trácht, torann, bialanna faiseanta agus lucht oibre ar a ngutháin shoghluaiste. Fiú agus mé in áit nach léirítear sa Lonely Planet agus atá sách deacair a bhaint amach, tháinig an saol nua-aoiseach romham.Taobh na habhann an t-aon leid amháin go rabhas san Amasóin. Feictear báid ag teacht lán de thorthaí aisteacha agus éisc le cuma arrachtach orthu. Bhí an réiteach le haimsiú san abhainn mar sin.

Ar iompú na boise, chaith mé léim ar bhus agus chas mé mo dhroim leis an saol éasca taobh thiar díom. Bhí tús curtha agam leis an bhfiontar. Sé uair an chloig ar an mbus, ar bhóthar uafásach nach bhfaca screamh tarra. Ní fada go raibh na tithe fágtha inár ndiaidh againn agus feirmeacha ollmhór thart ar chaon taobh. Thángamar ar ball ar áit a raibh na crainn á ngearradh acu, ach ina dhiaidh sin arís is é dufair dhorcha a bhí inár dtimpeall. Bhaineamar baile beag amach, atá cáiliúil mar áit shamanach ina óltar Ayhuasca, deoch a bheir brionglóidí spioradálta. Níl a fhios agam an fíor é ach dúradh liom go raibh teach ceannaithe ag Bono thart ar an áit le déanaí. Shochraigh mé ar an bpointe boise gan fanacht in áit a bhfuil teach ceannaithe ag mo chomharsa!

Bhí deireadh an bhotháir buailte liom agus bhí orm súil a chaitheamh ar an abhainn. D’fhan mé ansin thart ar cúig lá, gach maidin ag ceistiú daoine ag bruach na habhann go dtí gur bhain mé amach bád amháin ag dul mo threosa (áit a roghnaigh mé ar léarscáil le mo shúile dúnta). D’fhágamar thart ar mheán oíche i mbád beag adhmaid. Bhí mé féin agus thart ar sheisear eile ar bord chomh maith le foireann beirte a thiomáin an bád agus ar ndóigh, bhí earraí caite thart ar mhuin mharc a chéile. Earraí iad seo a bhí le díol sna sráidbhailte (nó ‘abhainnbhailte’ focal níos fearr b’fhéidir) amach romhainn. Dúisíodh an t-inneall le “tiug tiug” a bhí le cloisteáil gan sos ar feadh an bhealaigh sna laethanta amach romhainn. Lasadh na soilse beagaí bunúsacha agus bhogamar ar aghaidh, aon solas amháin ag taisteal go mall i ndomhan dorcha agus ar an domhain dhorcha.

Turas Draíochtúil

Théaltaigh soilse an tsráidbhaile ar ár gcúl taobh istigh de chúig nóiméad. Bhí m’ámóg in airde agam agus bhí gach duine eile ag dul a chodladh, ach le sceitimíní imní orm, shuigh mé chun tosaigh i ngraidhp an bháid ag breathnú ar an domhan draíochtúil amach romham. Réaltaí an t-aon rud os mo chóir. Ní raibh a leithéid feicthe agam riamh cheana. Gan solas dá laghad ar an talamh agus an ré dhorcha, bhí an spéir breac le brat réaltaí Bhealach na Bó Finne os cionn na gcrann, agus bhí an t-uisce dorcha fúm ag déanamh aithris chruinn ar an radharc álainn céanna. Bhíomar go léir inár ndúiseacht go luath ar maidin, agus mise ag cur fáilte mhór roimh theas na gréine tar éis oíche fhuar nach raibh aon súil agam leis. Dhúisíomar i ndomhan uaine. Ní raibh ann ach crainn agus an abhainn. Bhí bricfeasta ullmhaithe dúinn agus gan tada le déanamh don lá iomlán ach a bheith ag breathnú amach ar an Amasóin. Bhí deilfeanna bándearga ag léimt as an uisce. Bhí éin mhóra agus bheaga de gach cineál agus dath ag eitlilt agus ag screadaíl. Moncaithe ag béiceach sa choill. Anois agus arís feictear teachín beag, agus an teaghlach go léir taobh amuigh ag breathnú orainn. Chasamar ar iascairí minic go leor agus an crann snámha líonta le pioráiní acu.

Caith mé an lá ag ligean mo scíthe san ámóg, ag caint le paisinéirí eile agus faoi theas na gréine. Bhí an abhainn beag go leor, agus ní rabhamar i bhfad ón dá bhruach. Bhí mé ag breathnú ar an uisce donn agus le rithim codlatach an innill, bhí mé ag titim i néal - go dtí gur dhúisigh mé le troimpléasc mhór agus stadamar go tobann. Rinne mé iarracht a thuiscint céard a tharla, ach tá sé deacair nuair atá tú ag luascadh fiáin in ámóg agus cuimhnigh chomh maith go raibh thart ar sheisear againn ag luascadh inár n-ámóga, cosúil leis na liathróidí beaga a fheictear in oifigí, agus sinn ag bualadh in aghaidh a chéile. Bhuaileamar grágán mór a bhí idir dhá uisce, toisc go raibh an abhainn chomh beag agus dorcha sin. Cé gur rith íomhá den titanic liom ag an bpointe seo, bhí gach duine eile iontach neamhchúiseach. Ní raibh le déanamh ach aisiompú beag agus ar aghaidh linn. Thuig mé níos déanaí agus sé cinn de ghéaga buailte againn gur gnátheachtra a leithéíd ar an abhainn seo.

Tar éis dhá lá ní raibh aon uisce le hól againn ar an mbád (líonadh soitheach mór le huisce an tsráidbhaile sular sheolamar). Bhí muintir na háite ag ól díreach as an abhainn, ach b’fhearr liom an dinnireacht a sheachaint agus dhiúltaigh mé glacadh leis an gcóras nua. Mar sin, bhíos lán sásta tar éis ocht n-uaire nuair a chasamar lúb agus chonaic mé an sráidbhaile amach romham. Ag cuan is caladh - terra firma - arís agus le cuidiú ó chara le lucht an bháid, d’aimsigh mé seomra beag le radharc álainn ar an abhainn. Bhí tús curtha agam le m’fhiontar san Amasóin.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is as BAC an t-údar. Bhain sé céim sa tráchtáil agus sa Ghaeilge amach agus chuaigh ag obair ar mhór-ranna dheisceart an domhain. Tá sé ag cur lena chuid Spáinnise sa Phatagóin faoi láthair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.