AR NA SAOLTA SEO
Ainmhithe Ríoga agus an
Ken Ó Donnchú Ken Ó Donnchú Ken Ó Donnchú

Is eol do Ken Ó Donnchú thall sa Spáinn nach saol furasta a bhíonn ag atá iarriadh na meáin chumarsáide a shásamh agus eilifint a mharú.

Íomhá
Juan Carlos
(le Roinn Gnóthaí Eachtracha na hEastóine)
Íomhá
Nóta , a fheicfear arís b'fhéidir
(le Lu96 ar Vicipéid)
Íomhá
Lapadán i ndeisceart na hAfraice
(le Steve)
Íomhá
Rick Scott
(le Stát Florida ar Vicipéid)

Is í an mhuc rí-ainmhí na Spáinne, gan aon agó. In ainneoin dhaingniú na rialacha a bhaineann le beathú na muc le blianta beaga anuas (ag eascairt as treoracha an Aontais Eorpaigh), is nós le go leor Spáinneach lasmuigh de mhórcheantair uirbeacha na tíre banbh dhó a ramhrú i gcónaí. Thart ar naoi a bhíonn an t-ainmhí ar an saol nuair a mharaítear. chuirtear aon bhall ballaibh amú agus an buille maraithe buailte: beirítear na cluasa, mar shampla, leagtar i gcorcán le glasraí iad éis, agus dáiltear sin mar réamhghoblach, tapa. An inchinn féin déantar í a shailleadh agus caitear mar an gcéanna í. Is de réir an chor cainte cleachtadh seo na Spáinneach: “Del cerdo (se aprovechan) hasta los andares”, go dtí na crúibíní féin baintear úsáid as an muc. Sna jamonerías iomadúla crochtar cosa deiridh leasaithe na muc ón tsíleáil, agus baintear anuas iad lena ngearradh de réir mar a bhíonn glaoch orthu. Is gnách go mbaineann an radharc seo, lán síleála de chosa muice, siar as an nach bhfuil a leithéid feicthe aige cheana!

Ainmhí nach dtugtar a chuid i bhfaileanna i bhfearainn na tíre seo is ea an eilifint. Is féidir í a mharú ina dhiaidh sin féin, ach triail ar thíortha na hAfraice, cuir i gcás, spaga teann airgid a thabhairt leat, agus dul i mbun creiche. Is baolach nach gcaitear a cuid feola, mar is ann di, ina spóla mór. Thug na Spáinne, Juan Carlos I, cuairt ar dheisceart na hAfraice roinnt seachtainí ó shin, chun an ghnó sin. Níor éirigh leis an gcuairt, ar chúiseanna éagsúla. Údar amháin nár maraíodh aon eilifint (is é is dóichí). Cúis eile is ea gur spréach an tír, ar feadh tamaillín, mar gheall ar an turas céanna nuair a craobhscaoileadh sonraí an safari.

Míshásamh na Meán

Ba mhó an cuthach a bhí ar mheáin chumarsáide na Spáinne mar a bhí ar mhuintir na tíre, le fírinne. B’ait sin féin, mar is annamh na meáin chéanna ag tabhairt faoin . Ábhar maith scríofa is ea saol agus dualgais an teaghlaigh ríoga. Bíonn na nuachtáin breac le scéalta fúthu, go fiú an dornán nuachtán inmholta mar El País agus corrcheann eile. Tráchtar ar a gcuairteanna i gcéin, ar na haíonna a bhíonn ar cuairt acusan abhus, agus ar laetha cinniúnacha a . Ceiliúradh caoga bliain phósadh an agus a bhean, an bhanphrionsa, Sophia na Gréige, an ceann ba dhéanaí acu. Dírítear ar shuáilcí an de ghnáth, agus ar an dea-sheirbhís a thugann don tír.

