AR NA SAOLTA SEO
Áilleacht i mbaol a scriosta
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Measann Tony Birtill go bhféadfaí níos mó a dhéanamh chun an comhshaol in iardheisceart Dhún na nGall a chosaint agus an éiceathurasóireacht a chur chun cinn.

Íomhá
Grianghraf a tógadh go luath san aois seo caite den tobar ag Díseart Aoidh Mhic Bhricne
Íomhá
An tobar scriosta
Íomhá
An scalltán a rugadh i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha i mbliana
Íomhá
An Vertigo Angustor: an-tearc

Is é Sliabh Liag, an cnoc is airde i bparóiste Ghleann Cholm Cille, an buaicphointe ar mo chúrsa siúl sléibhe in Oideas Gael. Éiríonn Sliabh Liag chóir a bheith 600 méadar ón Aigéan Atlantach agus tá an radharc óna bharr ar an radharc farraige is fearr in Éirinn.

Bíonn lón againn ag an bhallóg ar a dtugtar Díseart Aoidh Mhic Bhricne, atá ciliméadar amháin ón mhullach, díreach os cionn Loch Each. Mhair an naomh seo ag an am chéanna is a mhair Colm Cille (521-597). Luaitear a bhás sna hAnnála faoi na blianta 589 agus 595. Iaró de chuid Néill Naoighiallaigh ab ea é, tríd an mhac ba shine a bhí aigesean, Fiachach, agus bhí sé ina easpag tráth. Bhí eolas air mar phríomhlia agus cáil air as tinneas cinn a leigheas. (Déantar an bua seo a bhí aige a chomóradh i ndán Laidine a scríobh manach de chuid na hÉireann síos ag Reichenau ar Loch Constance timpeall na bliana 750.)

Ceiliúrtar a lá féile ar 28 Feabhra, agus suas go dtí 100 bliain ó shin bhíodh turas ar an lá sin thart roinnt stáisiún aithreachais ag an díseart, a bhfuil eaglais dhronlíneach agus clochán coirceogach in aice leis. Tá tobar beannaithe ann fosta, agus tugann muid cuairt air sula dtéann muid trasna Cosán an Aon Fhir leis an mhullach a bhaint amach.

Ach faraor, nuair a bhí muid ansin ag tús mhí Iúil bhí an tobar scriosta agus na clocha móra briste. Ní raibh muid ábalta an t-uisce a fheiceáil, fiú. Rinne mé iarracht cloch amháin a bhogadh, ach bhí sé róthrom dom. Ba léir gur ghlac níos mó ná duine amháin páirt san eachtra shacrailéideach seo, a tharla le gairid (ní raibh an tobar mar seo nuair a bhí muid thuas ansin ar an 12 Aibreán).

Bhí a fhios ag an Chomhairle Paróiste faoin damáiste nuair a d’inis mé an scéal dóibh. Bhí siad ag fanacht ar chomhairle ó sheandálaí sula ndeiseodh siad é. Tá a fhios againn an chuma a bhí air ó sheanghrianghraif.

Tá mé cinnte nach mbeidh rath ar bith ar na bligeaird a rinne an damáiste seo. Ach fuair mé dea-scéala sa paróiste an samhradh seo fosta, mar dúirt daoine éagsúla liom go raibh iolar mara feicthe acu ag eitilt thart timpeall.

Chuala mé an scéal ar dtús ó Chiarán Ó Gadhra, iascaire áitiúil. Bíonn seisean amuigh i mbád ar an fharraige, go moch ar maidin, faoi ailltreacha Chionn Ghlinne. “Éan ollmhór a raibh brollach bán air” an cur síos a thug sé dom. Bhí sé cinnte gur iolar a bhí ann, agus mar gheall ar an bhrollach bhán, caithfidh sé gur go iolar mara a bhí i gceist. Síleann sé go bhfuil nead aige ar an hailltreacha.

Na logainmneachaBhí am ann nuair a bhí iolair i nGleann Cholm Cille agus tá rian fágtha acu ar logainmneacha an cheantair. Tá screig a dtugtar Nead an Iolair uirthi ar Shliabh Liag agus tor farraige den ainm céanna i Málainn Mhóir. Dála daoine ar fud an domhain, mheas muintir na háite go raibh na hiolair ag déanamh slada ar a gcuid uan agus sheilg siad na héin mhaorga seo. Maraíodh an t-iolar dúchais deireanach sa cheantar i dtús na 1900í.

