AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Airgead, Infheisteoirí, Uafás
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Tá pobal SAM oibrithe go fraochta faoin gcaoi ar crochadh uathu go dleathach agus go coiriúil araon, an saibhreas a shaothraigh siad le blianta roimhe seo. Smachtú agus rialú géar a bheas i bhfeidhm feasta dar le Brian Ó Broin.

Íomhá
Meirge Goldman Sachs (ar Vicipéid)
Íomhá
1936 Florence Owens Thompson agus a gasúir le Dorothea Lange
Íomhá
Sráid Wall, 1929 (Vicipéid)

Is aoibhinn le gach éinne dráma, go háirithe nuair a bhíonn airgead i gceist. Fuaireamar an deis dráma den scoth a fheiceáil ar an teilifís le déanaí nuair a cuireadh iachall ar ghníomhairí Goldman Sachs, an príomhfheidhmeannach Lloyd Blankfein ina measc, labhairt go poiblí os comhair coiste Seanaid faoinar thit amach ina chomhlucht i dtaobh infheistíocht agus caimiléireacht i 2007 and 2008.

Ba é Lloyd Blankfein, príomhfheidhmeannach Goldman Sachs, réalta an lae, agus bhíothas ag ceapadh go dtarrthálfadh sé an comhlucht lena bhinnbhréithribh. I ndomhnach, is beag nár éirigh leis, ach cúpla lá dár gcionn ba léir nach raibh ann ach sop in áit na scuaibe. Ní amháin gur fhógair an Coimisiún um Urrúis agus Stocmhalartáin (SEC) go raibh siad ag cur tús le fiosrú críochnúil i dtaobh chleachtas an chomhluchta, ach d’fhógair an Roinn Dlí agus Cirt go raibh siad ag cur cás coiriúil ina leith freisin.

An rud is mó agus is suntasaí atáthar ag cur i leith an chomhluchta faoi láthair ná gur lean siad ar aghaidh ag díol stoic i dtithíocht, ainneoin go raibh siad féin ag infheistíú ina haghaidh. Is é sin, bhí a fhios acu go raibh an "bolgán" tithíochta ag pléascadh, ach lean siad ar aghaidh ag díol stoic sa mhargadh sin dá gcustaiméirí, agus iad ag fáil réidh lena n-infheistíochtaí féin sa réimse. Níos measa fós, is cosúil go raibh siad ag cur geallta in aghaidh mhargadh na tithíochta.

Ainmníodh duine amháin sa bhfiosrúchán cheana, amadán óg sa chomhlucht, darb ainm Fabrice Tourre, a chuir síos ar féin mar "The Fabulous Fab" agus a bhí chomh soineanta sin gur úsáid sé a chuntas ríomhphoist chun litreacha faoi na bhearta a sheoladh chuig a chairde. I gceann amháin, thagair sé do na margaí mar "táirgí Frankenstein" nach raibh fiúntas ar bith iontu. "Gabhdaíocht intleachtúil", nó "Cartadh intleachtúil", dar leis, a bhí i gcumadh na mbeart seo. Chomh dona céanna, fuarthas ríomhphoist eile idir feidhmeannaigh an chomhluchta a rinne cur síos ar na bearta mar "chac".

Ceapa Milleáin de Dhíth Anois

Más dráma tarraingteach a bhfuil ar siúl sa Seanad faoi láthair, ámh, níl amhras ar bith ach go bhfuil gach rud ag rith de réir na scripte. Maíonn na Daonlathaigh (páirtí an rialtais faoi láthair) nach bhfuil ann ach comhtharlú, ach, agus an ceistiú seo ar siúl os comhair coiste seanaid, tá díospóireacht ar siúl ar urlár an tseanaid faoi reachtaíocht nua a chuirfeas srian ar na comhluchtaí móra.

Níl bealach níos fearr chun an reachtaíocht nua seo a rith ná pobal Mheiriceá a ghríosadh le scéalta faoi chaimiléireacht na gcomhluchtaí móra. Agus an pobal fraochta, beidh sé éasca don rialtas dlíthe a rith in aghaidh na gcomhluchtaí. Sa chás seo, is é Goldman Sachs an sceilpín gabhair, agus is ar Fabrice bocht Tourre a ghearrfar an éiric.

Agus cé mar atá pobal Mheiriceá ag glacadh leis na scéalta uafara seo as Washington? Le fearg, ar ndóigh. Tá sé ag éirí tuirsiúil a bheith ag éisteacht leis na cláracha cainte raidió, ó nach bhfuil ach aon churfá amháin acu, idir láithreoirí agus éisteoirí: "Croch Iad! Croch na Feidhmeannaigh!"

