AR NA SAOLTA SEO
Aisling Dhaor
Muiris Ó Meara Muiris Ó Meara

Coinnigh do lámh i do phóca’ an moladh atá ag Muiris Ó Meara duit an chéad Lá Vailintín eile, nó tá an iomarca measa, agus airgead dá réir, caite ar an ‘it’ a éiríonn amach as chuile chearn an tráth sin bliana.

Íomhá
An phóg, le Rodin
(Szilas a tharraing, ar Vicipéid)
Íomhá
Scrín Naomh Vailintín, Séipéal na gCairmilíteach, BÁC
(le blackfish ar Vicipéid)
Íomhá
Fiodhbhac Chupid ar an gcab uachtair
(le Pavithran ar Vicipéid)
Íomhá
Romeo & Juliet le F. Madox Brown
(Iarsmalann Ealaíne Delaware ar Vicipéid)

Say it with Roses!Thógas ceann den bhfógra áirithe seo nuair a chonac é i bhfuinneoig an bhláthadóra lá le Vailintín. Is dócha gur beag duine a déarfadh gur cuid suntais é an fógra ann féin agus thuigfeadh aon ghamal gur grá de shaghas éigin a bhí i gceist leis an ‘it’ sa bhfógra úd. Ach cén saghas grá go díreach? Phrioc an fógra neafaiseach mé, fágadh brosna marana agam agus ar deireadh, bheartaíos teachtaireacht an fhógra a scagadh níos mine. Cén ‘rud’ a chiallaíonn ‘it’ sa bhfógra seo, más ea?

Ba nós le filí na Gaeilge an grá a léiriú mar ghalar sna dánta grá. Go deimhin nuair a ghoin saighead na seirce an file, dealraíonn sé go mbíodh sé deacair air codladh na hoíche a fháil toisc go mbíodh sé breoite, in ísle brí, ag fulaingt agus deora gan stad ar siúl aige, fiú. Ní dóigh liom go n-aithneodh na filí úd comharthaí sóirt an ghrá chomhaimseartha, ámh, mar galar de shaghas eile ar fad is ea an grá seo, faraor. Nó lena chur ar bhealach eile ar fad, galar comhaimseartha is ea an tslí a ndeintear réadú ar an ngrá. Cad atá i gceist agam le réadú anseo? Próiseas is ea réadú a fhágann mothúchán teibí an ghrá feistithe i gcló coincréideach an earra d’fhonn is gur féidir le boic na dtodóg mór grá a dhíol mar earra nó mar ‘it’ ar mhargaí na cruinne.

B’fhéidir nár mhiste an coincheap seo, grá, a shoiléiriú ábhairín anois. Murab ionann is an t-earra nó an ‘it’ réamhluaite, mothúchán nó braistint theibí is ea grá. Ag an leibhéal is bunúsaí, is léir dúinn uile go bhfuil luach daonna— nó luach úsáide i mbéarlagar Marx —ag an ngrá toisc gur féidir leis sonas uathúil a chothú agus a bhuanú idir dhaoine. Creidim féin go n-uaislíonn an grá seo an cine daonna agus ní beag sin mar mholadh, ar ndóin.

Tualang Uilíoch

Aithnímid uile ‘luach’ an ghrá idirphearsanta seo gan mórán dua ach tá sé dodhéanta ‘luacháil’ chruinn neamhphearsanta a dhéanamh air, dar liom. Má deir beirt chara leat go bhfuilid i ngrá, abraimis, an féidir leatsa an grá s’acu a thomhasa luacháil go cruinn eolaíoch d’fhonn grá na beirte a chur i gcomórtas lena chéile? An bhfuil aon chóras sásúil ann a léireoidh go bhfuil tosaíocht ag an ngrá atá ag duine amháin acu ar an ngrá atá ag an duine eile? Níl. Ní féidir linn luacháil a dhéanamh ar an ngrá idirphearsanta seo agus is fearrde an grá an méid sin.

Tig le duine ar bith titim i ngrá, ag am ar bith, in áit ar bith ar chlár na cruinne. Mothúchán féinairmheánach a bhfuil tualang uilíoch aige is ea an grá sa chiall seo. Is maith a thuig dream an bhrabaigh an tualang luachmhar a bhí ag an ngrá seo don mhargadh domhanda. Thuigeadar go rímhaith, leis, nach bhféadfaí earraíocht ar bith a bhaint as an ngrá teibí seo. Cén fáth? Murab ionann is earraí coincréideacha eile, ní rabhthas in ann luacháil ar bith a dhéanamh ar an ngrá teibí don mhargadh. Cén réiteach a bhí ag an gcóras caipitleach ar an bhfadhb seo, más ea?

Braithim féin gur athraigh tionscal na fógraíochta an dearcadh coiteann a bhíodh suas i leith an ghrá go huile is go hiomlán sa chéad seo caite. Is é an toradh a bhí ar an athrú bunúsach seo nach bhféachtar ar an ngrá mar bhraistint nó mar mhothúchán i gcónaí ar na saolta seo, mothúchán idirphearsanta a raibh luach sainiúil aige, as féin, tráth. Sa lá atá inniu ann, gné aisteach is ea grá a bhaineann níos minice le réimsí na tuisceana is geilleagair seachas le réimsí na braistinte agus an mhothúcháin, faraor. Is mar earra coincréideach— ‘it’ —a deintear luacháil ar an ngrá go minic anois agus is iad fórsaí an mhargaidh a mhúnlaíonn luacháil an earra seo.

Cleas Gnó

Tá an tuiscint áirithe seo— grá = ‘it’ = earra —fabhraithe agus cothaithe le fada an lá anois in iarthar domhain ag tionscal na fógraíochta agus na margaíochta araon. Tá síol na tuisceana áirithe seo préamhaithe go doimhin agus faoi bhláth i measc an phobail anois sa tslí is gur féidir linn a rá go bhfuil lus na seirce tugtha chun cineáil go héiritheach ag rachmasóirí na cruinne.

Má cheannaíonn tú bláthanna lá ’le Vailintín an bhliain seo chugainn, b’fhéidir go samhlóidh tú is go gcreidfidh tú go bhfuil luach sainiúil ag an ‘it’ sin. Níl luach ar bith ag an ngrá sin, dar liom, agus ní mór dúinn a thuiscint gurbh iad boic mhóra na margaíochta agus na fógraíochta a dhein an luacháil ar an ngrá sin dúinn, dáiríre. Ní luach uathúil comhchoitianta é an grá a thuilleadh sa saol poiblí. Luacháil neamhphearsanta is ea é agus is i dtéarmaí luachála an mhargaidh a deintear an luacháil sin i gcónaí. Ní thig leis na bláthanna ach ‘rud’ amháin a rá, faraor. Abair ‘caraim thú’ – ‘tá mo chroí istigh ionat’ - an bhliain seo chugainn. N’fheadair éinne, b’fhéidir go bhfaighidh tú an craiceann is a luach!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.