AR NA SAOLTA SEO
Ainriail ag leathnú ar fud Bhéal Feirste
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Déanann Robert McMillen cur síos ar dhrochsheachtain eile sna Chontae.

Íomhá
An t-iriseoir Martin O'Hagan a dhúnmharaigh dílseoirí i mBéal Feirste hAoine, 28 Meán Fómhair.

an-deacair an colún seo a scríobh. De dheasca an spriocama atá ann don alt, bíonn i gcónaí géarchéim réidh le titim amach ar á réiteach agus i mbun pinn.

Inniu, scéala faighte agam gur maraíodh Martin O’Hagan, duine de na hiriseoirí is cáil ó thuaidh, scaoilte ag grúpa dílseoirí faoin teideal The Red Hand Defenders, bréagainm an LVF an UFF, atá ag obair as láimh a chéile ó maraíodh Billy Wright cúig bliana ó shin.

Críoch fhuilteach le seachtain ifreanda.

B’iontach an tseachtain í an tseachtain seo caite, Groundhog Day ach le suímh éagsúla - mí-úsáid phoiblí pháistí Scoil na Croise Naofa; fíochmhaireacht an fhoréigin i dtuaisceart Bhéal Feirste; buille eacnamaíochta don chomhlacht Shortts; moilleadóireacht an NIO stádas shos cogaidh na ndílseoirí agus, anois, dúnmharú iriseora a dhírigh solas geal ar an dlúthbhaint idir paramílitigh dílseacha agus drugaí.

Cúpla uair an chloig roimh lámhach Marty O’Hagan, tharraing Státrúnaí an Tuaiscirt, An Dr. John Reid, siar ó chinneadh a bhí déanta aige deimhniú go hoifigiúil go raibh sos cogaidh an UDA, agus a arm marfach an UFF, críochnaithe. (Sea, an John Reid a bhí ar an Late, Late Show ag inse scéalta grinn nuair a bhí na sceimhlitheoirí ag ullmhú le dul i mbun gnímh.)

Chuir Príomh-Chonstábla an RUC, Sir Ronnie Flanagan, in iúl don Státrúnaígur thuig an UDA an damáiste a bhí an foréigean á dhéanamh do dhaoine aonair, agus an damáiste a bhí á dhéanamh do phróiseas na síochána, agus gur chinn siad ar stop a chur leis an fhoréigean.”

Thug an Dr Reidseans amháin eile- an seans deireanach - don UDA. Seacht n-uaire an chloig níos moille, scaoil comhghuaillíocht idir an LVF agus an UFF iriseoir cróga.

an lámh in uachtar ag an bhullaí, is cosúil.

Lúbthacht mhorálta

titim as a chéile stádas shos cogaidh na ndílseoirí ag léiriú níos soiléire contrárthachtaí inmheánacha Chomhaontú Aoine an Chéasta. Bhí lúbthacht mhorálta i gcónaí ag baint leis an chomhaontú. Bhí saoradh luath na bpríosúnach - daoine a bhí ciontach as na dúnmharaithe ab uafásaí sa choimhlint ó thuaidh - ar cheann de na comhréitigh ba dheacra ag daoine glacadh leis.

Ach, bhí na páirtithe polaitíochta agus an rialtas mar a bheadh dochtúir ann - ag tabhairt cógaisí cáidheacha do na hothair, á a fhios againn go bhfuil go dona, ach déanfaidh maith duit.”

Anois, is cosúla le placebo cógas ceart é an leigheas polaitiúil a tugadh dúinn i 1998, agus an phian ag dul in olcas.

dheimhníonn John Reid go bhfuil an sos cogaidh thart, maíte ag urlabhraithe dílseacha go dtabharfaidh sin carte blanche do dhílseoirí a rogha rud a dhéanamh, mar níl aon bhuntáiste acu a bheith ar shos cogaidh, mar dhea. Muna ndeimhníonn go bhfuil an sos cogaidh thart, beidh an toradh céanna i gceist!

bhriseann an UFF (arm marfach an UDA) suas ina smidiríní - cealla beaga de cheathrar agus cead a gcinn acu agus ainm ar leith ar achan cheann acu - cad é a dhéanfaidh an rialtas?

Agus cad é a dhéanfaidh leis an IRA a bhfuil daoine maraithe acu ó d’fhógair siad sos lámhaigh i 1994?

bhíonn an UDA - dream ar bith eile -specifiedag an Aire Stáit, chiallaíonn sin go dtógfar achan bhall den ghrúpa agus go gcuirfear i bpríosún iad. bhíonn duine ar bith á scaoileadh saor go luath ciontach as coir éigin, agus an fhianaise ann ina éadan, tógfar é agus cuirfear i bpríosún é.

Is ar an RUC - ar an tseirbhís úr phóilineachta - a bheas an cúram baill an UVF, an UFF agus an IRA a chur i bpríosún. Agus leis an teannas a thiocfaidh as sin, cad é tharlóidh do mholtaí Patten?

A fhad is atá daoine ag iarraidh a theacht ar fhreagraí ar na ceisteanna seo, an ainriail ag leathnú ar fud Bhéal Feirste. Caithfear smacht a chur i bhfeidhm arís ach dócha gur féidir sin a dhéanamh leis an momentum atá imeachtaí uafásacha ag cruthú d’aonturas agus ainneoin mhian ghnáthmhuintir na Chontae.

polaiteoirí ag cur an mhilleáin ar an dream eile, mar a bhí Nero agus an Róimh ag . truamhéalach amach is amach.

Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.