Go polaitiúil, tá an eite dheis deighilte faoin gceist, díreach mar a thuaras le déanaí. Scríobh mé an mhí seo caite faoi na Tea Parties, gluaiseacht neamhfhoirmiúil frithchánach ollmhór atá fréamhaithe, don chuid is mó, san eite dheis, agus a thosaigh ag an am céanna inar thosaigh geilleagar na Stát Aontaithe ag titim as a chéile. Ós gluaiseacht ar an eite dheis í, is don pháirtí Poblachtach is mó a chaitheann lucht na gluaiseachta a vótaí, ach ag an am céanna, ba é an páirtí sin a bhí i gceannas nuair a thosaigh an ghéarchéim. Is iad cosmhuintir na heite deise mórchuid na mball, agus leosan is mó, mar sin, a mbeifí ag súil a bheith ag agóidíocht in aghaidh mí-úsáid airgid. Ach tá siad ag fanacht ciúin.

A Sá Saoirse Blaiste ag an Dream a Bhí Thíos Leis

Saoirse, nó a chosúlacht, is bun leis an bhfadhb. Dar le cuid mhaith den eite dheis, níor cheart srian ar bith a chur le gnó. Ba cheart ligean do chomhluchtaí gnó a dhéanamh gan an rialtas a bheith dá rialadh. Ach b’é an dearcadh sin a chuir tús leis an gcúlú airgeadais. D’éirigh roinnt comhluchtaí (Goldman Sachs ina measc) rómhór, agus níor cuireadh bac ar bith leo go dtí gur thosaigh siad ag titim as a chéile. Dá ligfí dóibh pléascadh, phléascfadh an domhan go léir leo. Mar sin, ní raibh rud ar bith eile le déanamh ach iad a tharrtháil le hairgead stáit - airgead an cháiníocóra.

Ach mar mhalairt ar an tsaoirse sin, caithfear dlíthe a rith a chuirfeas srian áirithe ar na comhluchtaí. Ach éinne a thugann tacaíocht do reachtaíocht nua i dtaobh Wall Street, cuirfear liobrálachas, agus dearcadh an "Rialtais Mhóir" ina leith.

Faoi scamall na hargóna seo, mar sin, agus pobal Mheiriceá réitithe go maith le scéalta caimiléireachta ar fud na meán, tá an Páirtí Daonlathach ag cur reachtaíochta nua os comhair na comhdhála i láthair na huaire atá níos láidre ná aon rud a ritheadh ó aimsir an Spealaidh Mhóir amach. Thabharfadh an bille cead don rialtas comhlucht ar bith a bheadh ina bhagairt do shláinte gheilleagair na tíre a dhúnadh sula n-éireodh sé rómhór (beagán mar atáthar á dhéanamh le Quinn Insurance in Éirinn). Chuirfeadh sé Áisínteacht Náisiúnta do Thomhaltóirí ar bun a dhéanfadh fiosrúcháin faoi chaimiléireacht i réimse na Tomhaltóireachta, go háirithe i margadh na tithíochta. Agus dhéanfaí i bhfad níos mó inúchadh ar mhargadh na gCistí Fálaithe, an réimse inár thosaigh an cúlú atá fós ar siúl.

Cuireann sé seo an Páirtí Poblachtach ar an trá thirim. Má aontaíonn siad leis an reachtaíocht, tá siad ag taobhú lena n-áibhirseoir, agus gheobhaidh siad scalladh óna mbaill. Má sheasann siad in aghaidh na reachtaíochta, beidh siad ag snámh in aghaidh easa, agus tuairimí an phobail go mór ar son srianta ar ghnó.

Thuig an Páirtí Daonlathach seo go rímhaith agus iad ag cur na reachtaíochta os comhair na comhdhála i ndeireadh mhí Aibreáin. Chuireadar moltaí sa reachtaíocht nach bhféadfadh Poblachtach aontú leo go deo, agus ní raibh an dara rogha ag na Poblachtaigh ach vótáil in aghaidh díospóireachta ar an mbille, rud a chuir olc ar phobal Mheiriceá, agus a thug le fios gurbh iad na Poblachtaigh páirtí na gcomhluchtaí móra agus na n-infheisteoirí. Faoi dheireadh, thug an Páirtí Daonlathach faoiseamh beag dóibh agus tharraing na moltaí ar ais, rud a d’fhág gur thosaigh an díospóireacht. Is beag seans a bhéas ag na Poblachtaigh mórán a athrú sa bhille amach anseo, agus táthar beagnach cinnte go mbeidh an reachtaíocht rite faoi dheireadh mhí Bealtaine.

Naisc: Bliain go leith ó shin http://www.youtube.com/watch?v=bKWv38lliOY&feature=relatedBlankfein: is féidir muinín a leigheas le ‘meaningful change’ in imeacht na mblianta amach romhainn agus lucht léirsithe isteach chuige: http://www.youtube.com/watch?v=lOPqA9Ln_VwScig físe thíos anseo http://www.fiercefinance.com/story/hilarious-youtube-spot-goldman-sachs/2009-08-28

Anuraidhhttp://www.youtube.com/watch?v=0zfQhstEPkcI mbliana http://www.youtube.com/watch?v=VpDjcuYVWxo

Agus an nasc is tábhachtaí duit http://www.youtube.com/watch?v=UlDNMB6wYmI

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.