AR NA SAOLTA SEO/SEAL LE LIZ
Ag dul i mbun fhoghlaim na hIodáilise (Cuid 5)
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Déanann Liz Curtis cur síos an mhí seo ar dhá thuras a ndeachaigh sí orthu agus í ag freastal ar chúrsa teanga san Iodáil.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Villa Reale, Lucca
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Ag obair ag an "frantoio".
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Tugann feirmeoir cuid dá chuid ola do Fhranca.
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Gino Mattini ag Molino di Menicone
Grianghraf: Liz Curtis

](..\2005-01\lizseal.asp) Cuid 1 le fáil anseo ](..\2005-02\lizseal.asp) Cuid 2 le fáil anseo ](..\2005-03\lizseal.asp) Cuid 3 le fáil anseo ](..\2005-04\lizseal.asp) Cuid 4 le fáil anseo

Agus mé ag freastal ar Centro Koinè i Lucca, rinne muid dhá thuras an-taitneamhacha taobh amuigh den chathair, agus fuair muid roinnt eolais mar gheall ar an saol faoin tuath sa seanam agus sa atá inniu ann.

Tráthnóna tais amháin, tháinig grúpa beag againn le chéile ag Piazza San Francesco (dála an scéil, tá bialann *pizza *iontach maith ansin) agus thug muid aghaidh ar Parco della Villa Reale (ciallaíonn sé sin “gairdíní an vile ríoga”).

Bhí múinteoir iontach deas darbh ainm Romano i mbun an turais, agus chuaigh muid i gcarr beag s’aigesean. Le mo chois féin, bhí beirt fhoghlaimeoirí eile ann – Henny ón Ollainn, oibrí sóisialta a rinne cúpla siúlóid an-fhada san Afraic ar son na carthanachta, agus Chuck ó na Stáit Aontaithe, a oibríonn le staitisticí agus a chónaigh i bPeiriú agus é níb óige.

Mhínigh Romano dúinn go bhfuil cuid mhór vilí móra sna cnoic thart ar Lucca. Thóg baincéirí agus ceannaithe saibhre iad ón 15ú haois go dtí an 19ú haois. Chaith na daoine sin an samhradh ina vilí amuigh faoin tír agus an geimhreadh ina dtithe móra sa chathair. Bhí eastát talmhaíochta thart ar gach ceann de na tithe seo faoin tuath a tháirg ológa agus fíonchaora agus síoda (go minic fásadh crainn mhaoildeirge, na crainn ar a maireann seiriceáin).

Tá na vilí an-chosúil leis na tithe móra grástúla a thóg an t-uaslathas sa Bhreatain agus in Éirinn. Ach an rud a chuir iontas orm ná go bhfuil siad an-chóngarach dá chéile – tá na heastáit sa Bhreatain agus in Éirinn i bhfad níos mó agus níos faide óna chéile. Bhí próiseas difriúil i gceist. I Lucca, thóg an dream saibhir sna cathracha tithe faoin tuath, ach sa Bhreatain agus in Éirinn ghlac an t-uaslathas seilbh ar an talamh ar dtús de ghnáth, agus bhí an cíos a d’íoc lucht na tuaithe mar an chéad fhoinse airgid acu.

“Cumann na ndaoine saibhre a bhíodh ann anseo,” a dúirt Romano. “Anois, tá na vilí measartha saor le ceannach, mar go bhfuil cothabháil chostasach i gceist. Go minic ceannaíonn strainséirí iad. Ní chuireann sé sin isteach orainn, mar ar a laghad tá na tithe á gcaomhnú. Tá níos mó airgid ag na strainséirí ná mar atá ag againne.”

An stíl nuachlasaiceach

Tá bealach isteach go gairdíní Villa Reale tais, duilleogach. Tá dhá theach geata ann agus iad sa stíl nuachlasaiceach.

Téann muid trí gheata mór isteach sna gairdíní.

Tá an teach mór le feiceáil trasna faiche fairsinge agus cnoic ghorma taobh thiar de. Siúlann muid idir fálta iontach arda, agus trí choillte atá lán de phlandaí speisialta, mar an caiméilia, a mbíodh an-tóir air i Lucca. Feiceann muid sruth saorga, agus roinnt foirgneamh maisiúil, ina measc áit an-aisteach darb ainm an “nymphaeum”. Uaimh mhaisithe atá i gceist, fuarán ina lár, agus é á choinneáil suas ag dealbha nochta. Thart ar na ballaí tá níos mó dealbh, ina measc, daoine ag iompar uisce agus cinn ainspianta éisc.

“Sa seanam, chuireadh seirbhíseach an t-innealra ar siúl, agus stealladh uisce as achan oscailt,” a mhínigh Romano dúinn.