Tharla a rud céanna don iolar fíréan fosta, ach tugadh isteach arís go Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha as Albain iad sa bhliain 2001 agus rugadh scalltán ansin i mí na Bealtaine i mbliana. (cf. www.goldeneagle.ie.) Tugadh an t-iolar mara ar ais go Páirc Náisiúnta Chill Airne ón Iorua i mí an Mheithimh. Rinneadh an rud céanna in Albain i 1975 agus eitlíonn siad go hÉirinn anois is arís – chonacthas iad i mBaile an Chaistil, Contae Aontroma anuraidh, mar shampla.

An bhféadfadh sé gur eitil siad chomh fada siar le Gleann Cholm Cille? Más amhlaidh a bhí, thiocfadh leis a bheith ina rud iontach ó thaobh an chomhshaoil agus na turasóireachta sa cheantar, mar atá in Oileán Muile in Albain.

Chonacthas an t-iolar i dTeileann, sa pharóiste seo, agus i Srath Buí. Ar an drochuair, deirtear gur mharaigh sé uan i gceantar Mhín na Saileach. Tá súil agam nach mbeidh daoine á sheilg dá thairbhe seo.

De réir staitisticí ó Oileán Muile, beirtear thart ar 20,000 uan ansin gach bliain agus faigheann thart ar 2,600 acu bás roimh theacht i méadaíocht. Bhí lorg an iolair mhara ar 35 de na huain mharbha, ach meastar go raibh leath acu sin marbh sula ndeachaigh na hiolair in aice leo. Is é sin, 17 uan as 20,000.

Deir Iontaobhas an Iolair Fhíréin i nGleann Bheatha nach eol dóibh aon chás inar mharaigh iolar uan, cé go bhfuil 46 acu tógtha as Albain go Dún na nGall ó bhí 2001 ann. Tá polasaí i bhfeidhm sa Pháirc Náisiúnta sin cúiteamh a íoc le feirmeoirí má tharlaíonn a leithéid. B’fhiú an rud céanna a dhéanamh i nGleann Cholm Cille, ar mhaithe leis an turasóireacht, agus mar gur Limistéar Caomhantais Speisialta (LCS) é. Tá 381 LCS in Éirinn agus bunaíodh iad faoin Treoir maidir le Gnáthóga ón Aontas Eorpach, 1992.

Ar an drochuair, is cosúil gur stádas é seo in ainm amháin; ní dhéanann An Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil / Dúchas mórán leis an cheantar a chosaint; is beag maor páirce a bhíonn ag coinneáil súl ar an áit, cuir i gcás.

Seo sampla amháin den fhaillí: thángthas ar sheilide tearc, Vertigo Angustior, sna dumhcha i mBá Ghlinne sa bhliain 2000. Níl an seilide seo le fáil ach in áit amháin eile i nDún na nGall agus tá Vertigo Angustior luaite in Iarscríbhinn 2 Threoir an Aontais Eorpaigh.

D’ainneoin seo, thug mé faoi deara an mhí seo go bhfuil duine éigin ag tógáil tí ar imeall na ndumhcha. Gan amhras, cuirfidh sé seo isteach ar an seilide, gan trácht ar chuairteoirí ar an trá.

Nuair a labhair mé leis an Roinn faoi seo, dúirt urlabhraí liom go bhfuil critéir dhiana ann le haghaidh Limistéar Caomhantais Speisialta: “But these do not rule out development,” a dúirt sé. “The County Council rigorously assesses the development to see it will not jeopardise the SAC. If in doubt, they should refer the development to the Development Application Tracking Unit at the Department. The Department does not go out looking for things blind. They rely on the County Council to inform them.”

Rud aisteach, ach gan dochar, a chonaic mé an mhí seo ná bratach urnaí Thibéadach ar Mhullach Dubh, idir Gleann Cholm Cille agus Gleann Mhálainn. Bíonn bratacha mar seo le fáil i Sléibhte na Himiléithe de ghnáth, ar Everest (8848 méadar), cuir i gcás. Tá Mullach Dubh 219 méadar os cionn na farraige. B’fhéidir go bhfuil achainí bheag ag an duine a d’fhág ansin é!

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Bíonn sé ag obair le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille gach samhradh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.