AR NA SAOLTA SEO/MÓR-CHEIST NA MÍOSA
Ag taiscéaladh i Ros Maircnidh

Thaitin an chuairt a thug sí ar Ros Maircnigh ar chósta thoir na hAlban go mór le Liz Curtis.

Íomhá
Geataí Reilig Ros Maircnidh agus an fharraige le feiceáil sa chúlra
Íomhá
Iarsmlann Groam House
Íomhá
Dearadh Cruithneach ar leac mhór croise Ros Maircnidh
Íomhá
Dearadh de chuid George Bain

Is sráidbhaile gleoite é Ros Maircnidh, atá suite in aice le trá mhór fhada dheirceach ar Linne Mhoireibh ar chósta thoir na hAlban. Síneann an trá síos go Chanonry Point, áit iontach le bheith ag amharc ar dheilfeanna.

Díreach in aice le trá Ros Maircnidh, tá eaglais agus seanreilig thart uirthi. San áit seo, thart fán 8ú nó 9ú haois, bhí mainistir suite, ina ndearnadh dealbha cloiche den chéad scoth. An dealbh is fearr atá faighte go dtí seo ná leac croise atá thart fá thrí mhéadar ar airde, agus snoíodóireacht álainn chasta ar an dá thaobh di.

Baineann na híomhánna ar an leac croise seo le dhá thraidisiún chultúrtha. Tá comharthaí dothuigthe ann ó thraidisiún áitiúil na gCruithneach, agus tá gréasa ann a thagann ó thraidisiún an domhain Luath-Chríostaí, mar shampla lámhscríbhinní maisithe de na Soiscéil agus scrínte oirnéalta déanta as miotal, ar bhoscaí iad ina gcoinnítí leabhair naofa, cloig agus taisí.

Anois tá an leac croise seo ar taispeáint in iarsmalann bheag darb ainm Groam House Museum, atá in aice le hEaglais Ros Maircnidh. Thart ar an leac, tá ocht bpíosa dhéag eile dealbhóireachta a fuarthas taobh istigh den eaglais, nó in aice léi, chomh maith. Tá íomhá ar cheann acu d’fhear faoi ionsaí ag cúig ainmhí – is dócha gur scéal Dhainéil agus na leon atá i gceist. Bhí dúil ag dealbhóirí ón Ré Luath-Chríostaí sa scéal seo, agus tá roinnt mhaith samplaí de ar chrosa arda cloiche in Éirinn.

Is saineolaí í Dr Isabel Henderson ar dhealbhóireacht Ros Maircnidh. Tarraingíonn sí aird ar an méid cuas atá le feiceáil ar na dealbha. Tá cuais mar seo le feiceáil ar dhealbhóireacht chráifeach ar Oileán Í agus in áiteanna eile. B’fhéidir gur baineadh úsáid astu le maisiúcháin a chur ar na dealbha, mar shampla inleagadh déanta as gloine nó cloch, nó le taisí a choinneáil.

Mainistir thábhachtach

Níl tochailt ar bith déanta ag Ros Maircnidh go dtí seo. Ceann de na cúiseanna go bhfuil sé sin amhlaidh na go bhfuil an eaglais agus an reilig á n-úsáid go fóill. Ach is comhartha cinnte í an dhealbhóireacht go raibh mainistir thábhachtach anseo. B’fhéidir gur chlúdaigh an mhainistir an suíomh iomlán atá ag an sráidbhaile atá ann anois.

Deirtear gurb é Curadán, easpag agus naomh, a bhunaigh an chéad eaglais anseo. Bhí seisean i mbun oibre ag tús an 8ú haois. Deirtear chomh maith gur cuireadh Naomh Moluag anseo, ach níl daoine ar aon intinn faoi sin. B’as Éirinn é Moluag, agus tháinig sé go hAlbain sa 6ú haois. Bhunaigh sé mainistir ar oileán darb ainm Lios Mór i Linne Latharnach ar an chósta thiar. Ansin thaistil sé trasna na hAlban agus bhain sé clú agus cáil amach mar mhisinéir.

Ba shuíochán easpag Rois é Ros Maircnidh sa 12ú haois, ansin bhog an easpagóideacht sa 13ú haois go dtí an chéad sráidbhaile eile, Fortrose. Tógadh ardeaglais in Fortrose, agus tá na hiarsmaí le feiceáil go fóill.

Tagann píosaí dealbhóireachta chun solais anois is arís i Ros Maircnidh, go háirithe nuair a bhíonn uaigh á tochailt. Sa bhliain 1995, fuarthas píosa tábhachtach amháin i ngairdín choimeádaí na hiarsmalainne, Susan Seright. Ar sise: “Bhí teach an mhinistir ar shuíomh mo thí san 18ú haois, agus is dócha gur thug reiligirí rudaí suimiúla chuige.”

Athair na healaíne Ceiltí

Sárbhailiúchán eile atá ag Groam House Museum ná bailiúchán ealaíne a rinne George Bain, a dtugtar “athair na healaíne Ceiltí” air. Sa bhliain 2007 beidh ceiliúradh cultúrtha ar siúl ar fud Gharbhchríocha na hAlban agus, mar chuid den fhéile sin, cuirfidh Groam House Museum taispeántas speisialta ar siúl faoi George Bain. Beidh taispeántas taistil ann freisin, a rachaidh go hInbhir Theòrsa agus Inbhir Ùig agus áiteanna eile sna Garbhchríocha.

B’fhear an-díograiseach, dícheallach é George Bain. Rugadh i dtuaisceart na hAlban é, ansin bhog teaghlach s’aige go Dún Éideann, áit ar fhreastail sé ar choláiste ealaíne. Chaith sé an chuid is mó dá shaol ag déanamh staidéir ar theicníochtaí na n-ealaíontóirí sa seanam agus an dóigh ar cruthaíodh na gréasa casta matamaiticiúla.

Scríobh Bain lámhleabhar darbh ainm Celtic Art and the Methods of Construction, atá mar bhuntéacs ar an ábhar go fóill. Dhear sé cártaí, taipéisí, boinn agus plaiceanna, agus gréasa Ceilteacha orthu uilig. Phéinteáil sé a lán portráidí, tírphictiúr agus muirphictiúr.

An aisling a bhí ag George Bain ná Coláiste na gCultúr Ceilteach a bhunú sna Garbhchríocha, áit a rachadh daoine áitiúla le staidéar a dhéanamh ar an ealaín, an drámaíocht, an stair agus an talmhaíocht. Faraor, ní raibh sé ábalta go leor airgid a chruinniú leis an choláiste a bhunú. Chaith sé an chuid dheireanach dá shaol i Staffordshire Shasana, áit a bhfuair sé bás sa bhliain 1968.

Groam House Museum, Rosemarkie, Albain, IV10 8UF.

Guthán: 01381 620961

Oscailte 1 Bealtaine go 31 Deireadh Fómhair, Dé Luain – Dé Sathairn, 10 a.m. go 5 p.m.; Dé Domhnaigh, 2 p.m. go 4.30 p.m.; 1 Samhain go lár mhí na Nollag, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh, 2 p.m. go 4 p.m.; Seachtain na Cásca, 2 p.m. go 4.30 p.m.

Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.