CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Ag Reic Scéil Linn

Ceithre mhilliún €uro a dúradh linn, imithe, ar shiúl, bailithe leis, i dtiachóga mhuintir sin Oirthear na hEorpa as an státchiste abhus. Go fánach a chrochadh uainn é, deirtear linn, agus nach iontach cliste an dream abhus a d’aimsigh iad is a chuir stad leis na scabhaitéirí?

Sin an leagan scéil a mhothaím tráthnóna ag na meáin agus ní thugann sé soilbhreas ar bith dom éisteacht leis. Mar a scríobh blagadóir amháin inniu, bhí a fhios sin ag madaidh an bhaile, go raibh dream daoine, nach raibh i dteideal a dhéanamh, ag crúbáil an dól chucu féin go furasta. Ar cheart dúinn a bheith sásta i ngeall ar an eolas go léir a sheachadadh chugainn ar na meáin, na státseirbhísigh a d’fhógair oiread seo daoine a bheith i mbun na camastaíle sin, go bhfuil a fhios acu cé hiad, is tharla go bhfuil a fhios acu chuile shórt mar gheall orthu, uimhreacha, stáit in Oirthear na hEorpa srl., ba cheart dúinn a bheith sásta?

Níl. B’fhearr liom a chlos gur tugadh daoine os comhair cúirte is gur fritheadh ina n-éadan agus nach ndéanfaí aon scéal iontais ar na meáin de. Ar tugadh? Tá an dealramh ar an scéal go mb’fhéidir gur tugadh cúpla duine, is gur fógraíodh an leagan scéil seo ar na meáin leis an dream isteach ar ruaig dól a bhailiú a scanradh as a gcleachtas. Is é sin, is cosúil nach raibh an stát sásta luíochán seachtain nó coicíse a eagrú le cúpla céad de mhuintir na scabhaitéireachta a ghabháil is a thabhairt chun coiste. Mí-úsáid na meán atá ansin, go ndéanfaí iarracht an dream scabhaitéirí a scanradh le bladar nuachta tráthnóna, in áit an rud ceart a dhéanamh. Is é sin, fanacht go ciúin agus ligean dóibh a muineál a shá sa tsealán lena dtarraingt os comhair coiste cúirte.

Ach ansin, daoine gnaoiúla eile nár cheart a thabhairt os comhair cúirte, tugadh. Tuigeadh dom ar an mhír bheag nuachta ar TG4 oíche amháin cad é bhí tarlaithe. Tá an dearcadh contráilte laistigh den státseirbhís, is eagal liom. Cén fáth go ndéanfaí iarracht duine a rinne iarracht cuidiú go gnaoiúil le fadhb tráchtála a réiteach, an duine sin a tharraingt chun caingne? Is cosúil go síleann stát na hÉireann gur féidir satailt ar an Éireannach. Cé chomh tiubh is atá na daoine seo! Caithfear seasamh leis an cheart i gcónaí is an duine gnaoíúil a chosaint in áit a ionsaí le córas iomlán an stáit. Ní fios cén t-airgead a chailltear is a chaillfear ar an obair sin gan trácht ar dhaoine cneasta a ghortú.

D’fhonn pilleadh ar an téad eile thuas, len iad féin, an státseirbhís, a naomhú i súile an phobail, scaoiltear scéal leis na meáin faoi dhreamanna isteach sa tír ag tarraingt airgid an cháiníocóra le faofú rialacha an stáit. Tá sé blaisín beag ciníoch, braithim. Achan seans go bhfuil dhá oiread as an stát seo againn féin ag trasnú na teorann ó thuaidh (nó ag dul thar lear) go tráthrialta, le liúntas leanaí agus dól a tharraingt sa dá stát abhus, ó thuaidh agus ‘theas’, agus thar lear.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.