CÚINNE NA nEALAÍON/AG LÉAMH DOM
Ag Meabhrú: Mall agus Gasta
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Chuaigh leabhar de chuid Daniel Kahneman i bhfeidhm air chomh mór sin ar Chiarán Mac Aonghusa is go raibh air cromadh isteach ar an mhéarchlár agus scríobh faoi.

Íomhá
Daniel Kahneman, údar 'Thinking Fast and Slow'
(le Rialtas na Stát Aontaithe ar Vicipéid)
Íomhá
'Thinking Fast and Slow' le Daniel Kahneman foilsithe ag Farrar, Straus & Giroux
Íomhá
Camán agus sliotar ar Euro móide deich gcianóg, meas tú
Íomhá
Fear an déachais, Descartes
(le Frans Hals in Iarsmalann Louvre ar Vicipéid)

Bhí dúil mhór agam i gcónaí sa neamhfhicsean. Is cuimhin liom tráth gur mhol mé leabhar ar an tsíceolaíocht do chara liom. “Bhuel” a dúirt sé “má tá eolas ar nádúr an duine uait, clóigh leis an litríocht”. Agus b’fhíor dó. Ach anois is arís foilsítear leabhar neamhfhicseas in the human mind">n a bhfuil smaointí soiléire agus saibhreas intleachta ann, leabhar a chuireann iontais in iúl agus a théann i bhfeidhm go mór ar an léitheoir. Tá ‘Thinking Fast and Slow’ le Daniel Kahneman ar cheann acu seo.

Go bunúsach, tá dhá chóras in intinn an duine de réir Kahneman – córas 1 agus córas 2. Tá córas 1 gasta, iomasach, uathoibríoch, meafarach, agus comhluadrach. Tá córas 2 mall, beartaithe agus tá dua ag baint leis. Agus tú ag tiomáint ’sé an chéad chóras a dhíríonn do chos chuig an choscán nuair a fheiceann tú solas dearg. Agus ’sé an chéad chóras a aithníonn fearg i nguth duine. Ach ’sé an dara córas a thosaíonn ag oibriú nuair a chuirtear an cheist cé mhéad é 13 x 27? Is é an dara córas fosta a bhíonn ar obair nuair a bhíonn tú ag líonadh foirme.

Go minic is é córas 1 a chuireann tús leis an obair ach iarrann sé cuidiú ó chóras a dó nuair a bhíonn áireamh nó ceist chasta le réiteach. Ach tá córas a dó falsa, agus cionn is go bhfuil dua ag baint leis, tuirsíonn sé go gasta agus mar sin go minic glacann sé leis an chéad fhreagra (cineál tomhais) a thabharfadh córas a haon.

Níl Córas Saoi gan Locht

De réir Kahneman, is é an chéad chóras a dhéanann bunús na hoibre agus is minice a choinníonn ar siúl muid. Ach cionn is go bhfuil sé gasta in áit a bheith mall, agus go bhfuil sé garbh in áit a bheith cruinn, is minic a bhíonn sé lochtach. Tá córas a haon “maith go leor”, ba é a thug a fhad seo muid (ón ré a mbímis ag brath go hiomlán ar an instinn). Tá sé lochtach áfach agus is í an neamhfhoirfeacht seo a fhágann eagna chinn an duine chomh lochtach is atá sé.

Tá eagna chinn lochtach an duine ag croí-lár scéal Kahneman. Go dtí fiche bliain ó shin síleadh go raibh an duine fíor-réasúnach. Sin é an cineál duine a bhí sna samhlacha eacnamaíocha (agus a chuir amú go minic iad ina gcuid teoiricí). Léiríonn Kahneman tríd a chuid turgnamh féin agus na céadta eile a rinne taighdeoirí ar fud an domhain a lochtaí is atá réasúnaíocht, nó eagna, an duine. Agus is minic go mbainfeadh torthaí na dturgnamh seo suaitheadh asat.

Is breá liom an ceann simplí seo: Cosnaíonn camán agus sliotar €1.10. Cosnaíonn an camán €1 níos mó ná an sliotar. Cé mhéad atá ar an tsliotar?