“Cad é an focal Iodáilise ar ‘dochreidte’?” a d’fhiafraigh mé de.

Stupefacente!” a d’fhreagair sé.

Tá an gairdín ollmhór lán spásanna crioslaithe a bhfuil radharcanna le feiceáil uathu nach mbeifeá ag súil leo. Tugtar an stíl Shasanach ar an saghas seo leagain amach, a tháinig chun cinn san ochtú haois déag in áit na stíle an-fhoirmiúil gheoiméadrach a bhí san fhaisean roimhe sin.

aibhinní ann, agus linnte ina bhfuil ealaí, agus potaí móra a bhíonn lán de phlandaí dathannacha sa samhradh. Is áit an-speisiúil í “an amharclann ghlas” – amharclann bheag atá déanta go hiomlán as féar agus fálta, an áit don cheolfhoireann san áireamh. Bhí baint ag an rímháistir veidhlín Paganini leis an amharclann seo. Deirtear go raibh caidreamh suirí aige leis an bhean ar léi an t-eastát ag an am, Elisa Bonaparte.

Ba dheirfiúr de chuid Napoleon Bonaparte í Elisa. Rinne Napoleon ionradh ar an Iodáil sa bhliain 1796, agus in 1805 cuireadh Elisa i gceannas ar Lucca. Fuair sí seilbh ar an teach mór seo, a dtugtar Villa Reale air anois. Rinne sí an teach a atógáil sa stíl nuachlasaiceach agus rinne sí na gairdíní a athdhearadh freisin. Ansin sa bhliain 1815 bhí ar Elisa imeacht ón Iodáil i ndiaidh do Napoleon cath Waterloo a chailleadh.

Turas eile

Turas iontach eile a rinne muid ná cuairt ar “frantoio”, a chiallaíonn fáisceán olóige, agus ansin ar sheanmhuileann ar iarsmalann bheag é anois.

Mí na Samhna a bhí ann agus is ag an am sin den bhliain a aibíonn na hológa. Má bhíonn garrán ológ agat, téann do theaghlach iomlán amach leis na torthaí a phiocadh, agus na cairde gaoil uilig freisin. Bíonn picnic mhór ann agus tar éis cúpla lá, nuair a bhíonn an ola déanta, faigheann na cuiditheoirí cuid di.

Caitear na hológa a fháisceadh taobh istigh de shé lá ón am a phioctar iad. Mar sin, oibríonn na fáisceáin lá agus oíche sa tréimhse sin.

Foirgneamh i lár sráidbhaile a bhí i gceist. Bhí feirmeoirí ansin, ag fanacht ar a gcuid ola. Tugann siad isteach a gcuid ológ agus meáitear iad. Ansin téann na hológa trí roinnt inneall a dhéanann an-torann.

Ar dtús, súitear amach na duilleoga. Ansin nitear na hológa faoi dhó. Basctar i dtobán mór iad, ansin fáisctear an taos idir plátaí móra cruinne. Ina dhiaidh sin, deighltear an t-uisce ón ola agus sa deireadh tagann an ola ghlas álainn amach as sconna. Baintear úsáid as achan rud - usáidtear an fuíoll cruánach mar fhodar d’ainmhithe agus mar bhreosla, mar shampla.

Bhí feirmeoir an-chineálta ann, a thug buidéal dá ola nua dúinn. Lean muid ar aghaidh linn go dtí ár gcéad cheann scríbe eile: an seanmhuileann. Ar an bhealach, stad ár múinteoir, Franca, ag siopa agus cheannaigh sí builín aráin úir.

Tugtar Molino di Menicone ar an mhuileann (www.molinomenicone.it). Tá sé suite i ngleann gleoite coillteach. Tá sruth ann a thiteann ar nós easa síos grinneall agus trasna áirse móire cloiche agus bogann seo roth mór an mhuilinn.

Tá fear deas cairdiúil i mbun an mhuilinn. Gino Mattini an t-ainm atá air, agus d’athchóirigh sé an muileann mar chaitheamh aimsire i ndiaidh dó éirí as a phost. Taispeánann sé na seaninnill dúinn. Is féidir leis trí shaghas plúir a dhéanamh: plúr castáin, min bhuí, agus plúr cruithneachta.

“Déanaim plúr mar thaispeántas do na scoileanna,” arsa Gino. “Agus déanaim plúr ag an Nollaig freisin.”

sorn sa bhalla agus tine ag dó ann. Sceanann Franca an t-arán agus cuireann sí ola as ár mbuidéal air. Ansin cuireann sí na píosaí sa tine agus deánann sí “bruschetta”, atá an-bhlasta ar fad. Tugann Gino gloine fíona dúinn agus tá cóisir bheag againn, a chuireann deireadh foirfe leis an lá.

Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.