AR NA SAOLTA SEO
Ag fágáil an pháirtí
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Bearna idir tuiscint agus dearcadh na gceannairí polaitiúla agus tuiscint agus dearcadh na ngnáthdhaoine - sin rud atá le feiceáil ar scála idirnáisiúnta sa atá inniu ann.

Íomhá

In olltoghchán na Breataine, mar shampla, bhí a lán cainte (uaimse an mhí seo caite, cuir i gcás) faoi fhuarchúis, ach an bhfuil an scéal chomh simplí sin?

Vótáil 59% san olltoghchán, an ráta is ísle ó 1918 (ach níos airde toghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe i na Samhna). Anseo i Learpholl, áit a bhfuil féin i mo chónaí, atá an toghcheantar leis an ráta vótála is ísle - Riverside, áit nár tháinig ach 34% amach agus ar thit móramh Pháirtí an Lucht Oibre 8,000 vóta.

Chuir an feisire i Riverside, Louise Ellman MP, cuid den locht ar an mhéid mac léinn atá ina gcónaí sa cheantar agus atá cláraithe le vótáil sa bhaile amháin. Ach dúirt fosta: “Caithfidh an páirtí ceangal a dhéanamh le háiteanna bochta. Is é an dóigh is fearr le dul chun cinn a dhéanamh níos saothair a chaitheamh in áiteanna mar seo, sa dóigh is go mothóidh daoine go bhfuil siad páirteach sna rudaí atá ag tarlú.”

Ach, nuair a amharcann ar an mhéid daoine atá gníomhach i Riverside, i ngrúpaí pobail, i gcumainn tionóntaí agus i bhfeachtais éagsúla, is léir nach bhfuil muintir na háite chomh fuarchúiseach agus a deirtear.

An feachtas in aghaidh bia GM, mar shampla. Allmhairíonn Cargills, comhlacht Meiriceánach, gráinne GM ó na Stáit Aontaithe tríd an mhuileann atá acu ag dugaí Learphoill agus bíonn léirsiú ansin go minic. Daoine idir 18 agus 25 is ea an chuid is de na léirseoirí, an t-aoisghrúpa is fuarchúisí ó thaobh vótála de, de réir na saineolaithe.

Fuarchúis, sin nuair a théann amach chun do vóta a chaitheamh uair amháin gach ceithre bliana agus dhéanann faic idir an linn,” a dúirt oibrí in Toxteth Community Centre liom. “Níor vótáil a lán daoine anseo ós rud é go bhfuil siad an-ghnóthach le cúrsaí áitiúla, gan mórán cuidithe ón rialtas i Westminster. Mothaíonn siad gur loic na polaiteoirí orthu,” a dúirt .

I lár na cathrach, cuid eile den toghcheantar, atá an siopa leabhar radacach News From Nowhere suite agus dúirt Mandy Sear, atá ag obair ansin, liom, “Tuigeann daoine, go mór mór daoine dubha, nach n-athraíonn mórán nuair a vótálann siad agus seo an áit i Learpholl a bhfuil an chuid is acu ina gcónaí.”

Taobh amuigh de na páirtithe polaitiúla a bhíonn an chuid is de na gníomhaithe ag obair na laethanta seo agus sin le feiceáil sa titim i mballraíocht Pháirtí an Lucht Oibre, síos ó 400,000 i 1997 go dtí 280,000 inniu. ( 300,000 ball ag na Coimeádaigh agus 100,000 ag na Liobrálaigh Dhaonlathacha.) Sin an fáth nach raibh mórán póstaer le feiceáil ar na sráideanna mórán daoine ag canbhasáil sa toghchán seo.

Smacht Blair

Phléigh an cheist le Steve Taylor, atá ina bhall de Pháirtí an Lucht Oibre le fiche bliain agus a bhí ina chathaoirleach ar an pháirtí i dtoghcheantar Hampstead and Highgate i Londain tráth. “ cheapann craobhacha mar seo polasaithe sa pháirtí. Déanannpolicy forums’ é seo anois agus siad faoi smacht Tony Blair. Mar sin, cuid mhaith de na baill éirithe as an pháirtí caitheann siad am ag obair ar rudaí praiticiúla eile ina gceantair féin,” a dúirt liom.

Agus le móramh 171 ag an rialtas (síos ó 179) cad é ar féidir a bheith ag súil leis? Gan amhras, beidh troid leis na ceardchumainn faoinPublic Finance Initiative- sin an earnáil phríobháideach ag glacadh smachta ar chuid den earnáil phoiblí, sampla eile den choimhlint idir an rialtas agus na gnáthdhaoine.

Bhí sásta a chloisteáil gur chaill George Howarth, Oifig Thuaisceart Éireann agus feisire anseo ar Merseyside, a phost mar aire. Is cuimhin liom i 1990 nuair a bhí feachtas ag Conradh na Gaeilge sa tír seo le cothrom na Féinne a fháil don Ghaeilge mar ábhar staidéir sna scoileanna. Scríobh litir chuig gach feisire áitiúil ag míniú an scéil agus ag iarraidh tacaíochta san fheachtas. Fuair freagra dearfach ó gach duine acu, ach amháin ó George Howarth. “Am amú,” a dúirt agus ba léir go raibh go hiomlán in aghaidh ár gcultúir dhúchais.

Bhí iontas orm i 1997 nuair a fuair amach go raibh ag obair in Oifig Thuaisceart Éireann, go dtí go bhfuair amach go raibh Adam Ingram, iarbhall den Ord Oráisteach, ag obair sa roinn chéanna leis, mar Aire Slándála! Bhain Ingram triail go pearsanta as an L21A1, an piléar nua plaisteach atá ag an arm/RUC agus dúirt go raibh níos beaichte. gur mhol Tuarascáil Patten fáil réidh le piléir phlaisteacha, agus go bhfuil an L21A1 níos contúirtí an seancheann, fuair an t-arm/RUC an L21A1 ar an chéad de mhí an Mheithimh i mbliana.

Chaill Ingram a phost fosta tar éis an toghcháin seo agus feisire eile ó Learpholl, Jane Kennedy, ina hAire Slándála anois. Níl a fhios agam cén sórt duine í féin, mar bhfuair freagra ar ais nuair a chuir scairt uirthi an tseachtain seo. An mbeidh níos báúla leis na náisiúnaithe an mbeidh cosúil leis an L21A1?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.