Níor caitheadh go báúil leis an babhta seo, áfach, mar gur dheacair é a chosaint. Cad a thug go dtí an Afraic é, agus fonn seilge air, nuair atá duine as ceathrar lucht géillsine gan obair ar bith? Baineann costas mór le turas mar é, is nós le ríthe tarraingt as a n-acmhainní féin. Is é oighear an scéil nach mbeadh aon chaint ar an turas in aon chor murach gur thit an i mbun na seilge agus bhris a chromán. B’éigean dul faoi scin faoi dhó agus é thar n-ais ina ríocht. Feachtas daingean caolchúiseach bolscaireachta atá ar bun aige ó shin. I mbun a dhualgas arís atá , ag cur córa orthu siúd ar thóir aíochta, ar mhaithe leis an tír.

Na Trí is Géire: Fiacail Coileáin, Dealg Feochadáin agus Focal Amadáin

Aoi ar cuireadh fáilte roimhe sa Palacio de la Zarzuela an tseachtain seo a d’imigh tharainn ba ea gobharnóir Florida, Rick Scott. Ba thréan iad buíon Scott sa phríomhchathair, agus ba é a ngnó ann gnó, is é sin, cothú ceangal trádála idir an stát atá faoina chúram siúd agus an Spáinn. Agus tuairisc an chromáin ríoga curtha ag Scott, thug le fios go ndeachaigh féin ar mhuin eilifinte cúpla geábh, ach nár scaoil urchar fúithi riamh. Dhein an comhluadar uilig gáire. B’fhéidir gur le barr tuisceana, seachas fonn diabhlaíochta amháin, a chaith spalla beag neamhurchóideach leis an . Dála a liacht polaiteoirí Meiriceánacha eile is fear é Scott a bhfuil amhras a dhóthain ina thaobh, de bharr gníomhaíocht chomhlachtaí príobháideacha ar bhain leo. Ach sin scéal thairis.

Is maith an léiriú é, dar liom féin, an chaoi ar ghlac na Spáinnigh féin le scéala na titime, léiriú ar an dóigh a shiúlann a n-aigne. Dhein roinnt acu magadh faoi, mar ab fhurasta a dhéanamh: seanduine, raidhfil ina ghlac aige agus é ag dul ag fiach i mbrothall Bhotsuáine. Truisle. Goineadh. Deabhadh abhaile. Náire, agus an scéal ag leathadh ar fud na cruinne. D’aithin gur siocair náire é, mar gur ghabh a leithscéal go poiblí. shamhlaítear a leithéid le ríthe. Bhí an searmanas féin, gabháil an leithscéil, stiúrtha go mion (an chaolchúis thuas) ag a lucht bolscaireachta. Is iontach go deo an umhlaíocht a léiríonn ann. Is fiú féachaint air. B’fhéidir gurbh é briseadh na geise a bhí i ndán don agus aghaidh á tabhairt aige ar an mBotsuáin. Bhí seilg eilifintí déanta aige cheana féin, agus gan aon mháchail air ina dhiaidh. Bíodh mar atá, tuigeadh domsa gainne m’eolais ar iompar agus ar bhéascna ríoga tar éis ghabháil an leithscéil. Ba chuma le daoine a thuilleadh. Oidhreacht na ríthe an tseilg. Is nach bhfuil cathú air i ngeall air? Ba leor sin.

Is deimhneach gur tréimhse shuimiúil atá roimh an teaghlach ríoga. Láimhsigh siad arm tine cheana, is gan aon bhuntáiste acu mar gheall air. cliamhain an os comhair na cúirte le cúpla , agus líomhaintí curtha ina leith gur ghoid meall mór airgid ó charthanacht. Thagair an , más go cliathánach féin é, do chás Iñaki Urdangarin ina aitheasc Nollag, agus béim á leagan aige ar chothroime an dlí. Is ionann an uile dhuine os comhair an dlí, a dúirt . Feicfimid linn conas mar a bheidh.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Éireannach é Ken Ó Donnchú. ag obair sa Ghailís faoi láthair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.