CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Ag treisiú chomhchuspóirí na nGael is na nGael-Mheiriceánach

Roimhe seo, ní raibh an oiread sin teagmhála idir lucht ghluaisteacht na Gaeilge in Éirinn agus pobail na teanga thar lear. Ach tá gníomhaíochtaí anois ar siúl leis an scéal sin a chur ina cheart, comhdháil speisialta a bheas ar siúl i Nua-Eabhrac an mhí seo ina measc.

Íomhá
Beidh Glór na nGael ag eagrú comhdhála i Nua-Eabhrac i rith na míosa seo
Íomhá
Grianghraf d'Éamon De Valera a tógadh nuair a thug sé cuairt ar an bpobal Éireannach in Butte
Íomhá
Tá an Ghaeilge á múineadh in ollscoileanna mar Harvard anois
Íomhá
Lógó an eagrais Ghael-Mheiriceánaigh Daltaí na Gaeilge

Chuaigh cuid mhór Éireannach – muintir na Gaeltachta ach go háirithe – go Butte, Montana ag tús na haoise deireanaí. Bhí siad ag tochailt faoi thalamh ar lorg an chopair a bhí de dhíth ar arm na Stát Aontaithe i rith an Chéad Chogadh Domhanda. I dteach an tsagairt áitiúil, tá grianghraf le feiceáil d’Éireannaigh a bhí curtha fúthu ansin in éineacht le hÉamon De Valera. Tógadh é sa bhliain 1919 nuair a thug sé cuairt ar Butte. Bhí athar an tsagairt áitiúil ina mhúinteoir Gaeilge ar feadh na mblianta sa phobal sin.

Cumann Gaelach Cultúrtha Montana ag tabhairt thraidisiún láidir na Gaeilge ar aghaidh sa stát álainn iargúlta sin. Táthar anois ag múineadh na teanga in Ollscoil Montana i Missoula agus tá daoine á foghlaim agus á labhairt gan stró.

Labhraítí an Ghaeilge ar fud Mheiriceá Thuaidh i measc na bpobal Éireannach agus ba mhinic a théadh sagairt Éireannacha a raibh Gaeilge acu go háiteanna mar Scranton, Pennsylvania agus go leor cathracha eile. Ní gá ach leabhar iontach Danny Cassidy – How the Irish Invented Slang – a léamh le cruthúnas a fháil maidir leis an dóigh a ndeachaigh an Ghaeilge i bhfeidhm ar ghnáthchaint Mheiriceánaigh an lae inniu.Reabhlóid

dul chun cinn suntasach déanta le dornán blianta anuas ó thaobh theagasc na Gaeilge de agus tá ranganna á gcur ar fáil go forleathan. Ar bhealach, thiocfadh leat a rá gur réabhlóid chiúin na teanga is ea an méid atá ar siúl i Meiriceá Thuaidh. Agus réabhlóidí ar siúl, bíonn gá le ceannródaithe ar féidir leo deiseanna a thapú agus rudaí a chur i gcrích. Tá a leithéid de dhuine ina cónaí i Stát Nua-Eabhrac. Is as Ard Mhacha í Ethel Brogan agus is ise, gan agó, a chur tús leis an bhorradh atá tagtha faoi fhoghlaim na Gaeilge ar chósta thoir Mheiriceá. Tá páirt ghlactha ag na mílte duine i gcúrsaí agus in imeachtaí a reáchtálann an t-eagras Daltaí na Gaeilge (www.daltai.com ) ó chuir Ethel ar bun é sa bhliain 1983. Tá foireann bhríomhar agus spreagúil ag tacú léi na laethanta seo, atá chomh tiomanta céanna don Ghaeilge agus atá sí féin.

Tá an gort céanna á shaothrú, dar ndóigh, ag daoine eile le fada an lá – ní mór ainmneacha Shéamuis de Creag ó Toronto agus Alastair Uí Mhéaráin ó Detroit a lua ina measc. Tá daoine eile – John Gleeson i Milwaukee agus Sóisear agus Molaí Mac Cionnaith, cuir i gcás – i ndiaidh a bheith bainteach le gach aon ní a tharla ó thaobh chur chun cinn na teanga de i mbruachbhailte Nua-Eabhrac. Tá an Ghaeilge á daingniú ag a leithéidne i gcuid mhór cathracha i Meiriceá Thuaidh.

aitheantas tugtha, sa deireadh thiar thall, ag Rialtas na hÉireann don obair ar fad atá curtha i gcrích – agus don obair atá fós ar siúl – acu siúd a bhfuil baint acu leis an Ghaeilge i Meiriceá Thuaidh. Tá scéim tacaíochta curtha ar fáil ag an Rialtas a rachaidh chun sochair d’ollscoileanna thar sáile ar mian leo múinteoirí Gaeilge a fhostú. Cuirfear ar chumas na n-ollscoileanna tabhairt faoin obair seo go

proifisiúnta, a bhuíochas seo ar fad d’Éamon Ó Cuív a thuig tábhacht an mhéid atá á bhaint amach thar sáile.

SparánachtaíI measc na n-ollscoileanna a bhfuil an Ghaeilge á teagasc iontu, tá na hinstitiúidí clúiteacha Notre Dame, Harvard, Boston College, Ollscoil Wisconsin agus Berkeley. Cuirtear sparánachtaí ar fáil faoin Chlár Fulbright do mhic léinn Éireannacha ar mian leo seal a chaitheamh i mbun staidéir in ollscoil Mheiriceánach. Tá ráchairt ar chúrsaí deireadh seachtaine ar fud na tíre agus bhí cúpla ceann ar siúl le seachtainí beaga anuas in Dallas agus in Toronto.

Thiocfaí a rá nach mbíodh an oiread sin teagmhála idir na heagraíochtaí Gaeilge in Éirinn agus gluaiseacht na teanga sna Stáit Aontaithe, i gCeanada nó i dtíortha eile roimhe seo. Lena cheart a thabhairt do Chonradh na Gaeilge, chuir sé craobhacha ar bun in áiteanna mar Bhaile Phit, Milwaukee, Boston agus Nua-Eabhrac. Tá tuiscint níos fearr againn in Éirinn anois gur pobal domhanda é lucht labhartha na Gaeilge agus go bhfuil muid ag brath ar a chéile. Tá an Ghaeltacht faoi bhrú, gan amhras, agus tuigeann muid go bhfuil gá le gníomh lena chinntiú

nach dtiocfaidh a thuilleadh meatha uirthi. Tiocfaidh cuid den neart agus den instealladh inspioráide a bheidh ag teastáil sna blianta amach romhainn ó Ghaeilgeoirí a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Ghaeltacht agus ar fud an domhain.

Tá Glór na nGael (www.glornangael.com) ag glacadh ról ceannasaíoch sna cúrsaí seo. Beidh siad ag reáchtáil comhdhála, Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh, i Nua-Eabhrac i lár na míosa seo le lucht labhartha na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh a thabhairt le chéile agus le teagmháil níos láidre a chothú idir pobail na teanga ar an dá thaobh den Atlantach. Níos tábhachtaí fós, beidh lucht na comhdhála ag féachaint le féidearthachtaí comhoibrithe a aimsiú a chuirfidh ar ár gcumas ár misean coitianta a chur i gcrích.

Thig leat clárú le haghaidh na comhdhála, a bheas ar siúl san Óstán Affinia in Manhattan idir Dé hAoine 16 agus Dé Domhnaigh 18 Bealtaine, ag an seoladh ríomhphoist daragh@glornangael.com nó glaoigh ar Dharagh Ó Tuama ag (+00353) 46 943 0974.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.