Cuireadh an cheist seo ar na mílte mac léinn ag Harvard, MIT, agus Princeton, agus theip ar níos mó ná 50% an freagra ceart a thabhairt. (Thug siad an freagra 10 cent atá mícheart)

Cleas Poiblíochta nó Turgnamh?

Seo a leanas an turgnamh is conspóidí dá ndearnadh Kahneman. (Mar chuir go leor daoine ina leith nach bhfuil san cheist ach imeartas nó cleasaíocht). Dúradh leis na daoine a ghlac páirt sa turgnamh go raibh bean ann darbh ainm Linda, atá singil, ceannasach, agus cliste agus a d’oibrigh in aghaidh an idirdhealaithe agus ar son na gceart sóisialach nuair a bhí sí ina mac léinn. Ansin fiafraíodh díofa cé acu seo is dóichí:

a) Tá Linda ina hairgeadóir bainc
b) Tá Linda ina hairgeadóir bainc agus tá sí gníomhach sa ghluaiseacht feimineach.

Thug formhór mór na rannpháirteach b mar fhreagra, cé nach féidir gurb é sin an freagra ceart. (Tá gach airgeadóir feimineach ina hairgeadóir, agus laghdaíonn an dóchúlacht nuair a chuirtear coinníoll nó cáilíocht bhreise san áireamh).

Mar shampla deireanach, iarradh ar na céadta gníomhaire eastáit luach tí a bhí ar díol a mheas. Tugadh bileog dóibh le gach sonrú a bhí ag baint leis an teach. I measc na sonraithe bhí praghas measta, ach iarradh orthu an praghas ceart a mheas de réir an taithí a bhí acu féin ar an cheantar srl. I gcás leathchuid acu bhí an praghas measta ar an bhileog i bhfad ró-ard. Agus sa deireadh nuair a rinne siad go léir a meastachán féin, bhí praghas i bhfad níos airde ceaptha ag na daoine a raibh figiúr mór sa bhileog. Tugann Kahneman “tionchar an ancaire” air seo.

Muid Féin Araon

Cuireann Kahneman síos ar go leor leor turgnamh mar seo ina léiríonn sé a lochtaí is atá eagna an duine. Ar bhealach, nuair a chuirtear gach rud a deir sé san áireamh, is iontach nach dtiteann an saol óna chéile ar fad. Ach de réir Kahneman, má tá an chiall agus an eagna lochtach, tá siad “maith go leor”. Maíonn sé áfach gur fearr duit an córas 2 s’agat a chur ag obair nuair a bhíonn ceist thábhachtach le réiteach.

Ag deireadh an leabhar téann sé i ngleic le ceisteanna atá rud beag níos fealsúnta. Cad is “sonas” ann? Deir sé go bhfuil dhá “fhéin” ann, an féin a chuimhníonn agus an féin a mhaireann. Is é an féin a mhaireann atá i gceannas ag bomaite ar bith, ag maireachtáil leis agus ag baint suilt as an tsaol (nó á fhulaingt). Ach ’sé an féin cuimhnithe a thugann na cinnidh mhóra agus is minice atá i gceannas.

Fiafraíodh de dhaoine an rachaidís ar saoire iontach dá mbeadh orthu gach físeán agus gach pictiúir a scriosadh ag an deireadh, chomh maith le piolla a ghlacadh a ghlanfadh gach cuimhne de as a n-intinn. D’fhreagair formhór na ndaoine nárbh fhiú é. Léiríonn sé seo an teannas idir an dá fhéin, rud a mhothaím féin agus mé ar saoire nó ag baint suilt as ócáid ar leith – ar chóir dom an seal beag sona seo a chaitheamh ag féachaint fríd an cheamara, le go mbeidh “cuimhní” agam amach anseo, nó ar chóir dom an ceamara a chur síos agus an ócáid a shú isteach go hiomlán.

Tugann Kahneman léargas dúinn ar an dóigh a bhfuil modh oibre na mbreitheamh lochtach, agus an dóigh ar féidir feabhas a chur ar chóir phianmhar leighis, agus ar an dóigh nach bhfuil in obair na “dtiarnaí airgeadaisach feallaireacht agus cur i gcéill. Tá eagna, tuiscint agus soiléire i scéal Kahneman. Is fiú go mór é a léamh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.